bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 38
Ezekiel 38
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 37
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 39 →
1
Agus tháinic bríathar an TIGHEARNA chugamsa, ag rádh,
2
A mhic an duine, suighidh do ghnúis a naghaidh Ghog, tír Mhagog, áirdphrionnsa Mesech agus Túbal, agus tairrghir iona aghaidh,
3
Agus abair, Is marso a deir an Tighearna DIA, Féuch, atáimsi ad aghaidh, a Ghog, áirdphrionnsa Mhesech agus Túbal:
4
Agus fillfidh misi ar hais thú, agus cuirfe mé dubhán ann do ghíalluibh, agus do bhéara mé amach thú fein, agus do shlúagh uile, eich agus marcshlúagh, íad uile éidighthe maille ris a nuile ghné airm, cuideachta mhór fós ré buicléaruibh agus re scíathaibh, íad uile ag glacadh cloidhmhthe:
5
Persia, Etiópia, agus Líbia maille ríu; íad uile gun a sciathaibh agus a cinnbheirt:
6
Gomer, agus a nuile bhannadha; tigh Thogarmah do na háirdibh budh thuáigh, agus a bhannadha uile: agus mórán daóine maille riot.
7
Bídhsi réidh, agus gléus ar do shon féin, thú féin, agus do chuideachta uile do chruinnigh chugad, agus bí ad ghárda aca.
8
¶ A ndiáigh mhóráin láetheadh ionnsochthar thú: annsna bliadhnuibh déighneocha tiucfa tú don tír tugadh ar ais ón ccloidheamh, agus do cruinnigheadh as mórán daóine, a naghaidh sleibhte Israel, noch do bhí a ccomhnuidhe na bhfásach: acht tugadh amach as na cineadhachaibh é, agus áitreochuid síad uile go daingion.
9
Eíreocha tú súas agus bíaidh tú cosmhuil ré hanfa, biáidh tú cosmhuil ré néull dfolach na tíre, thusa, agus do bhannadha uile, agus mórán daóine maille riot.
10
Is marso a deir an Tighearna DIA; Tiucfuidh a ccrích mar an ccéadna, annsa namsin féin go ttiucfuid neithe ann hinntinn, agus go smuáineocha tú drochsmuáineadh:
11
Agus a déara tú, Racha mé súas go tír na mbailteadh gan bhalladha; racha mé gó nuige an mhuinntir atá na ccomhnuidhe, áitreabhas go socair, íad uile ag áitreabhadh gan bhalladha, agus gan bharradha nó geatadha aca,
12
Do dhéanamh éadála, agus do ghlacadh creiche; chum do láimhe diompógh ar na háitibh fásuigh atá anois ar na náitreabh, agus air na daóinibh do cruinnigheadh as na cineadhachaibh amach, noch fúair áirnéis agus maóin, noch áitreabhus a lár na tíre.
13
A déaruid Shéba, agus Dédan, agus ceannuighthe Tharsis, maille ré na nuile leomhanuibh óga riot, An ttáinic tú do ghlacadh éadála? nar chruinnigh tú do chuideachta do dhéanamh creiche? do bhreith óir agus airgid leachd, do bhreith áirnéise agus maóine, do ghlacadh éadala móire?
14
¶ Uimesin, a mhic an duine, tairrghir agus abair ré Gog, Is marso a deir an Tighearna DIA; Annsa ló sin an tan áitreobhuid mo phobal Israel go daingion, nach mbiáidh a fhios sin agadsa?
15
Agus tiucfa tú as háit féin as na háirdibh budh thuáigh, thú féin, agus mórán daóine leachd, íad uile ag marcuigheacht air eachaibh, cuideachta mhór, agus slúagh neartmhar:
16
Agus tiucfa tú a níos a naghaidh mo phobail Israel amhuil néull dfolach na talmhan: annsna láethibh deighniocha bhías sé, agus do bhéara misi thú a naghaidh mo dhúithche, chor go mbía a fhios ag na geintibh, an tan náomhtheachthar ionnadsa mé, a Ghog, as coinne a súl.
17
Is marso a deir an Tighearna DIA; An tusa an té air ar labhair mé san tseanaimsir tre mo sheirbhísibh fáighe Israel, noch do thairrghir annsna láethibhsin mórán blíadhan go ttiubhruinn thusa na naghaidh?
18
Agus tiucfuidh a gcrích annsa nam chéadna an tan thiucfas Gog a naghaidh thíre Israel, a deir an Tighearna DIA; go ttiucfa mo dhioghaltas súas ann méadan.
19
Oír is ann méud agus a tteine mfeirge do labhair mé, Go deimhin biáidh crioth mór a ttír Israel san ló sin;
20
Iondus go ccrithfid éisc na fairge, agus éunlaith neimhe, agus beathuighe an mhachaire, agus na huile neithe snáidheacha shnaidhios air an ttalamh, agus na huile dhaóine da bhfuil ar ghnúis na talmhan rem radharcsa, agus teilgfighear na sléibhte síos, agus tuitfid na háite árda, agus tuitfidh a nuile bhalla go talamh.
21
Agus goirfidh mé air chloidheamh na aghaidh air feadh mo shléibhte uile, a deir an Tighearna DIA: biáidh cloidheamh gach aóin a naghaidh a dhearbhrathar.
22
Agus taigeora mé na aghaidh maille re pláigh agus lé fuil; agus fearfa mé air, agus air a bhannadhuibh, agus air a niomad daóine atá aige, fearthuinn anfach, agus cloichshneachta móra, teine, agus ruibh.
23
Marso mórdhálfad mé féin, agus náomhtheochad mé féin; agus aitheontar mé a radharc mhóráin cineadhach, agus biáidh a fhios aca gur mé an TIGHEARNA.
← Chapter 37
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 39 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48