bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 29
Numbers 29
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 28
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 30 →
1
Agus annsa seachdmhadh mí, ar an ccéad lá don mhí, biáidh comhghairm náomhtha aguibh; ní dhéantáoi obair sháothrach ar bith: is lá na stoc do shéideadh dhoíbh é.
2
Agus ofráilfidh ofráil loíscthe mar dheaghbholadh don TIGHEARNA; éanbhulóg óg, éanreithe, agus seachd nuain don chéidbhlíadhuin gan cháidhe:
3
Agus a nofráil bhídh biáidh do phlúr cumaiscthe le hola, trí dheachmhadh cuid le gach éanbhulóíg, agus dhá dheachmhadh cuid lé reithe,
4
Agus éaindeachmhadh cuid lé gach úan, ar feadh na seachd núan:
5
Agus éainmheannán do na gabhruibh ar son ofrála peacaidh, do dhéanamh síodha dhoíbh:
6
Taobh amuigh dofráil loiscthe na míos, agus a ofráil bhídh, agus a níodhbuirt loiscthe laétheámhuil, agus a ofráil bhídh, agus a nofráil dighe, do réir a ngnáthuighe, mar dheaghbholadh, íodhbuirt dhéanta lé teinidh don TIGHEARNA.
7
¶ Agus biáidh aguibh ar an deachmhadh lá don seachdmhadh mhí comhghairm náomhtha; agus cráidhfe sibh bhur nanmanna: ní dhéantáoi obair ar bith ann:
8
Achd ofraílfidhe ofrail loiscthe don TIGHEARNA mar dheaghbholadh; éanbhulóg óg, éanreithe, agus seachd nuáin don chéidbhlíadhuin: agus béid dháoibh gan cháidhe:
9
Agus biáidh a nofráil bhídh do phlúr cumaiscthe le hola, trí dheachmhadh cuid lé gach bulóig, agus dhá dheachmhadh cuid le héainreithe,
10
A iomad dheachmhadh cuid ar leith lé gach úan, ar feadh na seachd núan:
11
Einmheannán do na gabhruibh ar son ofrála peacaidh; táobh amuigh dofráil peacaidh na síodha, agus na hofrála loiscthe gnáthuigh, agus a ofrála bídh, agus a nofráil dighe.
12
¶ Agus ar an ccuígeadh lá deug don tseachdmhadh mhí biaidh aguibh comhghairm náomhtha; ní dhéantáoi obair shaothrach ar bith, agus cuimhdeóchtháoi féasta don TIGHEARNA seachd la:
13
Agus ofráilfidh ofráil loiscthe, agus íodhbuirt déanta lé teinidh, do dheaghbholadh don TIGHEARNA; trí bulóga déug óga, dhá reithe, agus ceithre huáin déug don chéidbhlíadhain; béid síad gan toibhéim:
14
Agus biáidh a nofráil bhídh do phlúr cumaiscthe le hola, trí dheachmhadh cuid lé gach éanbhulóig do na tríbulóguibh déug, dhá dheachmhadh cuid lé gach reithe don dá reithe,
15
Agus deachmhadh cuid ar leith le gach úan do na ceithre húanuibh déug:
16
Agus éinmheannán do na gabhruibh mar ofráil pheacuidh; táobh amuigh don nofráil ghnáthuigh loiscthe, agus dá hofráil bhídh, agus dá hofráil dighe.
17
¶ Agus ar an dara a ofráilfidh dhá bhulóig dhéag óga, dha reithe, ceithre húan déug don chéidbhlíadhain gan cháidhe:
18
Agus a nofráil bhídh agus a nofráil díghe do na bulóguibh, do na húanuibh, agus do na reithíbh, biáidh do réir a nuibhre, do réir an gnátha:
19
Agus éainmheánnán do na gabhruibh mar ofráil pheacaidh; táobh amuigh don nofráil loiscthe ghnáthuigh, agus dá hofráil bhídh, agus dá hofráil dighe.
