bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 29
Ezekiel 29
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 28
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 30 →
1
Sa deichiú bliain, ar an dara lá déag den deichiú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam:
2
«A mhic an duine, iompaigh i dtreo Fhorainn, rí na hÉigipte, agus tairngir ina éadan agus in éadan na hÉigipte uile.
3
Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise i d' aghaidh, a Fhorainn, a rí na hÉigipte, a chrogaill mhóir, ag únfairt i lár srutháin na Níle, a deir: 'Is liomsa féin an Níl, mise a rinne [í].'
4
Cuirfidh mé duáin trí do ghialla agus tabharfaidh ar éisc do shruthán dul i bhfostú i do lanna. Tabharfaidh mé aníos thú as do shrutháin agus éisc uile do shruthán i bhfostú i do lanna.
5
Caithfidh mé amach san fhásach thú, tú féin agus éisc uile do shruthán; titfidh tú ar mhachaire lom, gan do chruinniú le chéile ná do chur sa talamh. Tabharfaidh mé mar bhia thú do bheithígh an mhachaire agus d' éanlaith an aeir,
6
ionas go dtuigfidh muintir uile na hÉigipte gur mise an Tiarna. Óir bhí tusa mar bhata giolcaí ag muintir Iosrael.
7
Nuair a rug siad greim ort bhris tú ina lámha, agus réab a nguaillí uile; nuair a lig siad taca leat bhris tú arís agus chuir a leasracha ar crith.
8
«Ar an ábhar sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé an claíomh anuas ort agus coscróidh mé idir dhuine agus bheithíoch.
9
Fágfar an Éigipt ina fásach lom agus tuigfear ansin gur mise an Tiarna. De bhrí go ndúirt sé: 'Is liomsa an Níl, mise a rinne í';
10
dá bhrí sin tá mise i do choinne agus i gcoinne do shruthán. Fágfaidh mé an Éigipt ina fásach lom folamh ó Mhigdeol go Saené, fad le teorainn na hAetóipe.
11
Ní rachaidh cos duine tríd, ní mó a rachaidh crúb beithígh tríd; fágfar é gan cónaí ann go ceann daichead bliain.
12
Fágfaidh mé tír na hÉigipte ina fásach i measc tíortha fásaigh agus a cathracha scriosta i measc cathracha scriosta eile go ceann daichead bliain. Scaipfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha, agus cuirfidh mé an ruaig orthu ar fud na dtíortha.
13
Seo mar a deir an Tiarna Dia: i gcionn daichead bliain cruinneoidh mé na hÉigiptigh ó na ciníocha a raibh siad scaipthe ina measc.
14
Tabharfaidh mé braighdeanaigh na hÉigipte ar ais agus socróidh mé iad i dtír Phatros, tír a ndúchais, áit a ndéanfaidh siad ríocht uiríseal.
15
Beidh sí ar an ríocht is uirísle dá mbeidh ann agus ní bheidh smacht aici níos mó ar na ciníocha eile. Laghdóidh mé í ionas nach mbeidh sí arís i gceannas ar na ciníocha.
16
Ní hé amháin nach mbeidh sí ina crann taca ag muintir Iosrael ach cuirfidh sí a peacaí i gcuimhne do Iosrael nuair a iarrfaidh Iosrael cuidiú uirthi. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna Dia.»
17
Sa seachtú bliain is fiche, ar an gcéad lá den chéad mhí, tháinig briathar an Tiarna chugam:
18
«A mhic an duine, thug Nabúcadnazar, rí na Bablóine, ar a shlua saothar mór a dhéanamh in aghaidh na Tuíre. Rinneadh maol gach ceann agus lomadh craiceann gach gualainne; ach ina ainneoin sin ní bhfuair sé féin ná a shlua aon bhuntáiste ón Tuír ar son an tsaothair seo ina haghaidh.
19
Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé tír na hÉigipte do Nabúcadnazar, rí na Bablóine; tabharfaidh sé leis a maoin go léir idir éadáil agus chreach mar thuarastal dá shlua.
20
Tá mé ag tabhairt tír na hÉigipte dó mar luach a shaothair de bhrí gur oibrigh sé ar mo shonsa an Tiarna Dia a labhraíonn.
21
«An lá sin tabharfaidh mé ar adharc eascairt as muintir Iosrael agus ligfidh mé duit do bhéal a oscailt chun labhairt leo. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.»
← Chapter 28
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 30 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48