bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 22
Ezekiel 22
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 23 →
1
Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2
«A mhic an duine, an toil leat breithiúnas a thabhairt, an toil leat breithiúnas a thabhairt, an toil leat breithiúnas a thabhairt ar an gcathair dhúnmharfach? Inis a himeachtaí gránna di mar sin.
3
Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá an chathair ag cur fola taobh istigh di féin leis an sprioclá a bhrostú! Tá íola á ndéanamh aici lena truailliú féin!
4
Tá tú ciontach as an bhfuil a dhoirt tú, thruailligh tú thú féin sna híola a rinne tú. Thug tú ar do lá druidim leat, tá ceann scríbe do shaoil ar láimh. Uime sin, rinne mé ábhar masla díot os comhair na gciníocha agus ceap magaidh os comhair na dtíortha go léir.
5
Beifear ag fonóid fút ó chian agus ó chóngar, a chathair mhíchlúiteach challánach.
6
Féach ar phrionsaí Iosrael ionat, gach aon duine acu ar a dhícheall ag doirteadh fola.
7
Maslaítear an t-athair agus an mháthair ionat; tugtar drochíde don chuairteoir, cuirtear ansmacht ar an dílleachta agus ar an mbaintreach.
8
Is beag ort mo shanctóirí, truaillíonn tú mo shabóidí.
9
Tá dream ionat a chlúmhilleann chun fuil a dhoirteadh; tá dream a itheann ar na sléibhte; dream eile atá graosta.
10
Taispeánann siad tarnochtacht a n-aithreacha ionat; éigníonn siad na mná ionat le linn a neamhghlaine.
11
Déanann fear acu drúis ghránna le bean a chomharsan; truaillíonn fear eile bean a mhic; an tríú fear sáraíonn sé a dheirfiúr féin, iníon a athar.
12
Glactar breabanna ionat chun fuil a dhoirteadh; baineann tú brabús agus sochar amach agus tagann i dtír le foréigean ar an gcomharsa. Tá mise dearmadta glan agat an Tiarna Dia a labhraíonn.
13
«Buailim bosa, dá bhrí sin, mar gheall ar do ghnóthú neamhionraic agus an fhuil a doirteadh in bhur measc.
14
An mbeidh tú in ann greim a choinneáil ar do mhisneach, nó do lámh a choinneáil láidir, an lá a dtabharfaidh mé chun cúitimh thú? Mise, an Tiarna, a labhair agus cuirfidh mé i gcrích é.
15
Ruaigfidh mé thú i measc na gciníocha, scaipfidh mé thú ar fud na dtíortha agus scagfaidh mé an salachar asat.
16
Gheobhaidh mé easonóir uait os comhair na gciníocha agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.»
17
Tháinig briathar an Tiarna chugam:
18
«A mhic an duine, is suarach liom muintir Iosrael: amhail prás, stán, iarann agus luaidhe sa chorcán leáite, níl iontu go léir ach sail mhiotail.
19
Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur sail mhiotail sibh uile, féach, cruinneoidh mé isteach i lár Iarúsailéim sibh.
20
Mar a chruinnítear airgead agus prás, iarann, luaidhe agus stán sa chorcán chun tine a shéideadh orthu á leá, sin mar a chruinneoidh mé sibhse agus cuthach feirge orm; agus leáfaidh mé ann sibh.
21
Cruinneoidh mé sibh agus séidfidh mé oraibh le tine mo chuthaigh agus leáfar sibh i lár báire.
22
Mar a leáitear airgead i gcorcán leáite, sin mar a leáfar sibhse ina lár; agus tuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, a dhoirt amach mo fhearg oraibh.»
23
Tháinig briathar an Tiarna chugam:
24
«A mhic an duine, abair léi: Is tír thú nach bhfuair folcadh ná cith fearthainne lá na feirge;
25
a bhfuil na prionsaí istigh inti amhail leon buile a bheadh cíocrach chun na creiche. Shlog siad daoine siar, ghabh siad maoin agus seoda, d' fhág siad slua baintreach istigh inti.
26
Bhris a sagairt mo dhlí agus thruailligh siad mo shanctóirí. Ba chuma leo rud a bheith naofa ná coitianta, níor theagasc siad an difear idir glan agus neamhghlan, rinne siad neamhshuim de mo shabóidí sa chruth go bhfuil mé maslaithe eatarthu.
27
Tá na taoisigh léi istigh amhail mic tíre ag réabadh na creiche, ag doirteadh fola, ag marú daoine lena stór a ghoid.
28
[Dhathaigh] a fáithe na coireanna seo le brat aoil, lena bhfíseanna baotha agus a dtairngreachtaí bréige, ag rá: 'Is mar seo a deir an Tiarna Dia'; nuair nár labhair an Tiarna ar chor ar bith.
29
Tá éagóir agus slad ar siúl ag muintir na tíre; chráigh siad an bochtán agus an t-ainniseoir agus thug drochíde don chuairteoir gan fáth.
30
D' iarr mé fear orthu a thógfadh balla agus a sheasfadh sa bhearna ar son na tíre sa chruth nach millfinn é; ní bhfuair mé é.
31
Dá bhrí sin, dhoirt mé mo fhearg amach orthu; dhóigh mé iad le tine mo chuthaigh. Chúitigh mé a n-iompar ar a gcinn féin an Tiarna Dia a labhraíonn.»
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 23 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48