bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 13
Ezekiel 13
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 14 →
1
Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2
«A mhic an duine, tairngir i gcoinne fháithe Iosrael, tairngir agus abair leosan a thairngríonn as a stuaim féin: 'Éistigí le briathar an Tiarna.'
3
Seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg do na fáithe baotha a leanann a spiorad féin gan aon rud a fheiceáil.
4
Tá d' fháithe amhail sionnaigh i lár fothrach, a Iosrael.
5
«Ní dheachaigh sibh suas sna bearnaí ná níor dhaingnigh sibh muintir Iosrael, ionas go seasfaidís sa chath lá an Tiarna.
6
Bíonn físeanna baotha agus tairngreachtaí bréige acu agus deir siad: 'Is é an Tiarna a labhraíonn'; cé nach é an Tiarna a chuireann uaidh iad; agus iad ag súil leis ina ainneoin sin go bhfíorófar a mbriathra.
7
An amhlaidh nach baoth an fhís a chonaic sibh agus nach bréagach an tairngreacht nuair a deir sibh: 'Is é an Tiarna a labhraíonn'; nuair nár labhair mé ar chor ar bith?»
8
Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: «Ar an ábhar gur labhair sibh go díomhaoin agus go bhfaca sibh bréaga, féach, tá mise in bhur gcoinne an Tiarna Dia a labhraíonn.
9
Sínfidh mé mo lámh i gcoinne fáithe na bhfíseanna baotha agus na dtairngreachtaí bréige. Ní bheidh áit acu ar ardchomhairle mo phobail, ní chlárófar iad ar rolla mhuintir Iosrael, ní leagfaidh siad cos ar thalamh Iosrael, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna Dia.
10
Óir tá mo phobal ar seachrán acu ag fogairt na síochána nuair nach bhfuil aon síocháin ann; tá brat aoil daite ar an mballa acu nuair is balla nua a thógfaidh an pobal.
11
Abair leo siúd a dhathaíonn é le haol go dtitfidh sé. Beidh tuile bháistí ann, titfidh clocha móra sneachta, séidfidh stoirm ghaoithe;
12
agus nuair a thitfidh an balla nach ndéarfar libh: 'Cá bhfuil an t-aol lenar dhathaigh sibh é?'
13
Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Scaoilfidh mé stoirm ghaoithe lena réabadh agus fearg orm, scaoilfidh tuile bháistí agus cuthach orm, clocha móra sneachta agus fraoch orm.
14
Scriosfaidh mé an balla a dhathaigh sibh le haol agus teilgfidh mé go talamh é, ionas go bhfágfar a bunsraith nocht. Titfidh sé agus caillfear sibhse ina lár; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.
15
«Sin mar a ídeoidh mé mo fhearg ar an mballa agus orthusan a dhathaigh é le haol. Déarfaidh mé libh: Tá deireadh leis an mballa agus leo siúd a dhathaigh é,
16
leis na fáithe sin de chuid Iosrael a thairngir faoi Iarúsailéim agus a chonaic físeanna síochána nuair nach raibh aon síocháin ann an Tiarna Dia a labhraíonn.»
17
«Tusa, a mhic an duine, iompaigh in aghaidh iníonacha do mhuintire a thairngríonn as a stuaim féin; tairngir ina gcoinne.
18
Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg do na mná a fhuann rufaí ar an uile chaol láimhe, a dhéanann caillí cinn do chách idir ard agus íseal, chun anamacha a chur i sáinn. An ndéanfaidh sibhse anamacha mo phobail a chur i sáinn agus aire a thabhairt d' anamacha eile ar mhaithe libh féin?
19
Mhaslaigh sibh mise os comhair mo phobail féin ar son dornáin eorna agus blúirí aráin, á marú siúd nár chóir a mharú agus ag cothú dream nár chóir a chothú, trí bhréaga a insint do mo phobal a dtaitníonn leo éisteacht le bréaga.
20
«Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Is beag orm bhur rufaí lena dtóraíonn sibh na hanamacha (amhail éanlaith); réabfaidh mé ó chaolta bhur lámh iad agus fuasclóidh mé na hanamacha a thóraíonn sibh amhail éanlaith.
21
Réabfaidh mé bhur gcaillí mar an gcéanna, saorfaidh mé mo phobal uaibh agus ní bheidh siad i ngreim mar chreach agaibh feasta; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.
22
De bhrí gur chuir sibh imní le bréaga ar an bhfíréan nár chuir mise imní air; agus gur spreag sibh an ciontach ionas nach gcasfadh sé óna drochiompar lena bheatha a shlanú;
23
dá bhrí sin uile, ní fheicfidh sibh níos mó na físeanna baotha, ní dhéanfaidh sibh fáistine; fuasclóidh mé mo phobal as bhur lámha. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.»
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48