bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 21
Ezekiel 21
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 22 →
1
21:6 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2
7 «A mhic an duine, iompaigh i dtreo Iarúsailéim, cuir do mhallacht ar an sanctóir agus tairngir in aghaidh thír Iosrael.
3
8 Abair le tír Iosrael: 'Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé i do choinne, nochtfaidh mé mo chlaíomh as a thruaill agus maróidh mé idir fhíréan agus chiontach.
4
9 Tarraingeoidh mé mo chlaíomh as a thruaill leis an bhfíréan agus an ciontach a leagan, ón Neigib ó thuaidh.
5
10 Tuigfidh gach duine gur mise, an Tiarna, a tharraing a chlaíomh as a thruaill; ní chuirfear ar ais ann arís é.'
6
11 «Lig ochón asat, a mhic an duine; lig ochón cráite agus caoineadh goirt asat ina láthair siúd.
7
12 Agus ar do cheistiú acu: 'Cad chuige an mhairg?', freagroidh tú: 'Mar gheall ar an drochscéala. Nuair a thiocfaidh sé, caillfidh an uile chroí a mhisneach agus an uile lámh a neart; titfidh gach spiorad i bhfanntais agus gach glúin in ísle brí. Tá sé buailte linn agus rachaidh chun críche an Tiarna Dia a labhraíonn.'»
8
13 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
9
14 «A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia. Abair: An claíomh! An claíomh! Tá faobhar agus snas ar an gclaíomh.
10
15 An faobhar don ár, an snas don drithliú. 15b An cúis áthais é seo againn gur dhíspeag sibh ríshlat mo mhic amhail gach sórt crainn? ABN: 15, 16, 15b
11
16 Snasaítear é chun úsáide; faobhraítear agus snasaítear é lena chur i láimh an mharfóra.
12
17 Lig uaill agus olagón asat, a mhic an duine. Tá sé i ndán do mo phobal, do phrionsaí uile Iosrael mar aon le mo phobal, atá tugtha suas don chlaíomh. Buail do cheathrú dá bhrí sin,
13
18 óir ní céadiarracht ar bith é seo. An bhfuil aon teorainn lena chumhacht má dhíspeagann sibh an ríshlat? an Tiarna Dia a labhraíonn.
14
19 A mhic an duine, tairngir agus buail bosa, titeadh an claíomh faoi dhó nó faoi thrí, claíomh seo na marbh, claíomh an áir mhóir a chiorclaíonn iad.
15
20 Ionas go mbeidh uamhan ina gcroí agus go dtitfidh mórshlua, tá claíomh ar tarraingt agam ag an uile gheata; é ag drithliú agus faobhar air don ár.
16
21 Treascair leat ar dheis agus ar chlé, faobhar ar aghaidh.
17
22 Buailfidh mise bosa fosta; ídeoidh mé mo fhearg. Mise, an Tiarna, a labhair.»
18
Tháinig briathar an Tiarna chugam arís: 23
19
24 «A mhic an duine, socraigh dhá bhealach do theacht chlaíomh rí na Bablóine; bíodh an dá bhealach ag teacht ón tír chéanna. Tóg cuaille eolais ag ceann an bhealaigh chun na cathrach;
20
25 socraigh bealach ar a dtiocfaidh an claíomh go Rábá na nAmónach agus go Iúdá agus go dún Iarúsailéim.
21
26 Óir seasann rí na Bablóine ag an ngabhal ag ceann an dá bhealach a dhéanamh fáistine. Craitheann sé na saigheada, téann i gcomhairle leis an taráfaím, iniúchann na haenna.
22
27 Titeann an tuar do Iarúsailéim ina láimh dheas: ní mór dó focal spreagtha chun áir a thabhairt, gáir chatha a fhógairt, reithí cogaidh a dhíriú ar na geataí, mótaí cré agus ballaí léigir a thógáil.
23
28 Dar le muintir na cathrach, iadsan a thug mionna, is fáistine bhréige í. Ach cuirfidh seisean a gcionta i gcuimhne dóibh ionas go ngabhfar iad.
24
29 «Uime sin, is mar seo a deir an Tiarna: De bhrí gur thug sibh fianaise ar bhur gciontacht an oiread sin, gur fhoilsigh sibh bhur gcoireanna, agus gur léirigh sibh bhur bpeacaí in bhur n-uile imeachtaí; de bharr na fianaise seo gearrfar pionós oraibh.
25
30 Agus fútsa, a phrionsa aindiaga urchóidigh Iosrael, a bhfuil lá do phionóis báis buailte leat,
26
31 déarfaidh an Tiarna: Tógfar uait an turban, bainfear díot an choróin; ní fhanfaidh an saol mar atá; ardófar an t-íseal agus ísleofar an t-ard.
27
32 Ar lár, ar lár, ar lár a fhágfaidh mé í. Ní fhanfaidh an lorg is lú di nó go dtiocfaidh an fear ceart; is dósan a thabharfaidh mé í.»
28
«Tusa, a mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia faoi na hAmónaigh agus faoina masla: Abair: An claíomh, tá an claíomh ar tarraingt don ár, tá snas air chun scriosta agus chun drithlithe mar thintreach 33
29
34 le linn d' fhíseanna baotha agus do chomhairle le fáistiní bréige lena leagan ar mhuineál an lucht aindiaga urchóidigh a bhfuil lá a bpionóis báis buailte leo.
30
35 Cuir ar ais sa truaill é. Daorfaidh mé thú san áit ar cruthaíodh thú, i do thír dhúchais féin.
31
36 Silfidh mé mo dhíbheirg anuas ort, séidfidh mé tine mo chuthaigh i d' aghaidh, agus tabharfaidh mé suas thú i lámha lucht bhrúidiúil atá tugtha don scrios.
32
37 Beidh tú mar chonnadh don tine, beidh d' fhuil ag rith ar fud na tíre, ní chuimhneofar ort níos mó. Óir mise, an Tiarna, a labhair.»
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 22 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48