bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 20
Numbers 20
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 21 →
1
Annsin thangadar clann Israel, an comhchruinniughadh uile, go díothramh Sin annsa chéad mhí: agus do bhí ann pobal na ccomhnuidhe a Cades; agus déug Miriam annsin, agus do hadhluiceadh annsin í.
2
¶ Agus ní raibh uisge ag an bpobal: agus do chruinnigheadar íad féin a ccionn a chéile a naghuidh Mháoise agus Aáron.
3
Agus do spreagadar an pobal Maoise, agus do abhradar, dha rádh, Trúagh a Dhé nar éagamar an tan do éugadar ar ndearbhraithre a lathair an TIGHEARNA!
4
Agus créd fa ttugabhairse libh comhchruinniughadh an TIGHEARNA don bhfásachso, ionnus go bhfaighmis féin agus ar náirnéis bás?
5
Agus créd fá ttugabhair fá deara dhúinn teachd amach as a Négipt, dar ttabhairt a steach don droch áitso? ní fearann síl é, nó fígeadh, nó fíneamhna, nó pomgránat; ní mó atá uisge ré ól ann.
6
Agus do chuáidh Maoise agus Aáron as lathair an phobuil go dorus tabernacuil an chomchruinnigh, agus do thuiteadar ar a naghaidh: agus do fhoillsigh glóir an TIGHEARNA í fein dóibh.
7
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, dhá rádh,
8
Glac an tslat, agus cruinnigh an toireachdas a bhfochair a chéile, thú féin, agus Aáron do dhearbhrathair, agus labhruidh ris an gcarruic as comne a súl; agus do bhéura a huisge uaithe, agus do bhéara tusa amach as a ccarruic uisge dhóibh: mar sin do bhéara tú deoch don chomhchruinniughadh agus dá náirnéis.
9
Agus do ghlac Maóise an tslat as lathair an TIGHEARNA, mar do aithin sé dhe.
10
Agus do chruinnigh Máóise agus Aáron an pobal a bhfochair a chéile as coinne na cairrge, agus a dubhairt sé, Eisdigh a nois, a mheirleacha; an gcaithfimne uisge do thabhairt daóibh as an carruicsi?
11
Agus do thóg Maóisi a lámh súas, agus lé na shlait do bhuáil sé an charruic fá dho: agus táinic an tuisge amach go hiomareach, agus do ibheadar na dáoine, agus á náirnéis mar an gcéadna.
12
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise agus ré Háaron, Do chionn nar creideabhair dhamh, dom náomhadh a lathair chlonme Israel, uime sin ní thiubhartháoi an chuideachdasa don dúthaigh thug me dháoibh.
13
Sé so uisge Mheribah; do chionn go ndéarnadar clann Israel ceannairg ris an DTIGHEARNA, agus gur náomhadh é íonta.
14
¶ Agus do chuir Maóise teachda ó Chades go righ Edom, Is mar so a deir do dhearbhrathair Israel, Atá a fhios agad ar gach ní dar éirigh dhuinne ann ar tturus:
15
Mar do chúadar ar naithre síos do Négipt, agus mar chomhnuígheamairne san Négipt aimsior fhada; agus gur chráidh adar na Hégiptigh sinn féin, agus ar naithre:
16
Agus a nuáir do éigheamar ár an TTIGHEARNA, do chúaluidh sé ar nguth, agus do chuir se aíngeal uadh, agus thúg leis amach sinn as a Négipt: agus féuch, atámáoid a Ccádes, an chathair is faide amach ann do theóruinnsi:
17
Tábhair cead sligheadh dhúinn, iarruim mar athchumge ort, thríd do dhúthaigh: ní gheabham thríd na machairighibh, nó thríd na fíneamhnuibh, ní mo ibhthiom duisge na ttoibreach: imeocham ród an rígh, ní fhilleam don láimh dheis nó don láimh chlí, nó go tteighiom thar do theóruinnsi.
18
Agus a dubhairt Edom ris, Ni gheabha tú thríomsa, deagla go ttiucfuinn amach ad aghuidh leis an ccloidheamh.
19
Agus a dubhradar clann Israel ris, Rachaimne ar feadh na sligheadh móire: agus má ibhiom fein ná máirnéis deoch dod chuid uisge, annsin díolfa mé ar a shon: rachad amháin, gun éinní oile, thríd a tír dom chosuibh.
20
Agus a dubhairt seision, Ní racha tu thríd. Agus tháinic Edom amach na naghuidh lé móran sluáigh, agus lé láimh láidir.
21
Mar so do dhíult Edom cead slighcadh do thabhairt do Israel tré ná theóruinn: uime sin do fhilleadar Israel úadh.
22
¶ Agus do ghluaisiodar clann Israel, an chomhchruinniughadh uile, ó Chades, agus tangadar go slíabh Hor.
23
Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise agus re Háaron a slíabh Hor, láimh re brúach fearuinn Edom, gá rádh,
24
Béarthar Aáron a gcionn a dháoine: óir ní rachaidh sé don tír noch thug misi do chloinn Israel, do chionn gur chathuigheabhair a naghaidh mo bhréithre ag uisce Mheribah.
25
Glac chugad Aáron agus a mhac Eleásar, agus tabhair súas a slíabh Hor íad:
26
Agus bean a eadach do Aáron, agus cuir ar Eleásar a mhac é: agus cruinneochthar Aáron chum a dháoine, agus do geabha bás annsin.
27
Agus do rinne Maóise mar a dubhairt an TIGHEARNA ris: agus do chúadar súas ar slíabh Hor a radharc an phobuil uile.
28
Agus do bhean Maóise a éadach do Aáron, agus do chuir ar Eleásar a mhac é; agus fuáir Aáron bás annsin ar mhullach an tsléibhe: agus tháinic Maóise agus Eleásar a nsúas don tslíabh.
29
Agus a nuáir do choncadar an pobal uile go bhfuáir Aáron bás, do rinne tigh Israel uile, dóbhrón a ndiaigh Aáron tríochad lá.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36