bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 20
Ezekiel 20
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 21 →
1
Agus tárla annsa seachtmhadh bliadhain annsa chúigeadh mí, an deachmhadh lá don mhí, go ttáinic drong airigh do shinnsioruibh Israel do cheastnughadh ris an TTIGHEARNA, agus do shuigheadar dom lathairsi.
2
Annsin tháinic bríathar an TIGHEARNA chugamsa, ag rádh,
3
A mhic an duine, labhair ré sinsioruibh Israel, agus abair ríu, Is marso a deir an Tighearna DIA; An ttangabhairsi dfíafruighe sgéul díomsa? Mar mhairim, a deir an Tighearna DIA, Ní cheistneochthar misi maille ribh.
4
¶ An ttaigeora tusa air a son, a mhic an duine? an mbéara tú breitheamhnus orra? tabhair orra gráineamhlacht a naithreadh daithniughadh:
5
Agus abair ríu, Is marso a deir an Tighearna DIA, Annsa ló ar thogh misi Israel, agus ar thóig mé mo lámh súas chum sleachta thighe Iácob, agus a ndéarna mé mé féin aitheanta dhoibh a ccrich na Hégipte, a nuáir do thóig mé mo lámh súas chuca, ag rádh, Is misi an TIGHEARNA bhur Ndía;
6
Annsa ló ar thóig mé súas mo lámh chuca, dá ttabhairt as crích na Hégipte go dúthaigh do bhraith mé dhóibh, ag tuiliughadh do bhainne agus do mhil, noch asé glóir na nuile fhearann:
7
Annsin a dubhairt mé ríu, Teilgidh uáibh gach áon aguibh adhfhúathmhaireachta a shúl, agus ná truáilligh sibh féin le hiodhaluibh na Hégipte: is Misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
8
Acht do chathuigheadarsan am aghaidh, agus níor éistiodar riom: níor theilg gach áon aca úadh gráineamhlachta a shúl, ní mó do thréigiodar iodhail na Hégipte: annsin a dubhairt misi, Dóirtfe mé a núas mo dhíbhfhearg orra, do choimhlionadh mfeirge na naghaidhsion a meadhon chríche na Hégipte.
9
Acht doibrigh misi ar son manma féin, iondus nach ttruailleochthaoi a lathair na ngeinteadh é, a measc a rabhadar, a radharc a ndéarnas mé féin aitheanta dhóibh, ghá ttabhairt amach as crích na Hégipte.
10
Uimesin thug mé orra dul amach as crích na Hégipte, agus thug mé don nfásach íad.
11
Agus thug mé mo reachta dhóibh, agus do thaisbéin mé mo bhreitheamhnuis dóibh, noch má ní duine, mairfidh sé ionta.
12
Tuilleamh oile fós thug mé mo shaóire dhóibh, do bheith mar chomhartha eadrum féin agus íad, go naitheonaidís gur misi an TIGHEARNA náomhus íad.
13
¶ Acht do chathuigh tigh Israel am aghaidhsi annsa bhfásach: níor shiubhluigheadar ann mo reachtuibh, agus do tharcuisnigheadar mo bhreitheamhnusa, noch dá ndéarnaidh duine, mairfidh sé ionta; agus do thruáilligheadar mo shabbóide go mór: annsin a dubhairt mé, Go ndóirtfinn amach mo dhioghaltas orra annsa bhfásach, da scrios.
14
Acht doibrigh mé ar son manma féin, chor nach ttruaillfidhe é a lathair na ngeinteadh, a radharc a ttug mé amach íad.
15
Acht fós do thóig mé súas mo lámh dhóibh annsa bhfásach, go nach ttugainn íad don tír thug mé dhóibh, ag tuiliughadh do bhainne agus do mhil, noch isé glóir na nuile fhearann;
16
Do bhrígh gur dhísbeagadar mo bhreitheamhnuis, agus nar shiubhluigheadar ann mo reachtaibh, acht gur thruáilleadar mo shaóire: óir do chuáidh a ccroidhthe a ndiáigh a niodhail.
