bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 16
Ezekiel 16
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 17 →
1
Thainic focal an TIGHEARNA a rís chugamsa, ag rádh,
2
A mhic an duine, tabhair ar Ierusalem a gráineamhlachta daithniughadh,
3
Agus abair, Is marso a deir an Tighearna DIA re Hierusalem; Is do thír Chanaan do bhreith agus do dhúthchus; do budh Amoríteach hathair, agus Hitíteach do mhathair.
4
Agus ar son do dhúthchuis, annsa ló a rugadh thú níor gearradh himleacán, ní mó do nigheadh thú a nuisge dot mháothughadh; níor sailleadh thú ar aónchor, ní mó do ceangladh thú ar aónchor.
5
Ní dhéarna súil ar bioth truáighe dhuit, do dhéanamh aóinneithe dhíobhso dhuit, ag déanamh trócaire ort; acht do teilgeadh amach thú annsa mhachaire fhoscuilte, do ghráin ar hanum, annsa ló a rugadh thú.
6
¶ Agus an tan do ghabh misi láimh riot, agus do chonnairc mé salach thú ann thfuil féin, a dubhairt mé ríot, ann thfuil féin, Mair; fós, a dubhairt mé riot ann thfuil féin, Mair.
7
Thug mé ort fhoirlíonadh mar ghineamhuin an mhagha, agus do mhéaduigh tú agus dfás tú mór, agus tháinic tú chum culaidheach oirdhearca: do chumadh do chíche, agus dfás do ghruáig, a náit a raibh tú tárnocht agus lom.
8
Anois an tan do ghabh mé láimh riot, agus damhairc mé ort, féuch, do bé haimsir aimsir ghrádha; agus do leathnuigh mé mo sciorta thort, agus dfoluigh mé do thárnochtuigh: fós thug mé mionna dhuit, agus do chuáidh mé a cunnradh riot, a deir an Tighearna DIA, agus do budh liomsa thú.
9
Annsin do nigh mé thú le huisge; do nigh mé fós, thfuil úait go hiomlán, agus dungaidh mé lé hola thú.
10
Déaduigh mé thú fós le hobair bhróidneireachta, agus do chuir mé bróga do chroicionn bruic ort, agus do chriosluigh mé thú fa ccuáirt lé línéadach finealta, agus dfoluigh mé thú lé síoda.
11
Do sgíamhuigh mé thú mar an ccéadna lé cúladhuibh, agus do chuir mé bráisléid air do lámhuibh, agus slabhradh fád bhrághaid.
12
Agus do chuir mé séud oirdheirc air héadan, agus clúasfháinneadha ann do chlúasaibh, agus coróin bhréagha ar do cheann.
13
Marso do hóirneadh thú lé hór agus lé hairgiod; agus do bhí héadhach do líon mhín, agus do shíoda, agus dobair bhriódneireachda; a duáigh tú plúr mín, agus mil, agus olá: agus do bhí tú ro sgíamhach, agus ráinic tú bheith ad rioghacht.
14
Agus do chuáidh do chlú amach a measg na ngeinteadh air do sgéimh: óir do bhí sé iomlán tré mo sgéimhsi, noch do chuir mé ort, a deir an Tighearna DIA.
15
¶ Acht do dhóthchusaigh tú ann do sgéimh féin, agus do rinne tú meirdreachus do bhrígh do mhórchlú, agus do dhóirt tú amach do dhrúis ar gach áon dar ghabh red thaoibh; do budh leis sin é.
16
Agus do ghlac tú dot chúladhuibh, agus do chóirigh tú háite árda lé dathaibh éagsamhla, agus do rinne tú meirdreachus air: ní thiucfa a leitheidsin do neithibh, ní mó bhías marsin.
17
Do ghlac tú fós do sheóid bhreágha dom órsa agus dom airgiod, noch thug mé dhuit, agus do rinne tú dhuit íomháighe daóine, agus do rinne tú stríopachus ríu,
18
Agus do ghlac tú héadach bróidnéireachda, agus dfoluigh tú íad: agus do shuighidh tú mo olasa agus mo thúis ós a ccionne.
19
Mo bhíadh mar an ccéadna thug mé dhuit, plúr mín, agus ola, agus mil, leir bheathaigh mé thú, do shuighidh tusa iona bhfíadhnuisi é mar bholadh cumhra: agus is marso do bhí, a deir an Tighearna DIA.
20
Tuilleamh fós, do ghlac tú do mhic agus hingheana, rug tú dhamhsa, agus díodhbair tú íadso dhóibh dá slugadh. An cuis bheag so dot stríopachasuibh,
21
Gur mharbh tú mo chlann, agus gur sheachuid tú íad do ghabháil thríd an tteine ar a sonsan?
