bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 13
Numbers 13
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 14 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, dá rádh,
2
Cuir dáoine amach go spíndis tír Chanaáin, noch do bheirimsi do chloinn Israel: do gach éintreibh dá naithribh chuirfeas tú duine amach, gach éanduine na riaghlóir na measc.
3
Agus do chuir Maóise le haithne an TIGHEARNA amach íad as fhásach Pháran: na dáoine sin uile do budh ceann ar chloinn Israel.
4
Agus do budh íadso a nanmanna: do threibh Réuben, Sammua mhac Saccur.
5
Do threibh Simeoin, Saphat mhac Hori.
6
Do threibh Iudah, Caleb mhac Iephunneh.
7
Do threibh Issachar, Igal mhac Ióseph.
8
Do threibh Ephraim, Osea mhac Nun.
9
Do threibh Beniamin, Palti mhac Raphu.
10
Do threibh Sebulun, Gaddiel mhac Sodi.
11
Do threibh Ioseph, eadhon, do threibh Manasseh, Gaddi mhac Súsi.
12
Do threibh Dan, Ammiel mhac Gemalli.
13
Do threibh Aser, Seter mhac Micháel.
14
¶ Do threibh Naphtali, Nahbi mhac Uophsi.
15
Do threibh Gad, Gebhel mhac Machi.
16
¶ Is íad so anmanna na ndáoine noch do chuir Maóise amach do bhrath na dúthaighe. Agus do ghoir Maóise Iehosua do Osea mhac Nun.
17
¶ Agus do chuir Maóise íad do bhrath thíre Canaáin, agus a dubhairt riú, Gluaisigh romhuibh do náird ó dheas, agus éirgidh suas ar a tslíabh:
18
Agus féachuidh créd é an fearann; agus na dáoine aitreabhas ann, an bhfuilid láidir nó lag, na mbeagan nó na moran dáoine:
19
Agus créd is fearann é ann a gcomhnuighid siad, an maith nó an olc é; agus créad na caithreacha ann a naitighid siad, an ann lóistínibh, nó a náitibh daingne áitighid:
20
Agus créd é an fearann féin, an trúagh é nó an méith, an bhfuil coill ann nó nach bhfuil. Agus bíthísi beódha, agus tugaidh libh cuid do thoradh na tíre. Annois do bé sin aimsir na gcéadghrápuigheadh abuidh:
21
¶ Marsin do chúadar suas, agus do spíonadar an tír ó fhásach Sin go Rehob, mar a ttigid dáoine go Hamat.
22
Agus do chúadar súas budh dheas, go ttangadar go Hebron; mar a rábhadar Ahiman, Sesai, agus Talmai, clann Anac. A nois do rinneadh Hebron seachd mbliadhna roimhe Soan sa Négipt.
23
Agus tangadar gus a nabhuinn Escol, agus do ghearradar annsin beangan fá éintriopall cáor fíneamhna, agus do iomchradar é idir dhís air mhaide; agus tugadar leó do na pomgránada, agus do na fígidhe.
24
Do goireadh do naitsin sruth Escol, do bhrígh an tríopuill cáor do ghearradar clann Israel as sin.
25
Agús do fhilleadar ó spíonadh na tíre déis dhá fhichid lá.
26
Agus do ghluaisiodar agus tangadar go Maóise, agus go Haaron, agus go comhchruínninghadh chloinne Israel, uíle go fásach Pháran gó Cades; agus tugadar scéula chucasan, agus chum an chomhchruinnigh uile, agus do thaisbeanádar toradh na tíre dhóibh.
27
Agus do innisíodar dhóibh, agus a dubhradar, Tangamairne gus an ttír ionar chuir tú sinn, agus go deimhin atá sí ar sileadh dó bhainne agus do mhil; agus a sé so a toradh.
28
Gidheadh atáid na dáoine áitreabhas annsa dúthaigh láidir, agus atáid a gcathireacha do bhalladhuibh, agus atáid romhór: agus fós do chonncamar clann Anac annsin.
29
Aítreabhuid na Hamelecitigh annsa bhfearann táobh ó dheas: agus na Hititigh, agus na Iebusítigh, agus na Hamorítigh, áitreabhas ar a tsliabh: águs na Canaanitigh áitrebhas láimh ris an bhfairge, agus láimh ré leithimeal Iordáin.
30
Agus giodh gur shocruigh Caleb an pobal a lathair Mhaóise, agus a dubhaírt sé, Déanam súas a néinfheachd, agus sealbhuigheam é; óir atámáod cumusach air a bhuain amach.
31
Gidheadh na dáoine do chúaidh leis súas, a dubhradar, Ni bhfuilmidne iondula súas a nághaidh na ndáoine; óir is láidre íad ná sinn.
32
Agus tugadar drochthuaruscbháil do chloinn Israel ar an ndúthaigh noch do spíonadar, ga radh, An fearann, thríd a ndeachamár da spíonadh, is talumh é íosas súas a áitreabhuigh; agus na huíle dháoine da bhfacamair ann atáid na ndáoine árrachda.
33
Agus do choncamar annsin aithigh, mic Anac, a thig úath na fathighibh: agus du bhámairne ann ar radharc féin mar dhreóllánuibh teasbuidh, agus do bhámar ann a radharcsion fós mar án gcéadna.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36