bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 19
Ezekiel 19
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 20 →
1
«Ach sibhse, tógaigí tuireamh ar son phrionsaí Iosrael.
2
Abraigí: ' Cad ba mháthair duit? Leon baineann i measc leon. Ina luí idir na leoin óga d' oil sí na coileáin.
3
Thóg sí coileán acu agus d' fhás sé ina leon óg; d' fhoghlaim sé breith ar an gcreach, agus thosaigh ag alpadh fear.
4
Thóg na ciníocha an gháir ina choinne, gabhadh ina bpoll é; agus thug siad le crucaí go tír na hÉigipte é.
5
Nuair a chonaic [an mháthair] í féin cloíte agus ábhar a dóchais caillte, ghlac sí coileán eile dá cuid agus thóg ina leon óg é.
6
Chuaigh sé ar a sheilg i measc na leon, d' fhás ina leon óg, d' fhoghlaim sé breith ar an gcreach agus thosaigh ag alpadh fear.
7
Scrios sé a gcaisleáin agus bhánaigh a gcathracha; scanraigh an tír agus a raibh inti ag callán a bhúiríola.
8
Ghluais na ciníocha ansin ina choinne ó na cúigí máguaird; leathnaigh siad a n-eangach thairis; gabhadh ina bpoll é.
9
Ghabh siad i gcarcair é le crúcaí agus rug leo é go rí na Bablóine; chuir siad i mbraighdeanas é ionas nach gcluinfí a ghlór arís ar shléibhte Iosrael.'
10
Bhí do mháthair amhail fíniúin a cuireadh i gcóngar an uisce.
11
D' fhás an ghéag ba láidre ina slat ríoga; d' fhás sí go han-ard os cionn na dtiúchraobhacha. Ba shofheicthe í ar a hairde agus ar mhothall a duilliúir.
12
Ach réabadh as a fréamh í, teilgeadh ar lár í le fearg; seargadh a toradh ag an ngaoth anoir, chríon an ghéag láidir, dhóigh an tine í go léir.
13
Tá sí athchurtha anois san fhásach, in ithir thirim thartmhar.
14
Chuaigh tine amach ón tamhan, a dhóigh idir ghéaga agus thoradh; tá deireadh leis an gcraobh láidir, deireadh leis an tslat ríoga.'» Is tuireamh é sin agus glactar leis amhlaidh.
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 20 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48