bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 14
Numbers 14
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 15 →
1
Agus do thóg an pobal uile a nguth ós áird, agus do éigheadar; agus do ghuileadar an pobal a noidhche sin.
2
Agus do rinneadar clann Israel uile ithomrádh a nághaidh Mhaóise agus a nághaidh Aáron: agus a dubhradar an comhchruinniughadh uile riú, Do bfearr linn go bhfuígheamáois bás a ccrích na Hégipte, nó do bfearr linn go bhfuíghemaois bás annsa bhfásachso.
3
Agus créd fá ttug an TIGHEARNA don tírsi sin, do thuitim leis an geloidheamh, chor go mbeidís ar mná agus ar cclann na greích? nach ar bhfearr dhúinn filleadh do Négipt?
4
Agus a dubhradar ré ar oile, Déanam caiptin, agus filleam do Négipt.
5
Annsin do thuit Maóise agus Aáron ar a naighthibh a lathair oireachduis chomhchruinnighthe chloinne Israel uile.
6
¶ Achd Iosua mhac Nun, agus Cáleb mhac Iephunneh, noch do bhí don luchd do fhéuch an fearann, do réubádar a néaduighe:
7
Agus do labhradar ré hoireachdas chloinne Israel uile, dha rádh, An fearann, ar ghabhamair thríd dá fhéachuin, is fearann sármhaith é.
8
Matá dúil ag an TTIGHEARNA ionnuinne, annsin béaruidh sé don dúthaighsi sinn, agus do bhéara dhuinn í; dútháigh noch líonas do bhainne agus do mhil.
9
Amháin ná héirghidhsi a ccogadh a naghaidh an TIGHEARNA, agus ná bíodh eagla oruibh roimh dháoinibh na tíre; óir is arán dúinne íad: do dhealuigh a ccumhdach riú, agus atá an TIGHEARNA linne: ná bíodh a neagla oruibh.
10
Achd do aithnigheadar an comhchruinniughádh uile a glochadh lé clochuibh. Agus do thaisbein glóir an TIGHEARNA í féin a ttabernacuil an chomhchruinnighthe a lathair chloinne Israel uile.
11
¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Gá fad bhías an pobalso ag cur feirge oram? agus gá fad nach ccreidfid mé ar son na nuile comharthadha do thaisbean mé eatorra?
12
Buáilfe mé íad lé pláigh, agus beannfa mé a noighreachd díobh, agus do dhéana mé dhíotsa cineadh is mó agus is neartmhuire ná íadsan.
13
Agus a dubhairt Maóise ris an TTIGHEARNA, Achd cluinfid na Hégiptigh sin, (óir thug tusa íadso amach ó bheith na measc léd chumhachduihh;)
14
Agus inneosuid siad do mhuinntir na tiresi é: óir do chualadar a THIGHEARNA go bhfuil tusa a measc an phobailsi, go bhfaicthear thusa a THIGHEARNA aghaidh ar aghaidh, agus go mbí do néull ós a ccíonn, agus go ttéid tú rompa san ló a bpiléur néill, agus a bpileur teindh sa noidhche.
15
¶ Annois má mharbhann tú an pobalso uile mar éanduine, annsin laibheóruid na críocha da chualuidh do thásc, dá rádh,
16
Do chionn nach éidir leis an TTIGHEARNA na dáoinesi do thabhairt don tír do gheall se dhóibh, uime sin do mharbh se iad annsa bhfásach.
17
Agus annois, íarruim dathchuinge ort, bíodh cumhachda mo THIGHEARNA mór, amhuil do labhair tú, da rádh,
18
Atú an TIGHEARNA fad‐fhuilingeach, agus mórthrócaireach, ag maitheamh éacceart agus péacaidh, agus gan an ciontach do sháoradh ar éanchor, ag aithbhear péacaidh na naithreadh ar an ccloinn go nuige an treas agus an ceathramhadh glún.
19
Maith, iarruim dathchuinge ort, éacceart na ndaóinesi do réir méud do thrócaire, agus mar do mhaith tú don phobalsa, ó Négipt go ttí a nois.
20
Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Do mhaith mé do réir do bhréithresi:
21
Achd coimhdhearbhtha agus atáimsí am bheáthaidh, líonfuighear an domhan uile do ghlóir an TIGHEARNA.
