bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 19
Numbers 19
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 20 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise agus ré Háaron, gá rádh,
2
Sé so ordughadh an dlighe noch do aithín an TIGHEARNA, gá rádh, Labhair re cloinn Israel, go ttugdáois chugad colpach bhainnean dheargbhuidhe gan toibhéim, ann nach bía crón, agus ar nar cuireadh cuing a ríamh:
3
Agus do bheartháoi Deleásar an sagart í, chor go ttugadh sé amach as an ccampa í, agus go marbhadh áon í ann a fíadhmuse:
4
¶ Agus glacfuidh Eleásar an sagart dá fuil le na mhéur, agus croithfidh da fuil go díreach as coinne thabernacuil an chomhchruinnigh seachd nuáire:
5
Agus loiscfidh áon an cholpach ann a radharc; a croícionn, agus a feoil, agus a fuil, maille ré na háoileach, loiscfeas sé:
6
Agus glacfuidh an sagart crann céadair, agus isóip, agus scárláoid, agus caithfidh é a lár loiscthe na colpuidhe.
7
Annsin nighfidh an sagart a éadach, agus fothraicfidh a chorp a nuisge, agus na dhiáigh sin tiucfaidh sé don champa, agus biáidh an sagart neamhghlan go tráth nóna.
8
Agus an té loisgfeas í nighfidh sé a éadach a nuisge, fothruicfidh a chorp a nuisge, agus biáidh neamhghlán go tráthnóna.
9
Agus cruinneochuidh duine bhías glan luáith na colpuidhe, agus cuirfidh a ttaisgídh é táobh amuich don champa a nionad ghlan, agus cuimhdeochthar é do choimhthiónol chloinne Israel mar uisge dealuighthe: is glanadh ar son peacaidh é.
10
Agus an té chruinnighis luáith na colpuidhe nighfidh sé á éadach, agus biáidh se neamhghlan go tráthnóna: agus biáidh sé ag cloinn Israel, agus ag an ccóimhidhtheach chomhnúigheas na measc, na reachd síorruidhe.
11
¶ Agus an té bheanas ré corp marbh dhuine ar bith biáidh sé neamhghlan go cíonn seachd lá.
12
Glanfuidh sé é féin leis sin ar an treas lá, agus an seachdmhadh lá biáidh sé glan: achd muna nglana sé é féin an treas la, annsin ní bhiáidh sé glan an seachdmhadh lá.
13
Gidh bé bhéanus ré corp marbh dhuine ar bith éugfas, agus nach glanfuidh é féin, salchaidh se tabernacuil an TIGHEARNA; agus gearrfuighear an tanam sin ó Israel: do chionn nar croitheadh uisge an dealuighthe air, biáidh sé neamhghlan; atá a neamhghloine fós air.
14
Sé so an dligheadh, a nuáir gheabhus duine bás a lóistín: an mhéid thiucfas a steach annsa lóistín, agus an mhéid bhías a stigh annsa lóistín, béid neamhghlan seachd lá.
15
Agus gach eansoitheach fhoscailte, ar nach bfuil folach ceanguilte uime, ata neamhghlan.
16
Agus gidh bé bheanas ris an tí do mharbhadh le cloidheamh sná machairidhibh réidh, nó re corp marbh, no ré chnáimh dhuine, nó re úaighe, biaidh neamhghlan seachd lá.
17
Agus glacfuid siad air son duine neamhghlain do luaith no colpuidhe loiscthe an ghlanta ar son peacaidh, agus cuirfidhear uisge reatha na chionn a soitheach:
18
Agus glacfuidh duine glan isóip, agus tunithnigh annsa nuisge é, agus croithfidh ar an lóistín é, agus ar na soithighibh uile, agus ar na dáoinibh do bhí annsin, agus ar an té do bhean ré cnáimh, nó ré duine do marbhadh, nó ré duine fuáir bás, nó ré huáigh:
19
Agus croithfidh an duine glan air an neamhghlan an treas lá, agus an seachdmhadh lá; agus ar an seachdmhadh lá glanfuidh é féin, agus nighfidh a éadach, agus fothruicfidh é féin a nuisge, agus biáidh sé glan tráthnóna.
20
Achd an té bhías neamhghlan, agus nach glanfuidh é féin, gearrfuighear an tanam sin amach as an ccomhchruinniughadh, do chionn gur thruáill sé sanctora án TIGHEARNA: níor croítheadh uisge an dealuighthe air; atá se neamhghlan.
21
Agus biáidh sé na reáchd síorruidhe dhóibh, an te chroitheas uisge an dealuíghthe nighfidh sé a éadach; agus an té bheanas ré huisge an dealuighthe biáidh sé neamhghlan go tráthnóna.
22
Agus gidh bé ní ré mbeanfuidh an duine neamhghlan biáidh sé neamhghlan; agus an tanum bheanfas ris biáidh sé neamhghlan go tráthnóna.
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 20 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36