bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 26
Ezekiel 26
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 27 →
1
San aonú bliain déag, ar an gcéad lá den mhí, tháinig briathar an Tiarna chugam:
2
«A mhic an duine, de bhrí go ndúirt an Tuír go fonóideach i gcoinne Iarúsailéim: 'Tá geata na gciníocha briste, tá sé ar oscailt romham, beidh mo sháith agamsa anois ó tá sé scriosta,'
3
dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Thuír, tá mise i do choinne. Tabharfaidh mé ar mhórán ciníocha éirí i do choinne nuair a choipeann an fharraige na tonnta.
4
Réabfaidh siad ballaí na Tuíre, brisfidh siad anuas na túir inti; scríobfaidh mé an chré uaithi agus fágfaidh ina carraig nocht í.
5
Beidh sí mar ionad triomaithe eangacha i lár na farraige. Óir mise a dúirt an Tiarna Dia a labhraíonn beidh sí ina creach ag na ciníocha.
6
A hiníonacha ar tír mhór titfidh siad leis an gclaíomh, agus tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.
7
«Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, seolfaidh mé Nabúcadnazar, rí na Bablóine, rí na ríthe, aduaidh i gcoinne na Tuíre, le capaill agus carbaid agus marcshlua le comhthionól mór daoine.
8
Maróidh sé d' iníonacha leis an gclaíomh ar tír mhór; déanfaidh sé balla léigir i do choinne, tógfaidh sé móta cré i do choinne agus caithfidh suas sciath chosanta i do choinne.
9
Réabfaidh sé do bhallaí lena reithe cogaidh, leagfaidh sé do thúir lena oird mhóra.
10
Beidh a oiread capall aige go gclúdóidh an deannach thú; beidh do bhallaí ar crith agat le tormán an mharcshlua, na rothaí agus na gcarbad, agus é ag teacht isteach an geata amhail fear a thagann isteach i gcathair a cuireadh faoi chois.
11
Satlóidh crúba a chuid capall ar do shráideanna uile, maróidh sé do mhuintir leis an gclaíomh, agus teilgfidh do cholúin ollmhóra síos go talamh.
12
Déanfar creach de do shaibhreas agus éadáil de d' earraí; réabfar do bhallaí agus scriosfar do thithe breátha, teilgfear do chlocha, do chláir adhmaid agus fiú do bhruscar cré, i lár na farraige.
13
Tabharfaidh mé ar do cheol agus ar d' amhráin cosc; ní chloisfear fuaim do chláirseach níos mó.
14
Fágfaidh mé thú i do charraig nocht, i d' ionad triomaithe eangacha; ní thógfar arís thú. Mise, an Tiarna, a dúirt an Tiarna Dia a labhraíonn.
15
«Seo mar a deir an Tiarna Dia leis an Tuír: Nach rachaidh na hinsí ar crith le tormán do thitime, le cneadach na ndaoine gonta, agus leis an ár istigh?
16
Ansin tiocfaidh prionsaí uile na farraige anuas óna ríchathaoireacha, bainfidh sibh díobh a gclócaí, cuirfidh uathu a n-éide bhróidnéirithe. Gléasfaidh siad iad féin agus scanradh orthu; suífidh siad ar an talamh ag crith gan stad, agus uafás orthu mar gheall ortsa.
17
Tógfaidh siad olagón ar do shon agus déarfaidh leat: ' Níl rian díot fágtha ar na farraigí, a chathair iomráiteach, a bhí láidir tráth ar an bhfarraige, tú féin agus d' áitritheoirí a raibh an tír mhór uile scanraithe agaibh.
18
Anois critheann na hinsí lá do thurnaimh; is cúis imní d' imeacht ag insí na farraige.'
19
«Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nuair a scriosfaidh mé thú mar chathair agus tú a fhágáil amhail cathracha gan lucht cónaithe iontu, nuair a thabharfaidh mé an t-aigéan aníos os do chionn agus nuair a chlúdóidh na huiscí móra thú;
20
ansin teilgfidh mé síos thú leis an dream a théann síos go Seól, mar a bhfuil muintir an tseansaoil, agus suífidh mé thú thíos in íochtar an domhain in uaigneas síoraí leis an dream a théann síos go Seól, ionas nach mbeidh áit agat choíche arís i dtír na mbeo.
21
Déanfaidh mé uafás díot; ní mhairfidh tú níos mó. Cé go mbeifear ar do lorg ní bheidh teacht ag aon duine ort choíche arís an Tiarna Dia a labhraíonn.»
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 27 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48