bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 33
Numbers 33
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 32
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 34 →
1
Siadso siubhail chloinne Israel, nóch do chuaidh amach as chrích na Hégipte le na slúaghuibh fáoi láimh Mhaóise agus Aáron.
2
Agus do scríobh Maóíse a nimtheachda amach do réir a tturus tre aithne an TIGHEARNA: agus a síadso a tturuis dó réir a tteachda amach.
3
Agus do fhágbhadar Rameses annsa chéid mhí, ar an gcúigeadh la déug don chéid mhí; ar na mhárach déis na cásg do chúadar clann Israel amach le láimh áird a radharc na Négipteach uile.
4
(Oír do adhluíceadar na Hégiptigh a nuile chéidgin, noch do bhuail an TIGHEARNA na measc: ar na déeibh mar an gcéadna do rinne an TIGHEARNA breitheamhnus.)
5
Agus do áthruigheadar clann Israel ó Rameses, agus do áitigheadar a Sucot.
6
Agus do imthigheadar as Sucot, agus do shuigheadar an Etam, noch atá a nimiol an fhásuigh.
7
Agus do áthruigheadar as Etam, agus do fhilleadar a rís go Pihahirot, noch atá as coinne Bhaal‐Sephon: agus do shuigheadar as coinne Mhigdol.
8
Agus do ghluáisiodar ó choinne Pihahirot, agus do chúadar tré lár na fairge go nuige an fhásach, agus do chúadar uidhe thri lá a bhásach Etam, agus do shuigheadar a Márah.
9
Agus do áthruigheadar ó Mhárah, agus tangadar go Hélim: agus do bhádar dhá thobar dhéug uisge a Nelim, agus trí fichid agus deich ccrainn phailme; agus do shuigheadar annsin.
10
Agus do áthruigheadar as Elim, agus do fhosadar ag an muir Ruaidh.
11
Agus do áthruigheadar ón mhuir Ruáidh, agus do fhosadar a bhfasach Sin.
12
Agus do ghluaisiodar ó fhásach Sin, agus do shuigheadar a Ndophcah.
13
Agus dimthigheadar ó Dophcah, agus do shuigheadar a Nalus.
14
Agus do áthruigheadar ó Alus, agus do shuigheadar a Rephidim, áit nach raibh uisge ag na dáoinibh re ól.
15
Agus dfágbhadar Rephidim, agus do shuigheadar a bhfásach Sínai.
16
Agus do áthruigheadar ó fhásach Sínai, agus do shuigheadar a Cíbrothataabhah.
17
Agus do imthigheadar as Cibrothataabhah, agus do shuigheadar ann Haserot.
18
Agus do fhágbhadar Haserot, agus do shuigheadar a Ritmah.
19
Agus do fhágbhadar Ritmah, agus do shuigheadar a Rimmon‐páres.
20
Agus do fhágbhadar Rimmon‐pares, agus do shuigheadar a Libnah.
21
Agus do áithruigheadar ó Libnah, agus do shuigheadar a Rissah.
22
Agus do ghluaisiodar ó Rissah, agus do fhosadar an Cehelatah.
23
Do imthigheadar as Cehelatah, agus do fhosadar a slíabh Sapher.
24
Agus do áthruigheadar ó shlíabh Sapher, agus do fhosádar ag Haradah.
25
Do áthruigheadar ó Haradah, agus do shuigheadar a Machelot.
26
Agus do áthruigheadar as Machelot, agus do fhosadar ag Tahat.
27
Agus do fhágbhadar Tahat, agus do shuigheadar a Ttarah.
28
Agus do áthruigheadar ó Thárah, agus do shuigheadar a Mitcah.
29
Agus do chúadar ó Mhítcah, agus do shuigheadar ag Hasmonah.
30
Agus do fhágbhadar Hasmonah, agus do fhanadar ag Moserot.
31
Agus do fhágbhadar Moserot, agus do shuígheadar ann Bene‐iaacan.
