bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 15
Numbers 15
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 16 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA re Máoise, dá rádh,
2
Labhair re cloinn Israel, agus abair riú, A nuáir thiucfuidhe da bhur ttír chómhnuidhe, noch do bheirimse dháoibh,
3
Agus do dhéantáoi ofráil le teinidh don TIGHEARNA, ofráil loiscthe, nó iodhbuirt a gcoimhlionadh móide, nó a nofráil thoileamhuil nó ann bhur bhféastuibh sollamanta, do dhéanamh deaghbhólaidh don TTIGHEARNA, do nealbhdha, nó don tréud:
4
Annsin an té ofrálas ofráil don TIGHEARNA béuruidh leis ofráil bhídh do dheachmhadh cuid do phlúr cumaiscthe le ceathramhadh do hin ola.
5
Agus gléusfa tú ceathramhadh do hin fhíona mar ofráil dighe maille re hofráil loiscthe nó lé híodhbuirt, ar son gach úain.
6
Nó ar son reithe, gléasfa tú mar ofráil bhídh dhá dheachmhadh cuid do phlúr cumaiscthe leis an treas cuid do hin ola.
7
Agus ofrála tú mar ofráil dighe an treas chuid do hin fhíona, mar bholadh chúmhra don TIGHEARNA.
8
Agus a nuáir ghléasfas tú bulóg mar ofráil loiscthe, nó mar íodhbuirt a ccoimhlíonadh móide, ná ofrála síodha don TIGHEARNA:
9
Annsin do bhéura sé maille lé bulóig ofráil bhídh leis do thrí dheachmhadh cuid do phlúr cumaiscthe le leath hin dola.
10
Agus do bhéura tú leachd mar ofráil dighe leath hin dfíon, mar ofráil déanta lé teinidh, do bholadh chumhra don TIGHEARNA.
11
Mar so do dhéantar ar son éanbhulóige, no ar son éinreithe, nó ar son uáin, nó meannáin.
12
Do réir na húibhre do ghléassuidhe, mar sín do dheantáoi ris gach áon do réir a úibhre.
13
An mhéid rugadh don tír do dhéanuid uile na neithesi mar so, ag ofráil ofrála déanta lé teinidh, do bholadh chúmhra don TIGHEARNA.
14
Agus má thig coimhidhtheach do chomhnuighe eadruibh, nó gidh bé ar bith bhías bhár measc ann bhur ngeinealachuibh, agus ofrálfus ofráil déanta lé teinidh, do bholadh chúmhra don TIGHEARNA; mar dhéantáoise, seadh do dhéana seision.
15
Eánórdughadh amháin bhías oruibhsi don chomhchruinniughadh, agus mar an gcéadna don choimhidhtheach chomhnuigheas bhur measc, órdughadh síorruídhe ann bhur sliochd: mar tátháoise, is mar sin bhías an coimhidhtheách a lathair an TIGHEARNA.
16
Eándligheadh agus éanmhodh bhías aguíbh, agus ag an ccoimhidhtheach chomhnuigheas maille ribh.
17
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, dhá rádh,
18
Labhair re cloinn Israel, agus abair riú, A nuáir thiocfuidhe don dúthaigh a mbéara misi sibh,
19
Annsin is amhluidh bhías, a nuáir íostáoi dárán na tíre, ofráilfidhe ofráil thógtha don TIGHEARNA.
20
Ofráilfidhe súas caca don chead chuid dá bhur ttáos mar ofráil thógtha: mar do níthí ofráil thógtha don lár (síolbhuáilthe), mar sin thóigfighe é.
21
Don chéad chuid dá bhur ttáos do bhéartháoi don TIGHEARNA ófráil thógtha ion bhur sleachduibh.