22
Agus níor chuimhnigh tú láethe hóige ann do uile ghráineamhlachtaibh agus stríopachasaibh, an tan do bhí tú tárnocht agus lom, agus do bhí tú ar do thruáilleadh an thfuil.
23
Agus tárla a ndiáigh huile olc, (a mhairg, a mhairg dhuit! a deir an Tighearna DIA;)
24
Gur chuir tú fós súas duit féin áit oirdheirc, agus go ndéarna tú áit árd dhuit ann gach áon tsráid.
25
Do chuir tú súas háit árd air gach aóin cheann don tslighe, agus thug tú fa deara do sgíamh dfúathughadh, agus dfoseail tú do chosa do gach aon dar ghabh thort, agus do mhéaduigh tú do stríopachus.
26
Do rinne tú fós drúis ris na Hégiptibh do chomharsana, atá mór a bhfeóil; agus do mhéaduigh tú do stríopachus, dom bhrostughadhsa chum feirge.
27
Féuch, uimesin do shín mé mo lámh amach ós do chionn, agus do laghduigh mé do bhiadh láetheamhuil, agus thug mé thú ar thoil na ndaóine dfúathaigh thú, ingheana na Bhphilistíneach, air a bhfuil náire fad shlighe úallaigh.
28
Do rinne tú mar an ccéadna stríopachus ris na Hassírianachaibh, do bhrígh go raibh tú dóríartha; do rinne tú fós, méirdreachus ríu, agus fós níor bhféidir do shásadh.
29
Do mhéaduigh tú fós do dhrúis a ttír Chanaan gus an Ccaldeá; agus ris so fós ní raibh tú sásta.
30
Cred laige do chroidhe, a deir an Tighearna DIA, ó ní tú na neítheso uile, obair mhná stríopuigh thighearnamhuil.
31
An tionad a ndéan tú háit oirdheirc a ccionn gach sligheadh, agus go ndéan tú háit árd ann gach áon sráid; agus nach raibh tú amhuil meirdreach, iondus go ttarcuisnighionn tú túarustal;
32
Acht mar mhnaói do ní adhaltrannas, noch ghlacus coimhthighidh a náit a fir féin!
33
Do bheirid bronta do na huile stríopachaibh: acht do bheir tusa do thiodhlaicthe dot háos grádha uile, agus fostuighidh tú íad, chor go ttiucfaidhís ort gach uile thaóbh ar son do stríopachuis.
34
Agus ata contrardhachd íonnadsa ó mhnáibh oile ann do stríopachus, an tionad nach leanan aóinneach dhíot do dhéanamh stríopachuis: agus an tionad a ttug tú luáigheacht uáit, agus nach ttugthar luáigheacht ar bith dhuit, uimesin atá tú contrardha.
35
¶ Uimesin, a mheirdreach, éist bríathar an TIGHEARNA:
36
Is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh gur dóirteadh do shalchar amach, agus gur foillsigheadh do thárnochtuighthe do bhrígh do stríopachuis led háos grádha, agus re huile iodhaluibh do ghráineamhlachda, agus le fuil do chloinne noch thug tú dhóibhsion;
37
Feuch, uimesin cruinneocha misi huile áosgrádha, iona bhfuáir tú sólás, agus gach ar ghrádhuigh tú, maille ris an ndroing éile dá ttugais fúath; eadhon cruinneocha mé ad thimchioll fa ccuairt íad ad aghaidh, agus taisbeanfa mé do thárnochtuigh dhóibh, lé bhfaicfid do thárnochtuighe uile.
38
Agus do bhéara mé breitheamhnus ort, mar bhéarthar breath ar mhnáibh bhrisios cuing phósta agus dhóirteas fuil; agus do bhéara mé fuil dhuit a bhfeirg agus a néud.
39
Agus fós do bhéara mé thusa iona láimh, agus teilgfid síad síos háit oirdheirc, agus brisfid síad síos háite árda: nochtfuid síad thú fós as héadach, agus béaruid leó do sheóid, agus fúigfid tárnochtuigh agus lom thú.
40
Bhéaruid fós cuideachta súas ad adhaigh, agus clochfuid thú lé clochaibh agus saithfid thríod le na ccloidhmhthe.
41
Agus loisgfid síad do thigh le teine, agus bhéaruid síad breath ort a radharc mhóráin ban: agus do bhéara misi ort sgur ód dhéanamh meirdreachuis, agus ní thiubhra coibhthe uáit ní is mhó.
42
Marsin do bhéara mé air mo dhíbhfheirg ad aghaidh ciúnughadh, agus imeochuidh méud uáit, agus biáidh mé suáimhneach, agus ní bhiáidh fearg orum ní sa mhó.