32
Agus do áthruigheadar ó Bheneiaacan, agus do chomhnuigheadar ag Horhagidgad.
33
Agus do imthigheadar ó Hórhágidgad, agus do shuigheadar an Iotbata.
34
Do áthruigheadar ó Iotbátah, agus do chomhnuigheadar an Ebrónah.
35
Agus do fhágbhadar Ebrónah, agus do shuigheadar ag Esion‐gaber.
36
Agus do áthruigheadar ó Esion‐gaber, agus do shuigheadar a bhfásach Sin, dá ngoirthear Cades.
37
Agus do áthruigheadar ó Chades, agus do shuigheadar ar slíabh Hor, a mbrúach fearuinn Edom.
38
Agus do chuáidh Aáron an sagart súas go slíabh Hor ar aithne an TIGHEARNA, agus fuáir bás annsin, an ceathrachad blíadhain tar éis chloinne Israel do theachd amach as crích na Hégipte, annsa chéad lá don chúigeadh mhí.
39
Agus do bhí Aáron céad agus fichthe agus trí blíadhna dháois a nuáir déag sé a slíabh Hor.
40
Agus do chúalaidh righ Arad an Cananíteach, (noch do áitreabh budh dheas a ttir Chánaain), teachd chloinne Israel.
41
Agus do fhágbhadár slíabh Hor, agus do shuigheadar a Salmónah.
42
Agus do fhágbhadar Salmónah, agus do shuigheadar a Bpúnon.
43
Agus do fhágbhadar Púnon, agus do shuigheadar an Obot.
44
Agus do fhágbhadar Obot, agus do shuigheadar ag Cárnuibh‐abarim a tteóruinn Mhoab.
45
Agus do fhágbhadar na Cárna, agus do fhosadar an Díbon‐gad.
46
Agus do áthruigheadar ó Dhibongad, agus do chomhnuigheadar an Almondíblataim.
47
Agus do áthruigheadar ó Almondiblataim, agus do shuigheadar a sléibhtibh Abarim, ós coinne Nébo.
48
Agus do imthigheadar ó shléibhtibh Abarim, agus do shuigheadar a réiteach Mhoab laimh re Iordan a bhfogus do Iericho.
49
Agus do shuigheadar láimh ré Iordan, ó Bhet‐iesimot go nuige Abel‐sittim a réiteach Mhoab.
50
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise a réiteách Mhoab láimh re Iordan a bhfogus do Iericho, ghá rádh,
51
Labhair re cloinn Israel, agus abair riú, A nuáir rachfáoi thar Iordan go tír Chánaain;
52
Annsin cuirfidhe amach na huile dhúthchusaigh a nfhearuinn as bhur radharc, agus scriosfaidhe a níomháigheadh uile, agus millfidhe a níomháigheadh leaghtha uile, agus leagfuidhe síos go hiomlán a náite árda uile:
53
Agus cuirfidhe na dúthchusaigh as seilbh an nfearuinn, agus áíteochtháoi ann: óir thug misi an fearann díbh dá shealbhughadh.
54
Agus roinnfidhe an fearann lé crannchar mar oighreachd a measc bhur ttreabha: agus don luchd is mó do bhéurtháoi an chuid ís mó do noighreachd, agus don luchd is lugha do bhéartháoi an chuid is lugha do noighreachd: biáidh oighreachd gach éanduine mar a ttuitfidh a chrannchar; do reír tréabha bhur naithreadh do gheabhthaoi oighreachd.
55
Ach muna gcurtháoi amach romhuibh dúthchusaigh an nfearuinn; annsin tiocfa a gcrích, an chuid dá léigfidhe fúireach aguibh go mbéid na scolbuidh ann bhur súilibh, agus na ndéalguibh ann bhur ttáoibhuibh, agus go mbuáídheoruid sibh annsa dúthaigh a gcoimhneochtháoi.
56
Tuilleamh oile, tiucfuidh a gcrích go ndéana misi ribhsi, mar do smuáin mé do dheanamh riúsan.
← Chapter 32
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 34 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36