22
¶ Agus má rinneabhair seachrán, agus nach ar choimhéadabhair na huile aithne, noch do labhair an TIGHEARNA ré Maóise,
23
A nuile ní dar aithin an TIGHEARNA dhíbh re láimh Maóise, on lo far aithin an TIGHEARNA do Mhaóise, agus ó so amach a measc bhur ngeinealach;
24
Annsin is amhlaidh bhías, má níthear éainní tré aínbhfios gan fhiós don chomhchruinniughadh, go ttiubhraid an pobal uile éanbhulóg óg úatha mar ofráil loiscthe, mar bholadh chumhra dón TIGHEARNA, maille lé na ofráil bhídh, agus ofráil dighe, do réir a norduighe, agus éanmheannán do na gabhruibh mar ofráil pheacaidh.
25
Agus do dhéana an sagart síth ar son chloinne Israel uile, agus maíthfighear dhóibh uile é; óir is ainbhfios é: agus do bhéaruid a nofrail leó, íodhbuirt dhéanta lé teinidh don TIGHEARNA, agus a nofráil pheacaidh a lathair an TIGHEARNA ar son á nainbhfios.
26
Agus maithfighear do chomhchruinniughadh chloinne Israel uile é, agus don choimhidhtheach choimhneachus na measc; ó thárla don phobal uile bheith a nainbhfios.
27
¶ Agus má pheacuigheann anam ar bith tré ainbhfios, annsin do bhéara sé leis gabhar bainion don chéidbhlíadhuin mar ofrál pheacaidh.
28
Agus do dhéana an sagart lóirghníomh ar son a nanma pheacuigheas go hainbhfiosach, a nuáir do ní sé peacadh go hainbhfiosach a lathair an TIGHEARNA, do dhéanamh lóirghníomha ar a shon; agus maithfighear dhó é.
29
Eándligheadh amháin bhías aguibh don té pheacuigheas tré ainbhfios, aráon don té béarthar a measc chloinne Israel, agus don choimhidhtheach chomhnuigheas na measc.
30
¶ Achd an tanam do ní éainní go handóthchusach, más don tír é, nó coimhidhtheach, scannluigh sé an TIGHEARNA; agus gearrfhuighear an tanamsin as lár a dhaóine.
31
¶ Da chionn gur tharcuisnigh sé bríathar an TIGHEARNA, agus gur bhris a aithne, gearrfuighear an tanam sin thríd amach; biáidh a olc air féin.
32
Agus an fad do bhádar clann Israel annsa bhfásach, fúaradar duine do cruinnigh maideadha annsa tsábbóid.
33
Agus an luchd fuáir ag cruinniughadh máideadha é thugadar é chum Maóise agus chum Aáron, agus chum an chomhchruinnighe uíle.
34
Agus do chuireadar a láimh é, do chionn nar foillsinghadh cread do dhéantaói ris.
35
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Máóise, Cuírfighear an tóglach go deimhin chum báis: clochfuid an comhchruinniughadh uile lé clochuibh é táoibh amuich don champa.
36
Agus tugadar an coimhthionól uile táobh amach dón champa é, agus do chlochadar lé clochuibh é, agus do éug sé; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
37
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, dhá rádh,
38
Labhair ré cloinn Israel, agus fuagair dhóibh go ndéandáois fabhra a nimlibh a néaduigheadh ar feadh a ngeinealach, agus cuirid ruibín gorm ar fhabhradhuibh a nimil:
39
Agus biáidh sé aguibh na bhfabhradhuibh, chór go bhfeachtháoi air, agus mo mbía sé aguibh mar chuímhne ar aitheantuibh an TIGHEARNA, agus go ndéantáoi dhá réir; agus nach leantáoi lorg bhur gcroidhtheach féin agus bhur súl féin, a ndiáigh a ngnáthuigheann sibh dul do stríapachus:
40
Ionnus go ccuimhneochtháoi agus go ndéantáoi maitheanta uile, agus go mbía sibh náomhtha da bhur Ndía.
41
Misi an TIGHEARNA bhur Ndía, noch thug amach sibh as crích na Hégipte chum bheith mo Dhía aguibh: misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36