bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezekiel 17
Ezekiel 17
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 18 →
1
Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2
«A mhic an duine, cuir tomhas amach, inis fáthscéal do mhuintir Iosrael.
3
Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Iolar mór, mórsciathánach, fadeiteogach, le clúmh tiubh ildathach, a tháinig go dtí an Liobáin. Rug sé ar bharr an chéadrais,
4
bhris an beangán úr ar bharr, thug leis é go tír thráchtála, agus leag síos é i gcathair cheannaithe.
5
Ansin ghlac sé de shíol fíniúna, agus chuir in ithir thorthúil é, i gcóngar uiscí líonmhara, á chur mar chraobhóg shailí.
6
Ghin an síol agus d' fhás ina fhíniúin, a bhí íseal agus leathan. D' fhás na géaga i dtreo an iolair agus na fréamhacha síos sa talamh. Tháinig ann dó mar fhíniúin, thug géaga uaidh agus chuir amach duilliúir.
7
Bhí iolar mór [eile] ann, mórsciathánach, dlúthchlúmhach. Féach, chlaon an fhíniúin a fréamhacha ina threo, agus scaoil a géaga ina threo, amach ón gceapach inar síoladh í, ionas go n-uisceodh sé í.
8
Ba in ithir thorthúil i gcóngar uiscí líonmhara a cuireadh an fhíniúin, chun géaga a fhás, chun torthaí a bhreith, agus aibiú mar fhíniúin uasal.
9
Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An mbeidh an rath uirthi seo? Nach mbrisfidh an t-iolar na fréamhacha agus na torthaí a ropadh leis, ionas go bhfeofaidh an duilliúr úr nuair a phéacfaidh sé? Ní bheidh gá le neart ná le slua lena tarraingt aníos ó na fréamhacha.
10
Tá sí curtha ansin; an mbeidh an rath uirthi? Nach seargfaidh sí nuair a shéideann an ghaoth anoir uirthi? Nach bhfeofaidh sí san ithir inar fhás?»
11
Tháinig briathar an Tiarna chugam ansin:
12
«Abair leis an dream ceannairceach sin: 'Nach dtuigeann sibh cad is ciall leis na nithe seo?' Inis dóibh: Féach, tháinig rí na Bablóine go Iarúsailéim; ghabh sé an rí agus na prionsaí agus thug leis iad chun na Bablóine.
13
Ghlac sé fear de shíol na rí agus rinne conradh leis, á chur faoi bhrí na mionn. Ghabh sé cheana féin taoisigh na tíre
14
ionas go mbeadh an ríocht uiríseal gan éirí in airde agus go bhfanfadh sí dílis don chonradh agus go mairfeadh.
15
Ach d' éirigh [an prionsa] amach agus chuir teachtaí chun na hÉigipte, ionas go dtabharfaidís capaill agus slua fear dó. An n-éireoidh leis? An rachaidh a leithéid seo d' fhear slán? An bhfuil sé i ndán d' fhear briste an chonartha dul slán?
16
Dar mo bheo an Tiarna Dia a labhraíonn dar mo fhocal, gheobhaidh sé bás in áit chónaithe an rí a bhfuair sé an choróin uaidh, is é sin, sa Bhablóin. Óir mhaslaigh sé a mhionn agus bhris a chonradh.
17
Ní dhéanfaidh Forann tarrtháil air sa chogadh lena shlua neartmhar agus a mhórchuideachta, ainneoin na mótaí cré agus na mballaí léigir a thógfaí, agus an méid a mharófaí, sa tógáil.
18
De bhrí gur mhaslaigh sé an mionn agus gur bhris an conradh a raibh sé fós faoi cheangal aige; dá bhrí sin uile, ní rachaidh sé slán.
19
«Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dar mo bheo, mo mhionn a mhaslaigh sé agus mo chonradh a bhris sé, cúiteoidh mé iad ar a cheann féin.
20
Leathfaidh mé m' eangach thairis agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogaill; tabharfaidh mé liom chuig an Bhablóin é agus gearrfaidh mé pionós air ansin mar gheall ar an bhfeall a d' imir sé orm.
21
Titfidh togha a shlua leis an gclaíomh agus scaipfear an t-iarmhar le gach gaoth; agus aithneoidh tú gur mise, an Tiarna, a labhair.
22
Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ó bharr an chéadrais, ón ngéag is airde de gearrfaidh mé maothán agus cuirfidh é ar shliabh ard beannach;
23
ar bharr shliabh Iosrael a chuirfidh mé é. Ginfidh sé géaga agus béarfaidh toradh, agus beidh ina chéadras breá. Cónóidh gach sórt éin faoi, lonnóidh gach dúil sciathánach faoi scáth a ghéag.
24
Agus tuigfidh gach crann sa pháirc gur mise, an Tiarna, a leagann an crann ard, agus a thógann an ceann íseal, a sheargann an crann glas agus a bhláthaíonn an ceann críon. Mise, an Tiarna; a labhair agus déanfaidh mé beart dá réir.»
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48