bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 24
Ezekiel 24
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 25 →
1
Sa naoú bliain, ar an deichiú lá den deichiú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam.
2
«A mhic an duine, scríobh síos dáta an lae inniu, inniu féin. Chuir rí na Bablóine Iarúsailéim faoi léigear inniu féin.
3
Inis fáthscéal don dream ceannairceach seo agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cuir an pota síos, Cuir síos é agus doirt uisce ann.
4
Cuir na spólaí feola isteach, gearrthóga den chéad scoth, an tsliasaid agus an slinneán; líon é le togha na gcnámh.
5
Glac togha an tréada, coinnigh connadh ina mholl fúithi. Tabhair ar an bpota fiuchadh leis ionas go mbruithfear na cnámha féin.
6
«Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg don chathair fhuilteach, don phota meirgeach nach bhfuil a mheirg inghlanta! Taosc é greim ar ghreim gan crainn a chaitheamh.
7
Óir tá a fuil ina lár fós. D' fhág sí í ar charraig lom; níor dhoirt ar an talamh lena ceilt faoin deannach.
8
Chun mo chuthach a ghríosú, chun cúiteamh a bhaint amach, d' fhág mé a fuil ar charraig lom ionas nach i bhfolach a bheadh sí.
9
«Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg don chathair fhuilteach! Déanfaidh mise craos tine.
10
Coinnigh an connadh léi, las í, bruith an fheoil go maith, spíosraigh í, dóitear na cnámha.
11
Cuir an pota folamh ansin ar na haibhleoga go dtí go mbeidh a phrás te, go loiscfidh an prás ina chaor the, go leáfar an salachar istigh, go ndófar an mheirg.
12
«Ba in aisce a chaith mé mo neart leis: ní dhónn an mheirg throm sa tine.
13
Is í do ghraostacht ghránna an mheirg úd. De bhrí gur mhian liomsa tú a ghlanadh agus nár mhian leat féin é, ní ghlanfar arís thú go n-ídeoidh mise mo chuthach ort.
14
Mise, an Tiarna, a labhair; fíorófar m' fhocal. Gníomhóidh mé agus ní rachaidh mé siar air; ní dhéanfaidh mé trua ná aithreachas; tabharfaidh mé breithiúnas ort de réir d' imeachtaí agus do ghníomhartha an Tiarna Dia a labhraíonn.»
15
Tháinig briathar an Tiarna chugam fosta:
16
«A mhic an duine, bainfidh mé mian do shúl uait ar an toirt; ach ná bac a bheith ag mairgneach ná ag caoineadh ná ag sileadh deor.
17
Lig ochón asat os íseal, ná déan cumha ar son na marbh. Ceangail turban do chinn ort agus do chuaráin ar do chosa; ná clúdaigh do bhéal, ná hith arán na ndobrónach.»
18
D' inis mé an scéal sin don phobal ar maidin agus d' éag mo bhean chéile um thráthnóna. Maidin lá arna mhárach chuir mé i gcrích mar a ordaíodh dom.
19
Dúirt an pobal liom: «Nach n-inseoidh tú dúinn cad é mar a bhaineann na gnóthaí seo agat linne?»
20
Dúirt mé leo ansin: «Tháinig briathar an Tiarna chugam:
21
' Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n-anama. Bhur mic agus bhur n-iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.
22
Déanfaidh sibh mar a rinne mise; ní chlúdóidh sibh bhur mbéal, ní íosfaidh sibh arán na ndobrónach.
23
Caithfidh sibh an turban ar bhur gcinn agus na cuaráin ar bhur gcosa; ní dhéanfaidh sibh gol ná gearán, ach cnaífidh sibh de bharr bhur bpeacaí, mairgneoidh sibh in bhur measc féin.
24
Beidh Eizicéil ina chomhartha daoibh. Déanaigí de réir mar rinne seisean. Nuair a thitfidh seo amach tuigfidh sibh gur mise an Tiarna Dia.'
25
«Agus, a mhic an duine, an lá a mbainfidh mé a mic agus a n-iníonacha díobh, gurb iad a neart, a ngairdeas agus a nglóir iad, mian a súl agus dúil a n-anama;
26
an lá sin tiocfaidh fear ar a theitheadh ag insint an scéil duit.
27
An lá sin osclóidh do bhéal chun labhairt leis an bhfear ar a theitheadh; labhróidh tú agus ní bheidh tú balbh a thuilleadh. Beidh tú i do chomhartha dóibh agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.»
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 25 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48