bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 1
Numbers 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 2 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, a bhfásach Sínái, a ttabernacuil án chomhchruinnighthe, an chéad lá don dara mhí, an dara bhlíadhan tar éis a tteachd amach as crích na Hégipte, dá rádh,
2
Glácuidh suim chomhchruinnighthe chloinne Israel uile, dó réir a muinntearadh, maille ré uibhir a nanmann, gach uile fheardha do reir a cceann;
3
O chíonn fhichid blíadhan dáois agus ós a chionn, an mhéid atá iondula amach do dhéanamh cogaidh a Nísrael: áireomhuidh tusa agus Aáron íad dó réir a slúaigh.
4
Agus biodh ad fhochairsi duine dá gach éaintreibh; gach éancheann tíghe ar lorg a naithreadh.
5
¶ Agus a síadso anmanna na ndáoine sheasfas ad fhochuirse: do threibh Réuben; Elisur mac Sedeur.
6
Do Shimeóin; Selumíel mac Surishaddai.
7
Do Iudah; Nason mac Amínadab.
8
Do Isachar; Netaneel mac Suar.
9
Do Shebulun; Elíab mac Helon.
10
Do chloinn Ióseph: ó Ephraim Elisama mac Amihud: ó Mhanasseh; Gamaliel mac Pedasur.
11
Do Bheniamin; Abidan mac Gideoni.
12
Do Dhan; Ahieser mac Ammishaddai.
13
Do Aser; Pagiel mac Ocran.
14
Do Ghad: Eliásaph mac Deuel.
15
Do Naphtali; Ahíra mac Enan.
16
Ba híadso dob óirdhearca don chomhchruinniughadh, prionnsuidh do threabha a naithreadh, cinn mhílte a Nísráel.
17
¶ Agus do ghabh Maóise agus Aáron na dáoinesi noch atá ar na bhfoillsíughadh ré na nanmannuibh:
18
Agus do chruinnigheadar an coimhthionól uile á bhfochair a chéile an chéud lá don dara mhí, agus do fhoillsigheadar a ngeinealach do réir a muinntire, lé tighe a naithreadh, do réir uibhre a nanmann, ó fhichid bliadhan dáois agus ós a chionn, do réir a ccéann.
19
Fá mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise, is mar sin do áir sé íad a bhfásach Sínái.
20
Agus clann Reuben, an mac fá sine ag Israel, lé na ngeinealach, do réir a muinntire, do réir thighe a naithreadh, do réir uibhre a nanmann, do réir a cceann, gach firionnach ó fhíchid bliadhan dáois agus ós a chionn, an mhéid do bhí iondula amach chum coguidh;
21
An mhéid do háirmheadh dhíobh, eádhon do threibh Reuben, do bhádar sé mhíle agus dá fhíchid míle, agus cúig chéud.
22
¶ Do chlannuibh Síméon, maille ré na ngeinealach, do réir a muinntire, as tighe a naithreadh, an mhuinntir do háirmheadh dhíobh, do réir uibhre a nanmann, do réir a gceann, gach firionnach ó fhíchid blíadhan dáois agus ós a chionn, an mhéid do bhí iondul amach chum coguidh;
23
An mheíd so do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Shímeon, do budh caogad agus naoi míle agus trí chéad íad.
24
¶ Do chlannuibh Gad, do réir a nginealach do réir a muinteara, as tighe a naithreadh, do réir uibhre a nanmann, ó fhichid bliadhan daóis agus os a chionn, an mhéid do bhí iondul amach a gcogadh;
25
An mhéid so do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Gad, do bhádar na ccúig agus ceathrachad míle se chéud agus caogad.
26
¶ Do chlannuibh Iúdah, do réir a nginealach, do réir a muinnteara, as tighe a naithreadh, do réir áireamh a nanmann, ó fhíchid bliadhan daóis agus ós a chionn, an mhéid do bhí iondul chum cogaidh;
27
An méid do hairmheadh dhíobh, eadhon do threibh Iúdah, do bhádar trí fichid agus ceithre mhile deúg agus sé chéud.
28
¶ Do chlannuibh Issachar, do réir a ngínealach, do réir a muinntear, as tíghe a naithreadh, do réir uibhre na nanmann, ó fhichid bliadhan dáois agus ós a chionn, an mhéid do bhí iondul chum cogaidh;
29
An mheid do hairmheadh dhiobh, eadhon do threibh Issachar, do bhádar caogad agus ceithre mhíle agus ceithre chéud.
30
¶ Do chlannuibh Sebulun, gun a nginealach, do réir a muintear, as tighe a naithreadh, do réir uibhre a nanmann, ó fhichid bliadhan daois agus ós a chionn, an mhéid do bhí iondul a mach san chath;
31
An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Sebulun, do bhádar caogad agus seachd míle agus ceithre chéud.
