bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 11
Ezekiel 11
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 12 →
1
Thóg an spiorad ansin mé agus rug mé go geata thoir Theampall an Tiarna, an geata a fhéachann soir. Ar an mbealach isteach ag an ngeata bhí cúigear fear is fiche agus ina measc chonaic mé Iázainia mac Azur agus Palaitia mac Bhanáiá, uachtaráin an phobail.
2
«A mhic an duine,» arsan Tiarna, «seo lucht na drochchomhcheilge a thugann comhairle a haimhleasa don chathair seo;
3
na daoine a deir: '[Nach bhfuil] sé in am againn tithe a thógáil? Is coire an chathair seo agus is sinne an fheoil.'
4
Dá bhrí sin, tairngir ina gcoinne, tairngir, a mhic an duine!»
5
Tháinig spiorad an Tiarna anuas orm agus dúirt sé liom: «Abair: 'Is mar seo a deir an Tiarna: Sin mar a mheasann sibh, a mhuintir Iosrael, mar tá fios bhur smaointe agamsa.
6
Mhéadaigh sibh líon bhur marbh sa chathair seo, líon sibh na sráideanna le corpáin.
7
Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna: Na mairbh a leag sibh inti, is iadsan an fheoil agus is í an chathair an coire; ach tá sé ar intinn agam sibh a thiomáint amach aisti.
8
B' eagal libh an claíomh agus tabharfaidh mé an claíomh anuas oraibh an Tiarna Dia a labhraíonn.
9
Tiomáinfidh mé amach sibh, tabharfaidh mé suas do na coimhthígh sibh, agus gearrfaidh mé pionós oraibh.
10
Titfidh sibh leis an gclaíomh ar thalamh Iosrael, gearrfaidh mé pionós oraibh agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.
11
Ní bheidh an chathair seo ina coire agaibh ná sibhse in bhur bhfeoil istigh; gearrfaidh mé pionós oraibh ar thalamh Iosrael,
12
agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. Níor shiúil sibh de réir mo reachtanna agus níor chomhlíon sibh mo dheasghnátha; ach chleacht sibh gnásanna na gciníocha máguaird.'»
13
Tharla, agus mé ag tairngreacht, gur éag Palaitia mac Bhanáiá. Shléacht mé go talamh agus bhéic os ard: «A Thiarna Dia, an bhfuil sé leagtha amach agat iarmhar Iosrael a dhíothú?»
14
Tháinig briathar an Tiarna chugam ansin:
15
«A mhic an duine, do bhráithre is é sin do dheartháireacha, fir do chine, muintir iomlán Iosrael dúirt muintir Iarúsailéim leo: 'D' imigh sibhse i bhfad ón Tiarna; is dúinne a tugadh an tír seo mar oidhreacht.'
16
Abair, dá bhrí sin: 'Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cé gur theilg mé i bhfad uaim iad i measc na gciníocha agus gur scaip mé iad ar fud na dtíortha, ba shanctóir dóibh mé ar feadh tamaill sa tír ina ndeachaigh siad.'
17
Abair, dá bhrí sin: 'Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cruinneoidh mé sibh ó na ciníocha, cruinneoidh mé sibh as na tíortha inar scaipeadh sibh agus bronnfaidh mé fearann Iosrael oraibh.'
18
Ar theacht ansin dóibh ruaigfidh siad glan idir uafáis agus imeachtaí gránna aisti.
19
Tabharfaidh mé aon chroí amháin dóibh, cuirfidh mé spiorad úr isteach iontu: aistreoidh mé an croí cloiche óna gcorp agus tabharfaidh mé croí feola dóibh,
20
ionas go siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus go gcomhlíonfaidh siad mo dheasghnátha gan faillí a dhéanamh; agus beidh siad ina bpobal agamsa agus mise i mo Dhia acusan.
21
Ach i dtaobh an dreama a dtéann a gcroí sa tóir ar uafáis agus ar imeachtaí gránna, cúiteoidh mé a ngníomhartha leo féin an Tiarna Dia a labhraíonn.»
22
Ansin spréigh na ceiribíní a sciatháin amach agus na rothaí lena n-ais, agus bhí glóir an Tiarna os a gcionn.
23
D' éirigh glóir an Tiarna ó lár na cathrach agus sheas ar an sliabh ar oirthear na cathrach.
24
Thóg an spiorad mé agus rug mé i bhfís ó spiorad Dé go Caildéa, chuig na deoraithe. An fhís a chonaic mé d' imigh sí ar shiúl uaim ansin,
25
agus d' inis mé do na deoraithe ar thaispeáin an Tiarna dom.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48