bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 27
Ezekiel 27
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 28 →
1
Thainic bríathar an TIGHEARNA chugam a rís, ag rádh,
2
Annois, thusa a mhic an duine, tóig súas golgháir ar son Tírus;
3
Agus abair ré Tírus; Thusa atá suighidhthe á ndul a steach na fairge, noch atá ad cheannuighe an phobuil do mhórán oiléun, Is marso a deir an Tighearna DIA; A Thírus, a dubhairt tusa, Atáim ro sgíamhach.
4
Atáid himil a lár na fairge, do iomlánadar do shaóir do sgíamh.
5
Do rinneadar huile chlára do chrannuibh ginmhuis Senir: thugadar cedair ó Lebanon do dhéanamh crann seoil duit.
6
Do rinneadar do rámhadh do dhairibh Basán; do rinne cuideachta na Nasuríteach do tháobháin do imhóig, as oileanuibh Chittim.
7
Do budh línéadhach mín maille ré hobair bhróidnéireachda ó Négipt do leathnuigh tú amach do bheith na sheól agad; an ní dfoluigh tú ba gorm agus dearg é ó oiléanuibh Elisah.
8
Dob íad áitreabhthuigh Sidon agus Arbhad do mháirneuluigh: dob íad do dhaóine críonna, do bhí ionnad a Thírus, do loingseoiridhe.
9
Dob íad sinnsir Ghebal agus a daoine glioca do bhí ionnad lucht do neartuighthe: do bhádar loingios na fairge uile maille re na máirneulachaibh ionnad do dhéanamh do cheannuigheachda.
10
Dob íad muinntir na Persia agus Lud agus Phut ann do shlúagh, do lucht cogaidh: do chrochaidís an sgíath agus an chinnbheart ionnad; do chuiredís do bhreádhacht ós áird.
11
Do bhí fir Arbhad maille red shlúaghsa air do bhalladhuibh timchioll fa ccuáirt, agus do bhadar na Gammadimibh ann do thuir: agus do chrochaidís a scíath air do bhalladhuibh timchioll fa ccuáirt; do rinneadar do sciamh iomlán.
12
Do bí Tarsis do cheannuighe do bhrígh iomadamhlachd a nuile shórt saidhbhrios; maille re hairgiod, íarann, stán, agus luáidhe, do iomlataidís ann háonuighibh.
13
Dob íad do cheannuighthe lábhan, Tubal, agus Mesech: do reacaidís pearsanna daóine agus soighthighe práis air do mharguighibh.
14
Do mhalartaidís muinntir Thogarmah ann háonuighibh lé heachaibh agus lé marcshlúagh agus lé múillighibh.
15
Do bhádar fir Dédan na cceannuighibh agad; do bhí morán oilean na cceannuigheadh fád láimh: do bheirdís chugad mar bhronta adharca ibhori agus ebeni.
16
Do bí Síria do cheannuighe do bhrígh iomuid earradh dot dhéanamhsa: do ghnáthuighedís ann do mharguidhibh lé heméralduibh, purpair, agus obair bhróidnéireachda, agus línéadach breadha, agus croibheal, agus Agat.
17
Dob íad do cheannuighthe, Iúdah, agus tír Israel: do reacaidís air do mhargadh cruithneacht Mhinit, agus Pannag, agus mil, agus ola, agus íce.
18
Do bhí Damascus na ceannuighe agad a niomad na nearradh do nitheá, do bhrígh iomadamhlacht do nuile shaidhbhrios; a bhfíon Helbon, agus a noluinn bháin.
19
Do bhí Dan fós agus Iabhán ag teacht agus ag imtheacht gnothuigheach ann háonuighibh: do bhí íarrán loínnreach, cassia, agus calamus, ann do mhargadh.
20
Do bhí Dedan na cheannuighe agad fá éuduighibh mórluáighe chum carbad.
21
Do mhalartuigheadar Arábia, agus uile phrionnsuidhe Cedar leachd a núanuibh, agus a reithighibh: agus a ngabhruibh: ionnta so do bhádar do cheannuighthe.
22
Do bhádar ceannuighthe Sébah agus Ramah, na cceannuighibh agad: do mhargaladar ann háonuighibh maille ré togha na nuile spíosradh, agus maille ris a nuile chloich mhórluáich, agus ré hór.
23
Dob íad do cheannuighthesi Haran, agus Canneh, agus Eden, ceannuighe Sébah, Asur, agus Chilmad.
24
Dob íadso do cheannuighthe ann gach uile shórt, a néadach gorm, agus a nobair bhróidnéireachda, agus a ccófradhuibh cúladh costúsach, ar na cceangal lé corduibh, agus déanta do chedar a measc do cheannuigheachda.
25
Do chanadar longa Tharsis dot tháobhsa ann do mhargadh: agus do fóirlíonadh thú, agus do rinneadh ro ghlórmhar thú a meadhon na bhfairgeadh.
26
¶ Thugadar do rámhuighthe thú annsna huisgeadhuibh móra: do bhrisiodar gáotha a noirthir thú a lár na fairge.
27
Tuitfidh do shaidhbhrios, agus háonuighe, do cheannuigheacht, do mháirneuluigh, agus do loingseóiridhe, agus lucht do nertuighthe, agus lucht cleachta do cheannuigheachta, agus huile lucht cogaidh, atá ionnad, agus ann do chomhlúadar uile noch atá ann do lár, a meadhón na fairge a ló do scriosta.
28
Criothnochuid do bhailte amuígh lé fuáim chomharc do mháirnealach.
29
Agus tiocfuidh a nuile dhuine ghlacus na rámhadh, ná máirneuluigh, agus uile loingseóirighe na fairge, a núas as a longuibh, seasfuid síad air an ttalamh;
30
Agus cluinfighear a ngúth ad aghaidhsi, agus comhaircfid go géur, agus teilgfid súas luáithreadh air a cceanuibh, unfartuid íad féin annsa luáithreadh:
31
Agus do dhéanuid síad íad féin uile máol ar do shonsa, agus crioslochuid íad féin a saicéadach, agus guilfid ar do shon maille re doilghios croidhe agus lé núallghubha searbha.
32
Agus iona núallghubha toigfid golgháir súas ar do shonsa, agus caóidhfid ós do chionn, gha rádh, Cía bhí cosmhuil re Tírus, ar na sgrios marso a lár na fairge?
33
An tan do chúadar hearradha amach as na fairgidhibh, do líon tú mórán pobal; do shaidhbhriosuidh tú ríghthe na talmhan le hiomad do shaidhbhris agus do cheannuigheachda.
34
Annsa nam a mbía tú briste leis na fairgidhibh a ndoimhne na nuisgeadh tuitfidh do cheannuigheacht agus do chuideachta uile ann do lár.
35
Bíaidh uile áitreabhthacha na noiléun anbhuáineach iomadsa, agus biáidh a ríghthe ro eaglach, béid síad buáidheartha iona ngnúisibh.
36
Biáid na ceannuighthe a measc an phobail ag fonomhad fúd; biáidh tú ad uathbhás, agus ní bhiáidh tú ann choidhche ní sa mhó.
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 28 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48