43
Do bhrígh nar chuimhnigh tusa laéthe hóige, acht gur fhearguidh tú misi annsna neithibhsi uile; feuch, ar a nadhbharsin cúiteocha misi do shlighe air do cheann, a deir an Tighearna DIA: agus ní dhéana tú an túallachus so tar huile ghráineamhlachtaibh.
44
¶ Feuch, a nuile dhuine dá ngnáthuighionn seanráidhte a déaruigh sé an seanfhocalso ad aghaidhsi, ag rádh, Mar bhíos an mháthair, is marsin bhíos a ninghean.
45
Is tusa inghean do mhathar, noch fhúathuighios a fear agus a clann; agus is tú deirbhshíur do dheirbhsheathrach, do fhúathuigh a bhfir agus a cclann: do budh Hitíteach bhur mathair, agus bhur nathair na Amoríteach.
46
Agus isí Samária an deirbhshíur as sine agad, í féin agus a hingheana noch áitreabhus ar do láimh chlé: agus do dheirbhshíur is óige, noch áitreabhus ar do láimh dheis, isí Sodom agus a hingheana.
47
Gidheadh níor imthigh tusa do réir a slightheachsan, ní mó do rinne tú réir a ngráineamhlachda: acht, mar budh ro bheag sin, do truáilleadh thú ní as mó na íadsan ann huile shlighthibh.
48
Fa mar mhairim, a deir an Tighearna DIA, Ní dhéarna Sodom do dheirbhshíur, í féin nó a hingheana, mar do rinne tusa, thú féin agus hingheana.
49
Féuch, do bé so éigceart do dheirbhsheathar Sodom, úabhar, líonmhaireacht aráin, agus iomad diomhaóinis do bhí innte féin agus iona hingheanuibh, ní mó do neartuigh sí lámh an bhoicht nó an ríachtanuigh.
50
Agus do bhádar árdaigeantach, agus do rinneadar gráineamhlachta am fhiadhnuisise: uimesin rug mé liom íad mar do choncas dhamh.
51
Ní mó do rinne Samária leath do pheacuidhesi; acht dfoirlíon tusa do ghráineamhlachda ní sa mhó ná íadsan, agus do rinne tú do dheirbhsheathracha ceart ann huile ghráineamhlachdaibh noch do rinne tú.
52
Thusa fós, rug breath air do dheirbhsheathrachaibh, iomchair do náire féin arson do pheacaidh do rinne tú ní as adhfhúathmhaire ná íadsan: is ro ionnraca íad ná thusa: aseadh, náirighthear thusa fós, agus iomchair do náire, do bhrígh gur fhíréunuigh tú do dheirbhsheathracha.
53
An tan do bhéaras misi ar ais a rís a mbraighdionas, braighdionas Shodom agus a hinghean, agus braighdionas Shamária agus a hinghean, ann sin do bhéara mé liom a rís braighdionas do bhrághdsa iona lár:
54
Iondus go niomchóra tú do náire féin, agus go cclaóidhtear thú annsa nuile ní dá ndéarna tú, an tionad a bhfuil tú ad chobharthach aca.
55
An tan fhillfios do dheirbhsheathracha, Sodom agus a hingheana, chum a ccéad staide, agus fhillfios Samária agus a hingheana chum a ccéad staide, annsin fillfidh tusa agus hingheana chum bhur ccéad staide féin.
56
Oír níor luáigheadh do dheirbhshíur Sodom ann do bhéul a ló huabhair,
57
Suil do foillsigheadh holc, amhuil a nam mhasla inghean na Síria, agus a nuile dhuine dá bhfuil na timchioll fa ccuáirt, ingheana na Bhphilistíneach, noch tharcuisníghios thusa timchioll fa ccuairt.
58
Diomchuir tú húallachus agus do ghráineamhlachta, a deir an TIGHEARNA.
59
Oír is marso a deir an Tighearna DIA; Do dhéana mé go deimhín riot mar do rinne tú, noch dó tharcuisnigh an mionna a mbriseadh an chunnartha.
60
¶ Thairis sin cuimhneocha mé mo chunnradh riotsa a láethibh hóige, agus daingneocha mé cunnradh síorruidhe riot.
61
Annsin cuimhneocha tú do shlighthe, agus biáidh náire ort, an tan ghlacfus tú do dheirbhsheathracha chugad, do dheirbhshíur is sine agus is óige: agus do bhéara mé dhuit íad mar ingheanaibh, acht ní maille red chunnradhsa.
62
Agus daingneocha mé mo chunnradh riot; agus biáidh a fhios agad gur misi an TIGHEARNA:
63
Iondus go ccuimhneocha tú, agus go mbía náire ort, agus nach bhfoisceola tú do bhéul go brath ní as mó do bhrígh do náire, an tan bhías mé síothchánta riot ar son a nuile ní dá ndeárna tú, a deir an Tighearna DIA.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 17 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48