17
Thairis sin do choigil mo shúil íad ó na scrios, ní mó do rinne mé críochnughadh dhóibh annsa bhfásach.
18
Achd a dubhairt mé re na ccloinn annsa bhfásach, Ná siubhluighidhsi a reachtaibh bhur naithreadh, agus ná cumhduighthi a mbreitheamhnuis, agus ná salchuidh sibh féin le na niodhaluibh:
19
Is misi an TIGHEARNA bhur Ndía; siubhluigh ann mo reachtaibh, agus coimhéaduigh mo bhreitheamhnuis, agus déanuidh íad;
20
Agus náomhuidh mo shabbóidigh; agus béid síad mar chomhartha eadrum agus sibh, chor go mbía a fhios agaibh gur misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
21
Thairis sin do chathuigheadar an chlann am aghaidh: níor shiubhluigheadar ann mo reachduibh, ní mo do choimhéadadar mo bhreitheamhnuis dá ndéanamh, noch dá ndéarna duine, mairfidh sé ionta; do thruáilleadar mo shaóire: annsin a dubhairt mé, Go ndóirtfinn amach mo dhioghaltas orra, do choimhlíonadh mfeirge na naghaidh annsa bhfásach.
22
Thairis sin do chonnaimh mé mo lamh, agus doibrigh mé ar son manma féin, iondus nach truaillfidhe é a radharc na ngeinteadh, a radharc a ttug mé amach íad.
23
Do thóig mé súas mo lámh chuca fós annsa bhfásach, chor go scaóilfinn ar fud na ngeinteadh íad, agus go ccráobhsgaóilinn íad thríd na tíortha;
24
Do bhrígh nach déarnadar mo bhreitheamhnuis, acht gur dhísbeagadar mo reachta, agus gur thruáilliodar mo shaóire, agus go rabhadar a súile a ndiaigh iodhal a naithreadh.
25
Uimesin thug mé dhóibh reachta nach raibh go maith, agus breitheamhnuis le nach mairfedís;
26
Agus do thruáilligh mé íad iona mbronntaibh féin, a náit a ttugadar fa deara ar gach a bhfosclann an bhrú dul thríd an tteine, iondus go ndéanuinn áonránach íad, chor go naitheonaidís gur misi an TIGHEARNA.
27
¶ Uimesin, a mhic an duine, labhair ré tigh Israel, agus abair ríu, Is marso a deir an Tighearna DIA; Thairis sin annsa ní so do mhasluigheadar bhur naithre mé, annsa náit ar chionntuigheadar am aghaidh.
28
An tan thug mé íad don tír, ar son ar thóig mé súas mo lámh dá thabhairt dóibh, annsin do chonncadar gach uile chnoc árd, agus na huile chranna tíugha, agus díodhbradar annsin a níodhbartha, agus annsin do thabhradar gréasachd a nofrala: annsin mar an gceadna thugadar a mboladh cúmhra, agus do dhóirteadar amach annsin a nofrála dighe.
29
Annsin a dubhairt mé ríu, Cred í a náit árd chum a ttéighthí? Agus goirthear Bamah dainm dhi gus a niugh.
30
¶ Uimesin abair ré tigh Israel, Is marso a deir an Tighearna DIA; An bhfuiltíse truáillighthe do réir ghnátha bhur naithreadh? agus a ndéantaói striopachus do réir a ngráineamhlachtasan?
31
Oír a nuáir thairgthi bhur mbronta, an tan do bhearthaoi air bhur ccloinn dul thríd án tteine, truáillidhe sibh féin ré bhur nuile iodhaluibh, gus an lá a niugh: agus an bhfíafrochthar misi libhsi, a thigh Israel? Mar mhairim, a deir an Tighearna DIA, Ní cheistneochthar misi maille ribh.
32
Agus an ní thiucfas ann bhur meanmuin ní bhiáidh mar sin ar éanchor, mar a dearthaóise, Bíamne mar na geintibh, amhuil muinnteara na ttíorthann dfoghnamh do chrannuibh agus do chlochuibh.
