bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 9
Ezekiel 9
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 10 →
1
Ghlaoigh sé ansin de ghuth ard agus mé ag éisteacht leis: «Druidigí anseo, a scriostóirí na cathrach, agus a uirlis scriosta ina láimh ag gach fear agaibh.»
2
Agus féach, tháinig seisear fear ó threo an gheata is faide ó thuaidh, a uirlis scriosta ina láimh ag gach fear acu, agus bhí fear in éadach lín ina measc a raibh adharc dúigh scríobhaí ina chrios. D' imigh siad isteach agus sheas le taobh na haltóra práis.
3
D' ardaigh glóir Dhia Iosrael ó na ceiribíní, mar a raibh sí, go tairseach an tí; agus ghlaoigh sé ar an bhfear in éadach lín a raibh adharc dúigh ina chrios.
4
Dúirt an Tiarna leis: «Imigh ar fud na cathrach, ar fud Iarúsailéim, agus cuir comhartha croise ar éadan na ndaoine go léir a osnaíonn agus a mhairgníonn mar gheall ar na himeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl inti.»
5
Chuala mé é ag rá leis an gcuid eile: «Gabhaigí tríd an gcathair ina dhiaidh agus buailigí gan anacal gan trócaire.
6
Maraígí ar áit na mbonn idir fhir sean agus óg agus chailiní, idir pháistí agus mhná; ach ná bainigí d' aon duine a bhfuil an comhartha air. Tosaigí ag mo shanctóirse.» Thosaigh siad, dá bhrí sin, leis na sinsir a bhí os comhair an Teampaill.
7
Dúirt sé leo ansin: «Truailligí an Teampall agus líonaigí na cúirteanna leis na mairbh, agus gluaisigí libh.» D' imigh siad leo agus mharaigh siad rompu ar fud na cathrach.
8
Agus iad ag marú leo, agus mise fágtha liom féin, shléacht mé go talamh agus chaoin os ard: «A Thiarna Dia, an scriosfaidh tú iomlán a bhfuil fágtha d' Iosrael sa taom feirge seo i gcoinne Iarúsailéim?»
9
Dúirt sé liom ansin: «Is an-mhór ciontacht mhuintir Iosrael agus Iúdá, tá an tír lán d' fhuil agus an chathair lán d' urchóid; óir deir siad: 'Tá an tír tréigthe ag an Tiarna, níl radharc ná súl ag an Tiarna.'
10
Maidir liom féin, tabharfaidh mé chun cúitimh iad, gan anacal gan trócaire.»
11
Agus féach, an fear in éadach lín agus adharc dúigh scríobhaí ina chrios thug sé scéal leis ar ais ag rá: «Rinne mé mar a d' ordaigh tú dom.»
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48