bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 6
Ezekiel 6
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 7 →
1
Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2
«A mhic an duine, iompaigh i dtreo shléibhte Iosrael agus tairngir ina gcoinne.
3
Abair: A shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna Dia! Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Féach, cuirfidh mé an claíomh anuas oraibh agus scriosfaidh mé bhur n-áiteanna arda.
4
Bánófar bhur n-altóirí, brisfear bhur scrínte túise; teilgfidh mé síos bhur mairbh os comhair bhur n-íol.
5
Leagfaidh mé corpáin chlann Iosrael os comhair a n-íol agus scaipfidh mé bhur gcnámha thart timpeall bhur n-altóirí.
6
Cibé áit a mbeidh cónaí oraibh bánófar bhur gcathracha agus scriosfar bhur n-áiteanna arda ionas go mbeidh bhur n-altóirí bánta [millte], bhur n-íola briste scriosta, bhur scrínte túise réabtha agus bhur n-oibreacha curtha ar ceal.
7
Titfidh daoine marbh in bhur láthair agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.
8
«Ach fágfaidh mé cuid agaibh beo; tiocfaidh siad slán ón gclaíomh agus scaipfidh mé i measc na gciníocha iad.
9
Ansin cuimhneoidh siadsan a d' éalaigh ormsa, agus iad ar díbirt i measc na gciníocha. Mar beidh a gcroí a chuaigh ar seachrán uaim go macnasach [briste agam]; beidh a súile a théann go striapúil i ndiaidh a n-íol dallta agam; agus ar fhéachaint orthu féin dóibh beidh gráin acu orthu mar gheall ar an olc a rinne siad, mar gheall ar a n-uafáis go léir.
10
Tuigfidh siad mar sin gur mise an Tiarna; ní in aisce a dúirt mé go ndéanfainn an t-olc seo orthu.»
11
Seo mar a deir an Tiarna Dia: «Buail bosa, buail cosa ar an talamh agus abair: Mo léan, ar son imeachtaí gránna uile mhuintir Iosrael; óir titfidh siad leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá.
12
An duine atá i gcéin, éagfaidh sé den phlá; an duine atá sa chongar, titfidh sé leis an gclaíomh; agus an duine a thagann slán uathusan, éagfaidh sé leis an ngorta; mar sin a ídeoidh mé mo chuthach orthu.
13
Agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a luífidh a gcorpáin ansin i measc a n-íol timpeall a n-altóirí máguaird, ar gach cnoc ard, ar mhullach gach sléibhe, faoi gach crann glas, faoi gach dair dhuilleach, cibé áit ar íobair siad boladh cumhra dá n-íola uile.
14
Sínfidh mé mo lámh amach ina gcoinne, creachfaidh mé agus bánóidh mé an tír uile, aon áit a bhfuil cónaí orthu, ón bhfásach go Ribleá. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.»
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48