bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 1
Ezekiel 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 2 →
1
Sa tríochadú bliain, ar an gcúigiú lá den cheathrú mí, nuair a bhí mé i measc na ndeoraithe ar bhruach na habhann Ceabár, d' oscail na flaithis agus chonaic mé físeanna ó Dhia.
2
Ar an gcúigiú lá den mhí ba í sin an cúigiú bliain a chaith Iahóiácaím rí ar deoraíocht
3
tháinig briathar an Tiarna chuig Eizicéil sagart, mac Bhúizí, i dtír na gCaildéach ar bhruach na habhann Ceabár. Ba ansin a tháinig lámh an Tiarna orm.
4
D' amharc mé uaim. Bhí stoirm ghaoithe ag séideadh aduaidh, néal mór agus solas uime, tine ag spréacharnach gan stad, agus i lár na tine mar a bheadh prás ag drithliú.
5
I lár báire chonaic mé mar a bheadh ceithre ainmhí ann agus an chuma seo a leanas orthu: bhí déanamh duine orthu,
6
ceithre aghaidh ar gach aon cheann acu agus ceithre sciathán ar gach aon cheann.
7
Bhí a gcosa díreach agus a gcrúba mar a bheadh crúba gamhna ann, ag drithliú mar phrás snasta.
8
Faoina sciatháin ar na ceithre thaobh bhí lámha duine acu. Bhí a n-aghaidheanna agus a sciatháin ag an gceathrar mar seo:
9
theagmhaigh a sciatháin lena chéile; ghluais gach ceann acu caol díreach roimhe gan claonadh óna chúrsa.
10
Maidir le cuma a n-aghaidheanna bhí aghaidh duine ag gach ceann acu ar tosach, bhí aghaidh leoin ag an gceathrar ar dheis, aghaidh tairbh ag an gceathrar ar chlé agus aghaidh iolair ag an gceathrar ar chúl.
11
Sin mar a bhí a n-aghaidheanna. Bhí a sciatháin spréite suas; dhá sciathán ag gach ainmhí a theagmhaigh lena chéile agus dhá sciathán a chlúdaigh a chorp.
12
Chuaigh siad go léir díreach rompu aon áit ar thiomáin an spiorad iad, gan claonadh óna gcúrsa.
13
Istigh i measc na n-ainmhithe bhí rud éigin a raibh cosúlacht aibhleog air, nó cosúlacht tóirsí ag preabadh anonn agus anall idir na hainmhithe; ba gheal í an tine agus tintreach ag scalladh aisti.
14
Agus phreab na hainmhithe anonn agus anall amhail splanc thintrí.
15
D' amharc mé ar na hainmhithe: bhí roth ar an talamh le hais gach ainmhí acu, roth amháin le hais gach ainmhí faoi leith den cheathrar.
16
Maidir le cuma na rothaí agus a ndéanamh bhí a gcuma mar dhrithliú criosailít. Bhí an chuma chéanna ar an gceathrar agus iad déanta mar a bheadh roth amháin i lár rotha eile.
17
Ag gluaiseacht dóibh d' imigh siad i dtreo aon cheann de cheithre aird gan claonadh óna gcúrsa.
18
Dhealraigh na fleascanna bheith an-mhór nuair a d' fhéach mé orthu agus bhí súile sna fleascanna thart timpeall.
19
Nuair a ghluaiseadh na hainmhithe ghluaiseadh na rothaí lena n-ais; agus nuair a d' éiríodh na hainmhithe ón talamh d' éiríodh na rothaí ón talamh.
20
Aon áit a dtéadh an spiorad théidís-sean, agus d' éiríodh na rothaí leo de bhrí go raibh spiorad na n-ainmhithe sna rothaí.
21
Nuair a ghluaiseadh na hainmhithe ghluaisidís-sean, nuair a stadaidís stadaidís-sean, nuair a d' éiridís ón talamh d' éiríodh na rothaí mar aon leo, de bhrí go raibh spiorad na n-ainmhithe sna rothaí.
22
Os cionn chloigne na n-ainmhithe bhí mar a bheadh firmimint ann, ag soilsiú mar chriostal, agus é ag déanamh stua os a gcionn.
23
Faoin bhfirmimint seo bhí a sciatháin spréite amach i dtreo a chéile agus bhí dhá sciathán ag gach ainmhí ag clúdach a choirp.
24
Ag imeacht dóibh, chuala mé fuaim a sciathán amhail coipeadh uiscí, amhail glór an Uilechumhachtaigh, torann clampair amhail torann slua. Ar stad dóibh, lig siad a sciatháin síos,
25
agus bhí gleo ann (os cionn na firmiminte, lastuas dá gcloigne; ar stad dóibh, lig siad a sciatháin síos).
26
Os cionn na firmiminte thuas bhí mar a bheadh ríchathaoir ann cosúil le saifír, agus ina shuí os cionn na ríchathaoireach seo bhí neach i gcosúlacht fir.
27
In airde ó chosúlacht a leasraigh bhí mar a bheadh prás ag drithliú, cosúil le tine faoi iamh mórthimpeall; agus anuas ó chosúlacht a leasraigh chonaic mé mar a bheadh tine agus drithliú mórthimpeall.
28
An drithliú seo mórthimpeall bhí sé amhail an bogha a bhíonn sa néal lá báistí. Sin mar a dhealraigh glóir an Tiarna. Agus ar a feiceáil dom shléacht mé go talamh agus chuala mé guth ag caint.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48