bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 21
Numbers 21
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 22 →
1
Agus a nuáir do chualaidh righ Arad an Cananiteach, noch do chomhnuigh budh dheas, go ttáinic Israel a slighe an luchd bratha; annsin do throid se a naghaidh Israel, agus do ghabh cuid aca na bpríosúnachaibh.
2
Agus tug Israel móid don TIGHEARNA, agus a dubhairt, Ma sheachadann tú go dearbhtha na dáoinesi am láimhse, annsin scriosfa mé go hiomlán a ccaithréacha.
3
Agus do éist an TIGHEARNA ré glór Israel, agus do sheachaid dóibh na Cananítigh; agus do scriosadar go hiomlán íad féin agus a ccaithreacha: agus do ghoir sé Hormah dainm do náit.
4
¶ Agus do ghluáisiodar ó shlíabh Hor láimh ré slighe na mara Ruáidhe, chum teachd timchioll chríche Edom: agus do bhí anam na ndáoine ar na dhroichmheisniughadh go mór do bhrígh na sligheadh.
5
Agus do labhair an pobal a naghaidh Dé, agus a naghaidh Mhaóisi, Créd fa ttugabhair amach as a Négipt sinn dfagháil bháis san bhfásach? óir ní bhfuil arán, nó uisge ar bith ann; agus do fhuathaidh ar nanam an tarán éuttromso.
6
Agus do chuir an TIGHEARNA naithreacha nimhe tinntighe a measc an phobail, agus do chognadar an pobal; agus fuáir morán dáoine do Israel bás.
7
¶ Uimé sin tangadar an pobal chum Maóise, agus a dubhradar, Do pheacuigheamar, óir do labhramar a naghaidh an TIGHEARNA agus ad aghaidhsi; guidh an TIGHEARNA, gó mbeireadh na naithreacha nimhe uáinn. Agus do ghuidh Maóise ar son an phobail.
8
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Déana dhuit nathair nimhe thinntighe, agus cuir ar chrann í: agus tiucfa dhe sin, gach duine loitfighear, a nuáir fhéachfus uirre, go mairfidh sé.
9
Agus do rinne Maóise nathaír nimhe do phrás, agus do chuir air chránn í, agus tárla, dá loiteadh nathair nimhe éanduine, a nuáir do fhéachadh sé air a nathair nimhe phráis, go maireadh sé.
10
¶ Agus do ghluáisiodar clann Israel rompa, agus do shuidheadar ann Obot.
11
Agus do ghluáisiodar ó Obot, agus do shuidheadar ag cárnuibh Abarim, annsa bhfásach noch atá as coinne Mhoab, leath ré héirghe gréine.
12
¶ Do áthruigheadar as sin, agus do shuigheadar a ngleann Sared.
13
Do áthruigheadar as sin, agus do shuigheadar ar an ccuid thall do Arnon, noch atá annsa bhfásach noch thig amach as imlibh na Namoríteach: oir sé Arnon teórann Mhoab, idir Mhoab agus na Hamorítigh.
14
Is uime sin a deirthear a leabhruibh eoguidh an TIGHEARNA, Gidh bé rinne sé san muir Ruáidh, agus ag srothuibh Arnon.
15
Agus ag sruth na naibhneadh nóch théid síos go tír Ar, agus luidhios ar theóruinn Mhoab.
16
Agus do chúadar as sin go Beer: sé sin an tobar air ar labhair an TIGHEARNA ré Maóise, Cruinnigh an pobal a bhfochair a chéile, agus do bhéara misi uisge dhóibh.
17
¶ Annsin do chán Israel an chainticsi, Tibir a nsíos, a thobair; freagruidhsi dhó:
18
Do thochladar na prionnsuidhe an tobar, do thochladar uáisle an phobail, do reir scola feartabhartha an dlighe, le na mbatuidhibh é. Agus do imthigheadar ón bhfásach go Mattanah:
19
Agus ó Mhattánah go Nahaliel: agus ó Nahaliel go Bamot:
20
Agus ó Bhamot annsa ghleann, atá a ttír Mhoab, go mullach Pisgah, noch fhéachus leath re Iesimon.
21
¶ Agus do chuir Israel teachda go Sihon rí na Namoríteach, gá rádh,
22
Léig dhamh ghabháil thríd do dhúthaigh: ní fhillfiom annsna machairighíbh, nó annsna fineamhnuibh; ní iobhtham duisce an tobair: achd imeochum ród an rígh, no go reachfum thair do theórannuibhsi.
23
Agus níor bháill lé Sihon cead do thabhairt do Israel gabháil tré na dhúthaigh: ach do chruinnigh Sihon a dháoine uile a bhfochair a chéile, agus do chuáidh sé amach a naghaidh Israel san bhfásach: agus tháinic go Iahas, agus do throid a naghaidh Israel.
24
Agus do bhuáil Israel é lé fáobhar an chloidhímh, agus do shealbhuidh a dhúthaigh ó Arnon go Iabboc, eadhon gó nuige cloinn Ammon: óir do bhí teórann chloinne Ammon láidir.
25
Agus do ghabh Israel na caithréacha so uile: agus do chomhnuigh Israel a ccaithreachaibh na Namoriteach, ann Hesbon, agus ann a uile bhailtibh.
26
Oír dó bé Hesbon cathair Sihon rígh na Namoríteach, noch do chathuigh a naghuidh roimh rígh Mhoab, agus do bhean a dhúthaidh uile as a láimh, go nuige Arnon.
27
Uime sin an drong labhras a seanfhocluibh, a deirid, Tigidh go Hesbon, cuirthear súas agus ulimhuighthear cathair Sihon:
28
Oír do chuáidh teinidh amach as Hesbon, lasair ó chathruigh Sihon: do loisc Ar Mhoab, agus tighearnuidhe áiteach árd Arnon.
29
A mhairg dhuitsi, a Mhoab! atá tú millte, a phobal Chemos: tug sé a mhic do chuáidh as, agus a ingheana, a mbraighdionas do Shihon rígh na Namoríteach.
30
Do chaithamar saighdibh nan aghaidh; do milleadh Hesbon go nuige Dibon, agus do rinneamar fásach dhíobh go nuige Nophah, noch roichtheas go Medeba.
31
¶ Mar sin do áitribh Israel a ndúthaigh na Namoríteach.
32
Agus do chuir Maóise brath ar Iáaser, agus do ghabhadar á bhailte, agus do theilgeadar amach na Hamoritigh do bhí ionta.
33
¶ Agus do fhilleadar agus do chúadar súas a slighe Bhasan: agus do chúaidh Og rígh Basan amach na naghuidh, é féin, agus a mhuinntir uile, chum catha ann Edrei.
34
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Ná bíodh eagla ort roimhe: óir do sheachaid misi ad láimh é, agus a dháoine uile, agus a dhúthuigh; agus do dhéana tú ris mar do rinne tú re Síhon righ na Namoríteach, noch do chomhnuigh an Hesbon.
35
Mar so bhuaileadar é féin, agus a mhic, agus a dháoine uile, nó go nar fágbhadh áonduine beó aige: agus do shealbhuigheadar a dhúthuigh.
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 22 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36