33
¶ Mar mhairim, a deir an Tighearna DIA, go deimhin is lé láimh láidír, agus lé ruigh sínte amach, agus lé feirg dóirte amach, riaghlochus mé ós bhur ccionn:
34
Agus do bhéara mé amach sibh o na daoinibh, agus cruincocha me sibh as na tíorthuibh mar a ccráobhscaóiltear sibh, lé láimh láidir, agus lé ruigh sínte amach, agus lé feirg dóirte amach.
35
Agus do bhéara mé sibh go fásach na ndaóine, agus taigeora mé ribh annsin aghuidh air aghuidh.
36
Amhuil mar do thagair mé ré bhur naithribh a bhfásach chrích na Hégiphte, marsin thaigeorus me ribhsi, a deir an Tighearna DIA.
37
Agus do bhéara mé oruibh siubhal fám shlait, agus do bhéarad sibh a ccuibhreach an chunnartha:
38
Agus scagfa mé amach as bhur measc na ceannairgthígh, agus an dream sháruighios am aghuidh: do bhéara mé amach as an ttír íad mar a mhéid ar cuáirt, agus ní rachfuid a steach a ttír Israel: agus aitheontaoi gur misi an TIGHEARNA.
39
Ar bhur sonsa, a thigh Israel, is marso a deir an Tighearna DIA, Imthighidh, foghnuidh gach uile dhuine agaibh dá iodhaluibh féin, agus na dhiáighsin mar án ccéadna, muna néistighe riomsa: acht ná truáillidhe mainm náomhtha ní as mó lé bhur mbrontuibh, agus le bhur niodhaluibh.
40
Oír ann mo shlíabh náomhtha, a slíabh áirde Israel, a deir an Tighearna DIA, is annsin fhoigheonuid tigh Israel uile dhamhsa, annsa tír: annsin ghéabhus mé chugam íad, agus annsin íarrfas mé bhur nofrálacha, agus primidil bhur níodhbarthadh, maille ré bhur nuile ní náomhtha.
41
Géabha mé chugam sibh maille re bhur mboladh cumhra, an tan bhéaras mé amach ón bpobal sibh, agus chruinneochus mé sibh as na tíorthaibh ionar díosgaóileadh sibh; agus náomhthochthar misi ionnuibh a bhfíaghnuise na ngeinteadh.
42
Agus aitheontaói gur misi an TIGHEARNA, an tan do bhearas mé go tír Israel sibh, don tír ar son ar thóig mé mo lámh súas dá thabhairt dá bhur naithribh.
43
Agus is annsin chuimhneochthaóisi bhur slighthe, agus bhur ngníomha uile ionar truáilleadh sibh; agus fúathochuidh sibh féin ann bhur radharc féin ar son bhur nuile olc dá ndéarnabhair.
44
Agus aitheontaói gur misi an TIGHEARNA, an tan oibreachus mé libh ar son manma féin, ní do réir bhur ndroichshlightheachsa, nó do réir bhur ngníomh truáillidhthe, a thigh Israel, a deir an Tighearna DIA.
45
¶ Tuilleamh oile tháinic focal an TIGHEARNA chugam, ag rádh,
46
A mhic an duine, suighidh haghaidh leath ris an deisceart, agus sil do bhríathar leath ris an deisceart, agus tairrghir a naghaidh fhoraoise an machaire budh dheas;
47
Agus abair ré foraóis an deisceirt, Eist bríathar an TIGHEARNA; Is marso a deir an Tighearna DIA; Féuch, lasfuidh mé teine ionnad, agus loiscfidh sí gach uile chrann glas ionnad, agus gach áon chrann críon: ní múchfuighear an teine lasardha, agus loisgfighear innte na huile aighthe on deisceart gus an ttuáisceart.
48
Agus do chifidh a nuile fheóil gur Misi an TIGHEARNA do las í: ní múchfuighear í.
49
Annsin a dubhairt misi, Ah a Thighearna DIA! a déuruid síad dom tháobhsa, A né nach neithe dorcha labhras sé?
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48