bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 30
Ezekiel 30
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 31 →
1
Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2
«A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Caoin:' Mairg don lá!'
3
Óir tá an lá ar láimh, tá lá an Tiarna ar láimh; lá dorcha, scamallach a bheidh ann, deireadh ré do na ciníocha.
4
Tiocfaidh an claíomh ar an Éigipt; beidh scanradh ar an Aetóip nuair a thitfidh na mairbh san Éigipt, nuair a bhéarfar ar shiúl a maoin agus go réabfar a bunsraith.
5
«Muintir na hAetóipe, Pút agus Lúd, muintir na hAráibe agus na Libe, agus muintir thír an chonartha; titfidh siad ina gcuideachta leis an gclaíomh.
6
Seo mar a deir an Tiarna: Titfidh lucht taca na hÉigipte, rachaidh a neart mórchúiseach i laige, titfidh siad inti leis an gclaíomh ó Mhigdeol go Saené an Tiarna Dia a labhraíonn.
7
Bánófar í i measc na dtíortha a bheidh bánaithe, scriosfar a cathracha i measc na gcathracha a bheidh scriosta.
8
Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna, nuair a chuirfidh mé tine leis an Éigipt, nuair a bhrisfear a tacaí go léir.
9
«An lá sin rachaidh teachtairí amach uaimse i longa a chur eagla ar na hAetópaigh neamhchúramacha. Tiocfáidh uafás orthu lá na hÉigipte; óir, féach é ag teacht!
10
Seo mar a deir an Tiarna Dia: Coscróidh mé sluaite na hÉigipte le láimh Nabúcadnazar, rí na Bablóine.
11
É féin agus a shlua, an dream is barbartha amuigh, tabharfar isteach iad leis an tír a chreachadh. Tarraingeoidh siad claíomh i gcoinne na hÉigipte, agus líonfaidh siad an tír le corpáin.
12
Triomóidh mé aibhneacha na Níle, díolfaidh an fearann le sladaithe, bánóidh an fearann le sladaithe, bánóidh mé an tír agus a bhfuil inti le cuidiú na gcoimhthíoch. Mise, an Tiarna, a dúirt.
13
Seo mar a deir an Tiarna Dia: Scriosfaidh mé fós na híola, cuirfidh mé críoch le híomhánna Nof Fágfar an Éigipt gan taoiseach, scanróidh mé tír uile na hÉigipte.
14
Bánóidh mé Patros, cuirfidh tine le Zoan, gearrfaidh breithiúnas ar Nó.
15
Doirtfidh mé díoltas ar Shín, daingean na hÉigipte, coscroidh mé sluaite Nó.
16
Cuirfidh mé tine leis an Éigipt, beidh Sín faoi chlúdach scamaill, réabfar Nó as a chéile, beidh Nof i sáinn ó lá go lá.
17
Titfidh macra Ón agus Phí Beisit, leis an gclaíomh, rachaidh mná na gcathracha i mbraighdeanas.
18
Dorchóidh an lá i dTachpanaes nuair a bhrisfidh mé cuing na hÉigipte ansin, nuair a thiocfaidh deireadh lena neart mórchúiseach. Beidh sí faoi chlúdach scamaill, rachaidh a hiníonacha i mbraighdeanas.
19
«Sin mar a ghearrfaidh mé breithiúnas ar an Éigipt. Tuigfear ansin gur mise an Tiarna.»
20
San aonú bliain déag, ar an seachtú lá den chéad mhí, tháinig briathar an Tiarna chugam:
21
«A mhic an duine, bhris mé géag Fhorainn, rí na hÉigipte; ní dhearnadh é a cheangal lena leigheas, níor cuireadh bindealán air lena dhéanamh éifeachtach arís i gceann claímh.
22
Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé in aghaidh Fhorainn, rí na hÉigipte, agus brisfidh mé a ghéaga, an ceann slán agus an ceann a bhí briste cheana, agus tabharfaidh mé ar an gclaíomh titim as a láimh.
23
Ruaigfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha, scaipfidh mé iad ar fud na dtíortha.
24
Neartóidh mé géaga rí na Bablóine agus cuirfidh mé mo chlaíomh ina láimh; ach brisfidh mé géaga Fhorainn agus beidh gach aon chnead as i láthair a namhad amhail duine a goineadh go marfach.
25
Neartóidh mé géaga rí na Bablóine ach titfidh géaga Fhorainn; agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna. Nuair a chuirfidh mé mo chlaíomh i láimh rí na Bablóine sínfidh sé amach é ar thír na hÉigipte.
26
Ruaigfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha agus scaipfidh mé iad ar fud na dtíortha. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.»
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 31 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48