32
¶ Do chloinn Ióseph, eadhon, do chloinn Ephraim, guna nginealach, do réir a muinntear, as tighe a naithreadh, do réir uibhre a nanmann, ó áois fhichid bliadhan agus ós a chionn, an mhéid do bhí iondul amach chum cogaidh;
33
An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Ephraim, do bhadar dhá fichid míle agus cúig chéud,
34
¶ Do chloinn Mhánasseh, do réir a nginealach, do réir a muinntear, as tighe a naithreadh, do réir uibhre a nanmann, ó aóis fhichid bliadhan agus ós a chionn, an mhéid dá ttáinig dul amach chura cogaidh;
35
An mhéid so do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Mhanasseh, do bhádar dhá mhíle agus tríochad agus dá chéud.
36
¶ Do chloinn Bheniamin, do réir a nginealach, as tighe a naithreadh, do réir uibhre a nanmann, ó fhíchid bliadhan daois agus ós a chionn, an mhéid do bhi iondul amach chum cogaidh;
37
An mhéid do háirmheadh dhíobh eadhon do threibh Bheniamin, do bhádar cúig mhile agus tríochad agus ceithre chéud.
38
¶ Do chloinn Dan do réir a nginealach, do réir a muinntear, as tighe a naíthreadh, do réir uibhre a nanmann, ó aois fhichid bliadhan agus ós a chionn, an mhéid do bhí iondul amach chum cogaídh;
39
An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Dan, do bhádar dha mhíle, thar trí fichid agus seachd gcéad:
40
¶ Do chloinn Aser, do reir a nginealach, do réir a muinntear, as tighe a naithreadh, do réir uibhre a nanmann, ó aois fhichid bliadhan agus ós a chionn, an mhéid da dtáinic dul amach san ccogadh;
41
An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Aser, do bhádar aon agus dá fhíchid míle agus cúig cheud.
42
¶ Do chloinn Naphtali, ar feadh a nginealach, do réir a muinntear, as tighe a naithreadh, do réir uibhre a nanmann, ó aois fhichid bliadhan agus ós a chionn, an mhéid do bhí iondul amach chum cogaidh;
43
An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Naphtali, do bhádar trí mhíle agus caogad agus ceithre chéud.
44
Ag so íad sín do háirmheadh, noch do áir Maóise agus Aáron, agus prionnsuighe Israel, ar mbeith dhóibh na ndá fhear dhéag: do bhí gach éinneach dhiobh ar son tighe a aithreadh féin.
45
Mar sin do bhádar uile an mhéid do háirmheadh do chlannuibh Israel, do réir tighe a naithreadh, ó aois fhichid bliadhan agus ós a chionn, an mhéid do bhí iondul amach chum cogaidh an Israel;
46
An mhéid umurro do háirmheadh uíle do bhádar sé chéud míle agus trí mhile, agus cúig chéud agus caogad.
47
¶ Achd níor háirmheadh na Lebhitigh do réir treibhe a naithreadh iona measc.
48
Oir do labhair an TIGHEARNA re Maóise, dha rádh,
49
A mháin ní chomháirfe tú treabh Lébhi, agus ná glac a nuibhir a measc chloinne Israel:
50
Achd oirdéocha tú na Lebhítigh ós cionn thabernacuil na fiaghnuisi, agus ós cionn á shoitheach uile, agus ós cionn gach éinneithe da mbeanann ris: iomchóruid siad an tabernacuil, agus a uile shoitheach; agus do dhéanuid friothólamh dhó, agus do dhéanuid foslungfort fa gcúairt timchioll an tabernacuil.
51
Agus a nuáir ghluaisfies an tabernacuil ar aghaídh, a siad na Lebhítigh leacfas a núas é: agus a nuair bhias an tabernacuil da chur na sheasamh, is íad na Lebhítigh chuirfeas súas é: agus an coimhidheach thiucfas na chomhghar cuirfighear chum báis é.
52
Agus suídheochuid clann Israel a lóistiníghe, gach éanduine aca a bhfochair a fhoslungphuirt féin, agus gach éanduine láimh ré na bhratuigh féin, ar fadh a slúagh.
53
Achd suídheochuid na Lebhítigh a scáláin fa gcuairt timchioll thabernacuil na fiadhnuise, chor nach bia dibhfhearg ar bith ar chomhchruinniughadh chloinne Israel: agus is íad na Lebhítigh bhias a gcúram coimhéada thabernacuil na fíadhnuise.
54
Agus do rinneadar clann Israel do réir a nuile neithe do ráidh an TIGHEARNA ré Maóise, is mar sin do rinneadar san.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36