bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 30
Ezekiel 30
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 31 →
1
Thainic bríathar an TIGHEARNA chugam a rís, ag rádh,
2
A mhic an duine tairrghir agus abair, Is marso a deir an Tighearna DIA; Núalluighsi, A mhairg don lá!
3
Oír is fogus an lá, eadhon atá lá an TIGHEARNA a ccomhfhogus, lá néullach; budh í sin uáir na ngeinteadh.
4
Agus tiucfuidh an cloidheamh air a Négipt, agus biáidh pían mhór san Netíopia, an tan thuitfid na mairbh san Négipt, agus bhéaruid léo a hiomadamhlacht, agus bhristighear síos a bunáite.
5
Agus tuitfidh a Netíopia, agus Líbia, agus Lídia, agus an pobal cumaisce uile, agus Chub, agus daóine thíre an chunnartha, léosan leis an ccloidhiomh.
6
Is marso a deir an TIGHEARNA; Tuitfidh fos an drong chongmhus súas an Négipt; tiucfuidh úabhar a cumhacht a núas; tiutfid síad innte leis an ccloidheamh ó thor Siene, a deir an Tighearna DIA.
7
Agus béid síad áonránach a lár na ttíorthann atá uáigneach, agus biáidh a caithreacha a meadhon na ccaithreach atá ná bhfásach.
8
Agus aitheonuid gur misi an TIGHEARNA, an tan chuirfios mé téine san Négipt, agus a nuáir scriosfuighear a huile lucht cuidighthe.
9
Annsa ló sin rachaid teachta uáimsi amach a longaibh do chur eagla air na Hetiópibh, neimhchurumach, agus tiucfa pian mhór orra, amhail a ló na Hégipte: óir, féuch, atá sé ag teacht.
10
Is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhéara mé air iomadamhlachd na Hégipte cosg le láimh Nebuchadressar rígh na Babiloine.
11
E féin agus a dhaóine maille ris, béarthar an drong is úathbhásuighe do ná cineadhachaibh, do scrios na tíre: agus taireonguid a ccloidhmhthe a naghaidh na Hégipte, agus líonfuidh an talamh do mharbhuibh.
12
Agus do dhéana misi a naibhne tirm, agus reacfad an fearann a láimh na cciontach: agus do dhéana mé an tír na fásach, agus gach a bhfuil ann, lé láimh na ccoimhthigheach: misi an TIGHEARNA do labhair é.
13
Is marso a deir an Tighearna DIA; Scriosfa mé fós na hiodhail, agus do bhéara mé air a níomháighibh cosg amach as Noph; agus ní bhiáidh feasda prionnsa air thalamh na Hégipte: agus cuirfidh mé eagla a ccrích na Hégipte.
14
Agus do dhéana mé Patros uáigneach, agus cuirfe mé teine ann Soan, agus do bhéara mé breatha ann No.
15
Agus dóirtfidh mé mo dhioghaltas ar Sin, neart na Hégipte; agus géarrfa mé amach iomadamhlacht No.
16
Agus cuirfe mé teine san Negipt: do ghéabha Sin pían mór, agus sgaóilfíghear No ó chéile, agus biáidh donus air Noph go laétheamhuil.
17
Tuitfid daóine óga Abhen agus Phibeset leis an ccloidheamh: agus rachfuid na caithreachaso a mbraighdionas.
18
Dorchochthar fós an lá ann Tehaphnehes, an tan bhrisfios mé annsin cungalach na Hégipte: agus stadfas poimp a neirt innte: ar a sonsa, foileocha néull í, agus rachfuid a hingheana a mbraighdionas.
19
Marso do dhéana mé breitheamhnuis annsa Négipt: agus aitheonuid gur mé an TIGHEARNA.
20
¶ Agus tárla san náonmhadh blíadhain déag, annsa chéid mhí, annsa seachtmhadh lá don mhi, go ttáinic focal an TIGHEARNA chugam, ag rádh.
21
A mhic an duine, Do bhrís mé lámh Phárao rígh na Hégipte; agus, féuch, ní ceangoltar súas í dá leighios, do chur creasa uirre dá ceangal, dá déanamh láidir do chongmháil an chloidhimh.
22
Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA; Féuch, atáim a naghaidh Phárao rígh na Hégipte, agus brisfidh mé a ruightheach, noch do bhí laidir, agus do briseadh; agus do bhéara mé air an ccloidheamh tuitim as a láimh.
23
Agus scaóilfidh mé na Hégiptigh a measc na ccineadhach, agus cráobhscaóilfidh mé íad ar feadh na ttíorthann.
24
Agus neirtheocha mé lámha rígh na Babilóine, agus cuirfe mé mo chloidhiomh iona láimhsion: acht brisfidh mé ruightheach Phárao, agus do dhéanuidh sé osnadh da lathair lé hosnadhuibh marbhthuigh duine chneadhuigh.
25
Acht neirteocha mé ruightheach rígh na Babilóine, agus tuitfid lámha Phárao síos; agus aitheonuid gur misi an TIGHEARNA; an tan chuirfios mé mo chloidheamh a láimh rígh na Babilóine, agus sinfidh sé amach é ar chrích na Hégipte.
26
Agus díothsgaóilfidh mé na Hégiptigh a measc na ccineadhach, agus scabfa mé íad a measc na ttíorthann; agus aitheonuid gur mé an TIGHEARNA.
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 31 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48