bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 45
Ezekiel 45
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 44
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 46 →
1
«Nuair a roinnfidh tú an tír mar oidhreacht trí chrannchur, cuirfidh tú roinn ar leataobh don Tiarna mar thalamh naofa, cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus [fiche] míle banlámh ar leithead. Beidh iomlán na talún seo naofa.
2
Beidh cearnóg chúig chéad banlámh de seo don sanctóir agus spás oscailte caoga banlámh timpeall air.
3
As an tearmann seo tomhaisfidh tú roinn cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus deich míle banlámh ar leithead ina mbeidh an sanctóir, an áit rónaofa.
4
Beidh sé ar an gcuid naofa den tír, beidh sé ag na sagairt a fhreastalaíonn sa sanctóir agus a thriallann ar an Tiarna a dhéanamh seirbhíse dó. Beidh an áit sin ina láthair dá dtithe acu agus ina áit naofa don sanctóir.
5
Roinn eile, cúig mhíle banlámh ar fad agus deich míle banlámh ar leithead, beidh sé mar láthair dá mbailte cónaithe ag na Léivítigh a fhreastalaíonn sa Teampall.
6
Le hais na ranna a bhaineann leis an sanctóir tabharfaidh sibh don chathair mar ghabháltas cúig mhíle banlámh ar leithead agus cúig mhíle banlámh is fiche ar fad; beidh seo ag muintir Iosrael uile.
7
«Beidh roinn ag an bprionsa ar an dá thaobh de fhearann an tsanctóra agus de ghabháltas na cathrach, ar aon teorainn le fearann an tsanctóra agus le gabháltas na cathrach siar agus soir, ar aon fhad le roinn treibhe agus ag síneadh ó theorainn thiar go teorainn thoir na tíre.
8
Sín é a ghabháltas in Iosrael. Ní bhrúfaidh mo phrionsaí ar mo phobal níos mó; ach fágfaidh siad an chuid eile den tír do mhuintir Iosrael de réir a dtreibheanna.
9
«Seo mar a deir an Tiarna Dia: Go mba leor libh é seo, a phrionsaí Iosrael! Éirígí as an láimh láidir agus as an ansmacht; cuirigí an chóir agus an fhíréantacht i bhfeidhm; ná brúigí ar mo phobal níos mó le tobhach cíosa an Tiarna Dia a labhraíonn.
10
Bíodh scálaí cothroma agaibh, éafá cothrom agus bat cothrom.
11
Bíodh an t-éafá agus an bat ar aon mhiosúr, ionas go gcoinneodh an bat an deichiú cuid de hoimear agus an t-éafá an deichiú cuid de hoimear. Bíodh an hoimear ina chaighdeán mar mhiosúr.
12
Bíodh fiche géará sa seicil; agus in aon mhíoná amháin agaibh bíodh fiche seicil, cúig sheicil is fiche agus cúig sheicil déag.
13
«Seo í an ofráil a thobhfaidh sibh, an séú cuid d' éafá ó gach hoimear cruithneachta, agus an séú cuid d' éafá ó gach hoimear eorna.
14
An tobhach ar ola: bat ola ó gach deich mbat nó ó gach cor, atá ar aon mhiosúr le deich mbat nó le haon hoimear amháin de bhrí gurb ionann deich mbat agus hoimear.
15
Tobhfaidh sibh caora ó gach tréad de dhá chéad ó [theaghlaigh] Iosrael; sin í an ofráil do na habhlanna, do na híobairtí dóite agus do na híobairtí síochána. Is é sin bhur leorghníomh an Tiarna Dia a labhraíonn.
16
Tabharfaidh muintir uile na tíre an ofráil seo do phrionsa Iosrael.
17
Beidh dualgas ar an bprionsa na híobairtí dóite, na habhlanna agus na híobairtí dí a chur ar fáil ag na féilte, ag na réanna nua agus na sabóidí, ag féilte cinnte uile mhuintir Iosrael. Cuirfidh sé ar fáil na híobairtí peaca, na habhlanna, na híobairtí dóite agus na híobairtí síochána mar leorghníomh ar son mhuintir Iosrael.
18
«Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ar an gcéad lá den chéad mhí glacfaidh tú tarbh óg gan smál agus glanfaidh tú an sanctóir.
19
Glacfaidh an sagart cuid den fhuil ón íobairt pheaca agus doirtfidh í ar ursaineacha an Teampaill, ar cheithre chúinne phlionta na haltóra agus ar ursaineacha na ngeataí sa chúirt inmheánach.
20
Déanfaidh tú amhlaidh ar an seachtú lá den mhí ar son an duine a pheacaigh trí neamart nó aineolas. Mar seo a dhéanfaidh tú leorghníomh don Teampall.
21
Ar an gceathrú lá déag den chéad mhí beidh ort féile na Cásca a cheiliúradh. Ar feadh seacht lá íosfaidh cách arán gan ghabháil.
22
An lá sin ofrálfaidh an prionsa tarbh óg mar íobairt pheaca dó féin agus do phobal uile na tíre.
23
Ar feadh seacht lá na féile ofrálfaidh sé mar íobairt dhóite don Tiarna seacht dtarbh óga agus seacht reithe gan smál, gach lá den tseachtain; agus pocán gabhair gach lá mar íobairt pheaca.
24
Ofrálfaidh sé mar abhlann éafá do gach tarbh, éafá do gach reithe, agus hín ola do gach éafá.
25
«Don fhéile a thiteann ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí, déanfaidh sé mar an gcéanna ar feadh seacht lá, ag soláthar d' íobairtí peaca, d' íobairtí dóite, d' abhlann agus d' ola.»
← Chapter 44
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 46 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
Recommended Reading
Commentary
Ezekiel Commentaries
→
Devotional
Ezekiel Devotional Guide
→
Get This Bible
Irish - (An Bíobla Naofa ) Study Bible
→