20
¶ Agus ar an treas lá éanbhulóg déag, dhá reithe, ceithre huáin déag don chéidbhliadhuin gan cháidhe;
21
Agus a nofráil bhídh agus a nofráil dighe do na bulóguibh, do na reíthibh, agus do na húanuibh, biáidh do réir a núibhre, do réir an gnátha:
22
Agus éanghabhar ar son ofrála peacaidh; táobh amuigh don nofráil loíscthe ghnáthaigh, agus dá hofráil bhídh, agus dá hofráil díghe.
23
¶ Agus ar an gceathramhadh lá deich mbulóga, dhá reithe, agus ceithre huáin déug don chéaidbhlíadhuin gan cháidhe:
24
Agus a nofrail bhídh agus a nofrála dighe do na bulóguibh, do na reithibh, agus do na húanuibh, biaidh do réir a nuibhre, do réir an gnátha:
25
Agus éinmheannán do na gabhruibh mar ofráil pheacaídh; táobh amuigh don nofráil loiscthe ghnáthuigh, agus dá hofráil bhídh, agus dá hofráil dighe.
26
¶ Agus ar an gcúigeadh lá náoi mbulóga, dhá reithe, ceithre huáin déag don chéaidbhlíadhuin gan cháidhe:
27
Agus biáidh a nofráil bhídh agus a nofrála díghe do na bulóguibh, do na reithibh, agus do na húanuibh, do réir a núibhre, biáidh do réir an gnátha:
28
Agus éinmheannán mar ofráil pheacuidh, táobh amuigh don nofrail loiscthe ghnáthuigh, agus dá hofráil bhídh, agus dá hofráil dighe.
29
¶ Agus ar an seiseadh lá ochd mbulóga, dhá reithe, agus ceithre huáin déag don chéidbhlíadhain gan toibhéim:
30
Agus a nofráil bhídh agus a nofrála dighe do na bulóguibh, do na reithibh, agus do na húanuíbh, biáidh do réir a nuibhre, do réir an ghnátha:
31
Agus éanghabhar mar ofráil pheacaidh; táobh amuigh don nofráil loiscthe ghnáthaigh, agus dá hofráil bhídh, agus dá hofráil dighe.
32
¶ Agus ar an seachdmhadh lá seachd mbulóga, dhá reithe, agus ceithre húain déug don chéidhbhlíadhuin gan cháidhe:
33
Agus a nofráil bhídh agus a nofrála dighe do na bulóguibh, do na reithibh, agus do na húanuibh, biáidh do réir a nuibhre, do réir an ghnátha:
34
Agus éanghabhar mar ofráil pheacaidh; táobh amuigh don nofrail loiscthe ghnáthaigh, agus dá hofráil bhídh, agus dá hofráil dighe.
35
¶ Ar an ochdmhadh lá biaidh comhchruinniughadh sollamanta aguibh: ní dhéantáoi obair sháothrach ar bith ann:
36
Achd ofráilfidh ofráil loiscthe, íodhbuirt déanta le teinidh, do bholadh chumhra don TIGHEARNA: éan bhulóg, éanreíthe, agus seachd nuáin don chéidbhlíadhuin gan cháidhe:
37
A nofráil bhídh agus a nofráil dighe don bhulóig, don reithe, agus do na húanuibh, biaidh do réir a nuibhre, do reir an ghnatha:
38
Agus éanghabhar mar ofráil pheacaidh; táobh amuigh don nofráil loiscthe ghnáthuigh, agus dá hofráil bhídh, agus dá hofráil dighe.
39
Do dhéantáoi na neithesi don TIGHEARNA ann bhur bhféastuibh cinnte, táobh ámuigh dá bhur móidibh, agus dá bhur nofrála toileamhla, ar son bhur nofrálach loiscthe, agus ar son bhur nofrálach bídh, agus ar son bhur nofrálach dighe, agus ar son bhur nofrálach síodha.
40
Agus do innis Maóise do chloinn Israel do réir a nuile ní dar aithin an TIGHEARNA dó Mhaóise.
← Chapter 28
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 30 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36