bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 14
Ezekiel 14
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 15 →
1
Tháinig dream de sheanóirí Iosrael chugam ansin agus shuigh os mo chomhair.
2
Tháinig briathar an Tiarna chugam:
3
«A mhic an duine, tá a gcroí istigh ag an dream seo sna híola atá acu; breathnaíonn siad le taitneamh ar bhunchúis a n-urchóide. Ar chóir dom ligean dóibh mo thuairisc a chur ar chor ar bith?
4
Dá bhrí sin, labhair leo; abair seo leo: 'Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cibé fear de mhuintir Iosrael a bhfuil a chroí istigh sna híola atá aige agus a bhreathnaíonn le taitneamh ar bhunchúis a urchóide agus a thagann ina dhiaidh sin chuig an bhfáidh, gheobhaidh sé freagra uaimse, an Tiarna, mar gheall ar iomad a íol',
5
ionas go meallfaidh mé chugam na croíthe de mhuintir Iosrael go léir a thug cúl liom ar son a n-íol.
6
«Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: 'Seo mar a deir an Tiarna Dia: Déanaigí aithrí, iompaígí ó bhur n-íola agus tréigigí bhur n-imeachtaí gránna uile.
7
Cibé fear de mhuintir Iosrael nó de na coimhthígh atá ag cur fúthu in Iosrael a thugann cúl liomsa, a ghlacann chuige féin ina chroí istigh na híola atá aige, a shuíonn bunchúis a urchóide os a chomhair amach agus a thagann ina dhiaidhsean chuig fáidh ag cur mo thuairisce, freagróidh mise, an Tiarna, é de mo dheoin féin.
8
Diúltóidh mé don fhear sin, déanfaidh mé sampla agus solaoid de, gearrfaidh mé amach é as lár mo phobail, agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.
9
Má bhíonn an fáidh meallta, mise, an Tiarna, a mheall an fáidh sin; sínfidh mé amach mo lámh ina choinne agus scriosfaidh mé é as lár mo phobail, Iosrael.
10
Fulaingeoidh siad pionós agus beidh an pionós céanna ann don fháidh agus don duine a chuireann tuairisc;
11
ionas nach seachránfaidh muintir Iosrael uaim arís agus nach dtruailleoidh siad iad féin níos mó lena gcionta, ach go mbeidh siad ina bpobal agamsa agus mise i mo Dhia acusan an Tiarna a labhraíonn.'»
12
Tháinig briathar an Tiarna chugam:
13
«A mhic an duine, dá bpeacódh tír i mo choinne trí mhídhílseacht agus go sínfinn amach mo lámh ina choinne, go mbrisfinn a stór aráin agus gorta a sheoladh chuige agus gach fear agus ainmhí ann a scrios as;
14
dá mbeadh fiú an triúr seo ann, Naoi, Dainéil agus Iób, ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin an Tiarna Dia a labhraíonn.
15
Dá scaoilfinn ainmhithe allta ar fud na tíre agus go gcreachfaidís agus go mbánóidís é ionas nach mbeadh sé intaistil mar gheall ar na hainmhithe;
16
dá mbeadh fiú an triúr seo ann, dar mo bheatha an Tiarna Dia a labhraíonn ní thabharfaidís mac ná iníon slán ach iad féin amháin agus bhánófaí an talamh.
17
Nó dá dtabharfainn claíomh ar an tír sin agus a rá: Téadh an claíomh tríd an tír, agus go scriosfainn gach fear agus ainmhí amach as;
18
dá mbeadh fiú an triúr seo ann, ní thabharfaidís mac ná iníon slán ach iad féin amháin, dar mo bheo is é an Tiarna a labhraíonn.
19
Nó dá seolfainn plá chun na tíre sin agus m' fhearg a ídiú ann le fuil ionas go scriosfaí gach fear agus ainmhí ann;
20
dá mbeadh fiú Naoi, Dainéil agus Iób ann, dar mo bheatha an Tiarna Dia a labhraíonn ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin.
21
«Seo mar a deir an Tiarna: Nach mó fós a tharlóidh nuair a ghearrfaidh mé mo cheithre phionós nimhneacha ar Iarúsailéim an claíomh, an gorta, ainmhithe allta agus an phlá ionas go scriosfar ann gach fear agus ainmhí!
22
Ach má fhágtar aon duine ann le bhur mic agus bhur n-iníonacha a tharrtháil; nuair a thiocfaidh siad chugaibh agus nuair a fheicfidh sibh a n-iompar agus a ngníomhartha, gheobhaidh sibh sólás cúitimh as an olc a thug mé ar Iarúsailéim, as ar tharraing mé anuas uirthi.
23
Tabharfaidh siad sólás daoibh nuair a fheiceann sibh a n-iompar agus a ngníomhartha; agus tuigfidh sibh nach gan fáth a rinne mé gach rud mar a rinne an Tiarna Dia a labhraíonn.»
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48