bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 10
Ezekiel 10
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 11 →
1
D' amharc mé ansin agus chonaic san fhirmimint os cionn chloigne na gceiribiní mar a bheadh saifír i riocht ríchathaoireach.
2
Dúirt sé leis an bhfear in éadach lín: «Imigh isteach idir na rothaí atá ag casadh thart faoi na ceiribíní; tóg mám d' aibhleoga as an tine atá idir na ceiribíní, agus scaip iad ar fud na cathrach.» Isteach leis agus mé ag amharc air.
3
Bhí na ceiribíní ina seasamh ar dheisceart an Teampaill ar dhul isteach don fhear; agus líonadh an chúirt inmheánach le néal.
4
D' éirigh glóir an Tiarna ó na ceiribíní go tairseach an tí; bhí an teach líonta leis an néal agus an chúirt lán de ghile ghlóir an Tiarna.
5
Bhí fuaim sciatháin na gceiribiní le clos fad leis an gcúirt sheachtrach, dála ghuth Dé Uilechumhachtaigh nuair a labhraíonn sé.
6
Nuair a d' ordaigh sé d' fhear an éadaigh lín aibhleoga a ghlacadh ón tine a bhí faoi na rothaí idir na ceiribíní, chuaigh sé isteach agus sheas in aice le roth.
7
Shín ceiribín amháin a lámh (idir na ceiribíní) i dtreo na tine a bhí idir na ceiribíní, agus thóg aibhleoga di agus chuir i lámha fhear an éadaigh lín iad. Ghlac seisean iad agus d' imigh amach.
8
Chonacthas [dom] go raibh mar a bheadh lámh duine faoina sciatháin ag na ceiribíní.
9
D' amharc mé: bhí ceithre roth le hais na gceiribíní, roth le hais gach ceiribín acu; bhí cuma na rothaí mar dhrithliú criosailít.
10
Bhí an chuma chéanna ar an gceathrar agus iad mar a bheadh roth i lár rotha.
11
Ag gluaiseacht dóibh d' imigh siad i dtreo aon cheann de na ceithre threo gan claonadh óna gcursa; cibé treo a dtéadh an roth tosaigh leanadh na rothaí eile é, gan claonadh óna gcúrsa.
12
Bhí a gcoirp agus a ndroimeanna, a lámha agus a sciatháin, agus a rothaí lán de shúile thart timpeall is é sin na rothaí a bhí ag an gceathrar.
13
Chuala mé rothaí rothlaim a thabhairt mar ainm ar na rothaí.
14
Bhí ceithre aghaidh ar gach ceann acu: aghaidh [daimh] ab ea an chéad aghaidh, aghaidh duine an dara ceann, aghaidh leoin an tríú ceann agus aghaidh iolair an ceathrú ceann.
15
D' éirigh na ceiribíní san aer: ba iad na dúile a chonaic mé ag an abhainn Ceabár.
16
Nuair a ghluaiseadh na ceiribíní, ghluaiseadh na rothaí lena n-ais; agus nuair a spréadh na ceiribíní a sciatháin le héirí suas ón talamh, ní chlaonadh na rothaí (ó bheith lena n-ais).
17
Nuair a stadaidís stadadh na rothaí fosta; nuair a d' éirídís ón talamh d' éirídís siúd ina gcuideachta; óir bhí spiorad na ndúl sna rothaí.
18
Tháinig glóir an Tiarna amach ó thairseach an Teampaill agus sheas os cionn na gceiribíní.
19
Spréigh na ceiribíní a sciatháin agus d' éirigh ón talamh; bhí mise ag amharc orthu agus na rothaí ag imeacht lena n-ais. Sheas siad ag an mbealach isteach ag geata thoir Theampall an Tiarna agus glóir Dhia Iosrael os a gcionn.
20
Ba iad seo na dúile a chonaic mé faoi Dhia Iosrael ag an abhainn Ceabár agus bhí fhios agam gur cheiribíní iad.
21
Bhí ceithre aghaidh agus ceithre sciathán ag gach ceann acu agus cosúlacht lámha duine faoi na sciatháin.
22
Agus ba é cosúlacht a n-aghaidheanna na haghaidheanna céanna a bhfaca mé a gcosúlacht ag an abhainn Ceabár. Chuaigh gach ceann acu caol díreach ar aghaidh.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48