22
Do bhrígh na muinntiresi uile do chonnairc mo ghlóir, agus mo ionganta, do rinne mé sa Négipt agus annsa bhfásach, agus do chuir cathughadh orm a nois deich nuáire, agus nár éisd rem ghuth;
23
Go déimhin ní fhaicfid siad an dúthaigh da gheall mé dá naithribh, ní fhaicfidh éainneach dhíobhso dar chuir fearg oram é:
24
Achd mo sherbhíseach Caleb, do chionn go raibh aithearrach spioraid ann, agus gur lean sé misi go hiomlán, béura mé eision don dúthaigh iona ndeachaidh sé; agus sealbhochuid a shliochd é.
25
(Annois do áitreabhadar na Hamalecítigh agus na Cananítigh annsa ghleann.) Fillidhsi a márach, agus imthighidh don fhásach a slighe na mara Ruáidhe.
26
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise agus ré Háaron, gá rádh,
27
Gá fad íomchórus mé leis a ndrochphobalsa, noch do ní ithiomradh am aghaidh? do chúala mé íthiomrádh chloinne Israel, noch do níd do mhunmhur am aghaidh.
28
Abair riú, Mar mhairim, a deir an TIGHEARNA, amhuil do labhrabhairsi am chlúasuibhsi, is mar sin do dhéana misi ribh:
29
Tuítfid bhur cconablacha annsa bhfásachsa; gach ar háirmheadh dhíbh do réir bhur nuibhre iomláine, ó fhithchid bliadhan dáois agus ós a chionn, do rinne ithiomrádh am aghuidhse,
30
Gan chunntabhairt ní thiucfuidhe don tír a steach, a ttáoibh ar mhionna mé go náitreochadh sibh innte, achd amhain Cáleb mhac Iephunneh, agus Iosua mhac Nun.
31
Ach bhur náoidhin, a dubhrabhair do bheith na gcreích, béara mé íad sin a steach, agus aitheonuid síad an fearann noch do tharcuisnígheabhairsi.
32
Achd ar bhur sonsa, tuitfid bhur cconablacha, annsa bhfásachsa.
33
Agus béid bhur gclann ar seachrán annsa bhfásachso ceathrachad blíadhan, agus íocfuid ar son bhur stríapachuis, nó go leaghaid bhur ccuirp annsa bhfásach.
34
Do réir uibhre na laétheadh a rabhábhair ag féuchuin a nfearuinn, ceathrachad lá, (gach éanlá ar son blíadhna,) iomchortháoi bhur néicceart, sé sin ceathrachad blíadhan, agus aitheontáoi mo bhriseadh geallamhnasa.
35
Misi an TIGHEARNA a dubhairt, Do dhéana mé go deimhin é ris a ndroch chomhchruinniughadhso uile, noch atá ar na gcruinniughadh a ccionn a chéile ám aghuidh: annsa bhfásachso tuitfid síad, agus annsin báiseochthar íad.
36
Agus na dáoine, do chuir Maóise dféachuin a nfearuinn, noch do fhill, agus tug air an gcomhchruinniughadh ithiomrádh do dhéanamh iona aghaidh, lé droch thúarusgbháil do thabhairt air an bhfearann,
37
An mhuinntir chéadna sin thug an droch thúarusgbháil ar an ttír, fuaradar bás don phláigh a lathair an TIGHEARNA.
38
Achd Iosua mhac Nun, agus Cáleb mhac Iephunneh, noch ba don luchd do chúaidh dféachuin a nfearuinn, do mhaireadar a gcomhnuighe.
39
Agus do innis Maóise na briathraso do chloinn Israel uile: agus do cáoidheadar an pobal go mór.
40
¶ Agus do éirgheadar an pobál go moch ar maidin, agus do chúadar súas go mullach an tsléibhe, gá rádh, Féuch, atámáoid annso, agus racham súas go nuige a náit do gheall an TIGHEARNA: óir do pheacuigheamar.
41
Agus a dubhairt Maóise, Créd a nois fá sáruighthigh aithne an TIGHEARNA? ach ní bhíá maith dhíbh ann.
42
Ná héirgidhe suás, óir ní bhfuil an TIGHEARNA bhar measc; chor nach buailtear sibh as coinne bhur namhad.
43
Oír atáid na Hamalecítigh agus na Cananítigh annsin romhuibh, agus tuitfídhe leis an gcloidhiomh: do chionn gur hionntóigheabhair ón TIGHEARNA, uime sin ní bhia an TIGHEARNA libh.
44
Ach do chuireadarsan rompa dul súas go mullach an chnoic: gidheadh níor imthigh aírc chunnartha an TIGHEARNA, ná Maóise, amach as an ccampa.
45
Ansin tangadar na Hamalecítigh a núas, agus na Cananítigh noch do chomhnuigh san chnoicsin, agus do bhuaileadar íad, agus do bhrisiodar orra, air fad go Hormah.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36