bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 4
Ezekiel 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 5 →
1
Léigear Iarúsailéim á Thairngreacht
2
Cuir léigear uirthi ansin, tóg balla léigir ina coinne, ardaigh móta cré ina coinne, tóg campaí ina coinne, agus dírigh reithí cogaidh ina coinne mórthimpeall.
3
Glac chugat oigheann iarainn agus suigh é mar bhalla iarainn idir tú féin agus an chathair; agus iompaigh ina treo agus bíodh sí faoi léigear agus tusa ag brú an léigir. Is comhartha é seo do mhuintir Iosrael.
4
«Luigh fós ar do thaobh clé agus leag pionós mhuintir Iosrael air; de réir uimhir na laethanta a luífidh tú air, iompróidh tú a bpionós.
5
Óir leag mise ort uimhir na laethanta de réir blianta a bpionóis, trí chéad agus nócha lá; iompróidh tú pionós mhuintir Iosrael an fad sin.
6
Ar a gcur siúd i gcrích duit, luífidh tú síos arís, ar do thaobh deas an turas seo, agus iompróidh tú pionós mhuintir Iúdá daichead lá. Leag mé ort lá amháin in aghaidh gach bliana.
7
Iompóidh tú d' aghaidh i dtreo léigear Iarúsailéim, nochtfaidh tú do ghéag agus tairngreoidh tú in aghaidh na cathrach sin.
8
Agus féach, cuirfidh mé cuibhreacha ort ionas nach mbeidh ar do chumas iompú ó thaobh go taobh nó go mbeidh laethanta do léigir curtha i gcrích agat.
9
«Tóg cruithneacht agus eorna, pónairí agus lintilí, muiléad agus coirce sléibhe; cuir san aon soitheach iad agus déan arán duit féin astu. Íosfaidh tú é ar feadh uimhir na laethanta a luífidh tú ar do thaobh, trí chéad agus nócha lá.
10
An bia a íosfaidh tú meáfaidh sé fiche seicil an lá; uair amháin sa lá a íosfaidh tú.
11
An t-uisce a ólfaidh tú tomhaisfidh sé an séú cuid de hín; uair amháin sa lá a ólfaidh tú.
12
Íosfaidh tú an t-arán amhail ciste eorna, agus é á bhruith agat os a gcomhair os cionn otrach duine.
13
An Tiarna a dúirt: 'Mar seo a chaithfidh clann Iosrael a n-arán salach a ithe i measc na gciníocha mar a ndíbreoidh mise iad.'»
14
Ansin dúirt mise: «Féach, a Thiarna Dia, níor thruailligh mise m' anam; ó m' óige aníos níor ith mé aon rud a d' éag uaidh féin ná aon rud a stróiceadh ag ainmhithe; níor tháinig feoil thruaillithe i mo bhéal ach oiread.»
15
Dúirt sé liom ansin: «Féach, tugaim duit otrach bó in ionad otrach duine; bruithfidh tú d' arán air sin.»
16
Dúirt sé liom chomh maith: «Féach, a mhic an duine, scriosfaidh mé an stór aráin in Iarúsailéim; íosfaidh siad arán a mheáfar go beacht le barr duainéise, agus ólfaidh siad uisce a thomhaisfear go gortach le barr uafáis.
17
Cuirfidh mé ar an ngannchuid aráin agus uisce iad ionas go mbeidh siad ag féachaint ar a chéile le huafás agus ag éirí spíonta óna bpionós.»
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
Recommended Reading
Commentary
Ezekiel Commentaries
→
Devotional
Ezekiel Devotional Guide
→
Get This Bible
Irish - (An Bíobla Naofa ) Study Bible
→