bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 10
Numbers 10
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 11 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, dha rádh.
2
Déana dhuit féin dha thrumpa airgid; do phíosa iomlán dhéanas tú íad: go ngnathuighidh tú íad ag gairm a noireachduis, agus do ghluaiseachd na slúagh.
3
Agus a nuáir shéidfuighear íad, cruinneochuid uile chugad ag dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe.
4
Agus muna séidfid achd éantrumpa, annsin cruinneochuid na prionnsuidhe noch as cinn ar mhíltibh chlóinne Israel, íad féin chugad.
5
A nuáir shéidfidhe furfhogradh, annsin rachaidh na foslungphoirt noch bhias don táobh shoir ar a naghaidh.
6
A nuáir bhuailfeas sibh furfhogradh an dara huáir, annsin gluaisfid na slúaigh bhias don táoibh theas ar a naghaidh: séidfid furfhogradh chum a naistir.
7
Achd a nuair bhias an chomhthionólag cruinniughadh a gcionn a chéile, buáilfe tusa, achd ní bhuailfe tú furfhogradh.
8
Agus is íad clann Aáron, na sagart shéidfeas na trumpuidhe; agus biaidh aguibhsi mar ordúghadh síorruidhe ar feadh bhur ngeinealach.
9
Agus má théid sibh a ccogadh ann bhur ndúthaigh a naghaidh na námhad noch bhuaidhrios sibh, annsin buailfídhe furfhogradh leis na trumpadhuibh; agus cuimhneochthar sibh a lathair an TIGHEARNA bhur Ndía, agus sáorfúighear sibh ó bhur námhuid.
10
Mar an gcéadna a ló bhur luthgháire, agus ann bhur laethibh féasta, agus a ttosuighibh bhur míos, buailfidhe bhur ttrumpuidhe ós cionn bhur nofrála loiscthe, agus ós cionn íodhbartha bhur nofrála síothchana; chor go mbéid aguibh mar chuimhníughadh a lathair bhur Nde: misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
11
¶ Agus táinic a ccrích na fithchiodmhadh lá don dara mhí, ánnsa dara bhlíadhan, gur tógbhadh súas a néull ó thabernacuil na fiadhnuise.
12
Agus do ghluaiseadar clann Israel iona tturus as fásach Shínái; agus do fhosuigh an néull a bhfásach Pháran.
13
Agus do thionnscnadar a tturus ar tús do réir aithne an TIGHEARNA lé láimh Mhaóise.
14
¶ Annsa chead áit do chuaidh bratach champa chloinne Iúdah do réir a slúagh: agus do bhí Nason mhac Aminadab ós cionn a shlúaigh.
15
Agus ós cionn slúaigh threibhe chloinne Isachar do bhí Nataneel mac Suar.
16
Agus ós cionn slúaigh threibhe chloinne Sebulun do bhí Eliab mhac Helon.
17
Agus rugadh an tabernacuil sios; agus do ghluaisiodar mic Gherson agus mic Mherári‐ar a nághaidh, ag iomchur an tabernacuil.
18
¶ Agus do ghluais bratach champa Reuben ar a hághaidh do réir a slúagh: agus do bhí Elisur mhac Sedeur ós cionn a slóigh.
19
Agus do bhí Selumiel mhac Surisaddaí ós cionn slóigh threibhe chloinne Simeon.
20
Agus ós cionn slóigh threibhe chloinne Gad do bhí Elisaph mhac Deuel.
21
Agus do ghlúaisiodar na Cohatítigh, ag iomchar na sanctóra: agus do chuireadarsan eile an tabernacuil súas a gcoinne a tteachda.
22
¶ Agus do ghluais bratach champa chloinne Ephráim do réir a slúagh: agus ós cionn a narmála do bhí Elisama mhac Ammihud.
23
Agus ós cionn slóigh threibhe chloinne Manasseh do bhí Gamaliel mhac Pedasur.
24
Agus ós cionn slóigh threibhe chloinne Beniamin do bhí Abidan mhac Gideoni.
25
¶ Agus do ghluais bratach champa chloinne Dán rompa, noch do bhí ar dheireadh na gcampadh uile ar fadh a slúagh: agus óscionn a sloigh sin do bhí Ahieser mhac Amisaddai.
26
Agus ós cionn slóigh threibhe chloinne Aser do bhi Págiel mhac Ocran.
27
Agus ós cionn slóigh threibhe chloinne Naphtali do bhí Ahíran mhac Enan.
28
Mar so do bhí aistior chloinne Israel do reir a slúagh, a nuáir do ghluaiseadar ar a nághaidh.
29
¶ Agus a dubhairt Maóise ré Hobab, mhac Raguel an Mídianíteach, athair mhná Mhaóise, Atamáoidne ag tríall gus a náit air ar labhair an TIGHEARNA, ga rádh, Do bhéura mé dháoibhsi é: tárrsa linn, agus do dhéanam maith dhuit: óir do labhair an TIGHEARNA maith do tháoibh Israel.
30
Agus a dubhairt seision ris, Ní rachad; achd rachad dom dhúthaígh féin, agus go nuige mo gháol.
31
Agus a dubhairt seision, Na fág sinn, íarruim mar athchuinghidh órt; ó tharla a fhios agad go bhfuilmid ar tí campa dhéanamh san bhfásach, agus go mbia tusa a náit súl dúinn.
32
Agus is amhla bhías, má thig tú linn, go deimhin biáidh, gach maith da ndéana an TIGHEARNA dhúinne, do dhéanuimne a leithéid duitsi.
33
¶ Agus do imthigheadar ó shliabh an TIGHEARNA aístear thrí la: agus airc chunnartha an TIGHEARNA ag imtheachd rompa a naistior na ttrí lá, diarruidh áite comhnuidhe dhóíbh.
34
Agus do bhíodh néull an TIGHEARNA orra fan ló, a nuáir do théidís amach as an bhfoslungphort.
35
Agus tárla, a núair do ghluáiseadh a náirc ar a hághuidh, go nabradh Maóise. Eirigh súas, a THIGHEARNA, agus bíodh do naimhde ar na scabadh; agus an drung fhuathuigheas tú teithidís romhad.
36
Agus a nuair do chomhnuigheadh, déaradh sé, Ionntoigh a THIGHEARNA, chum na niomad milteadh chloinne Israel.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36