bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 7
Ezekiel 7
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 8 →
1
Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2
«A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia le tír Iosrael: Tá deireadh tagtha, deireadh le ceithre aird na tíre.
3
Anois tá deireadh leat! Scaoilfidh mé le mo fhearg ort agus gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat agus daorfaidh mé thú as d' imeachtaí gránna uile.
4
Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire ach tú a chúiteamh mar atá tuillte agat fad agus tá d' imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.
5
«Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tubaiste ar mhullach tubaiste! Féach é ag teacht!
6
Tá deireadh tagtha, tá an deireadh tagtha! Féach é ag teacht agus é chugat ina dhúiseacht.
7
Tá do shealsa buailte leat, a áitritheoir na tíre seo; tá an uair tagtha, an lá ar láimh, lá clampair agus ní lá gairdis ar na sléibhte.
8
Ar ball beag doirtfidh mé mo fhearg ort, ídeoidh mé mo chuthach ort agus gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat agus daorfaidh mé thú as d' imeachtaí gránna uile.
9
Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire; gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat fad agus tá d' imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh tú ansin gur mise, an Tiarna, a bhuaileann.
10
«Ag seo an lá! Féach é ag teacht! Tá do shealsa buailte leat; tá an sciúirse réidh agus an díomas in ard a réime.
11
Tá an foréigean fásta mar sciúirse na hurchóide; ní mhairfidh aon duine díobh, ná a bhflúirse, ná a rachmas; agus ní bheidh teacht ar oirearcas ina measc.
12
Tá an uair tagtha, an lá ar láimh. Ná gairdíodh an ceannaí agus ná caoineadh an díoltóir; táthar i bhfearg leo go léir.
13
Óir ní fhillfidh an díoltóir lena bheo ar ar dhíol sé; leanfaidh siad go léir ag peacú siúd is nach neartófar iad dá bharr.
14
Shéid siad an trumpa agus chuir gach rud i gcóir; ach ní théann duine ar bith chun catha, óir tá mise i bhfearg leo go léir le chéile.
15
«Tá an claíomh amuigh; tá an phlá agus an gorta istigh. An duine sa pháirc, éagfaidh sé leis an gclaíomh; an duine sa chathair, maróidh an gorta agus an phlá é.
16
Agus má théann aon chuid acu slán, beidh siad ar na sléibhte amhail coilm na ngleannta, an t-iomlán acu ag caoineadh, gach duine i dtaobh a pheacaí féin.
17
Tá an uile lámh lag, an uile ghlúin fann mar uisce.
18
Crioslaíonn siad iad féin le sacéadach, agus iad uile ar ballchrith le huafás. Tá náire ar an uile aghaidh agus maoile ar an uile cheann.
19
Caitheann siad a gcuid airgid sna sráideanna agus is ábhar dímheasa acu a gcuid óir. Ní fhuasclófar iad de thairbhe airgid ná óir lá feirge an Tiarna; níl ar a gcumas seo an t-ocras a shásamh ná an bolg a líonadh dóibh. Óir ba iadsan ba chionsiocair leis an urchóid acu.
20
Bhain siad feidhm dhíomasach as a n-ornáidí áille; rinne siad a n-íomhánna urchóideacha agus a n-íola déistineacha leo. Dá bhrí sin fágfaidh mé mar ábhar uafáis acu iad.
21
Tabharfaidh mé ar láimh iad do na coimhthígh mar chreach, do bhithiúnaigh na tíre mar éadáil; agus truailleoidh siad iad.
22
Iompóidh mé m' aghaidh uathu, rud a fhágfaidh go dtruailleoidh siad mo chiste; rachaidh na meirligh isteach agus truailleoidh siad é.
23
«Déan slabhra duit féin; óir tá an tír lán de choireanna fuilteacha agus an chathair lán d' fhoréigean.
24
Tabharfaidh mé ar dhíogha na gciníocha dul i seilbh a dtithe; cuirfidh mé deireadh lena neart díomasach agus truailleofar a n-áiteanna naofa.
25
Nuair a thiocfaidh an crá iarrfaidh siad síocháin, ach ní bheidh sí ar fáil.
26
Tagann tubaiste ar mhullach tubaiste, ráfla ar mhullach ráfla; iarrann siad fís ar an bhfáidh; ach teipeann an dlí ar an sagart agus an chomhairle ar na sinsir.
27
Tá an rí ag gol, tá an prionsa in anacair chroí, tá lámha mhuintir na tíre ar crith le huafás. Roinnfidh mé leo mar atá tuillte acu agus gearrfaidh mé pionós orthu de réir a mbreithiúnais féin; agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.»
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
Recommended Reading
Commentary
Ezekiel Commentaries
→
Devotional
Ezekiel Devotional Guide
→
Get This Bible
Irish - (An Bíobla Naofa ) Study Bible
→