bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 11
Numbers 11
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 12 →
1
Agus a nuáir do iomchasáoid an pobal, do chuir sin fearg ar an TIGHEARNA: agus do chualuidh an TIGHEARNA sin; agus do lasadh a fhearg; agus do las teine an TIGHEARNA na measg, agus do loisg an luchd dó bhí a nimlibh an champa.
2
Agus do éigheadar an pobal ar Mhaóise; agus a nuair do rinne Maóise urnaighe chum an TIGHEARNA, do múchadh an teínidh.
3
Agus tug Taberah dainm ar a náit: do chionn gur loisc teine an TIGHEARNA na measg.
4
Agus iomad da raibh na measc do ghlac ainmhian íad: agus clann Israel mar an gcéadna do ghuiléadur a rís, agus a dubhradar, Cía bhéarus feóil dúinn ré na ithe?
5
Cuimhnígheamáoid ar a níasc, do ithmís annsa Négipt a naisgidh; na cúlaráin, agus na mealbhucain, agus an lus, agus na huinniuin, agus an gháirleóg:
6
Achd a nois atá ar nanum ar ttiurmúghadh súas: ní bhfuil ní ar bith aguinn annois, achd an mannasa amháin, ion ar radharc.
7
Agus do bhí an manna amhuil síol coriander, agus a dhath amhuil dath bdellium.
8
Agus do imthigheadh an pobal fa gcuáirt, agus do chruinnighedís é, agus do mheiledis a muiltibh é, no do bhrúighedís é a móirteur, agus do bhruithedís a noighnibh é, agus do nighdís cácuidhe dhe: agus do bhí a bhlas amhuil blas núadhóla.
9
Agus a nuáir do thuiteadh an drúchd air an ccampa sa noidhche, do thuiteadh an manna air.
10
¶ Annsin do chualuidh Maóise an pobal ag gul ar feadh a muinntire uile, gach áon díobh a ndorus a lóistín féin: agus dó hadhnadh fearg an TIGHEARNA go mór; do bhí Maóise feargach mar an gcéadna.
11
Agus a dubhairt Maóise ris an TTIGHEARNA, Créad fár chrádh tú do shérbhíseach? agus créad fá nach bhfuáir mé fabhar ad lathair, as ar chuir tú úalach na ndaoinesi uíle orum?
12
An misi do ghein an pobalso uile? an damh rugadh iad, as a nairbearthá riom, Iomchair ann tfocras iad, (mar iomchras an tathair‐altrannus leanbh na cíche), gus an bfearann do mhionnaidh tú da naithribh?
13
Cáit as a bhfaghuinnsi feóil ré tabhairt don phobalso uile? óir guilid siad orum, gá rádh, Tabhair dhúinn feóil, go níthmís í.
14
Ní fhéaduimsi na dáoinesi uile diomchar am áonar, do chíonn go bhfuil se ro throm agum.
15
Agus mas mar so dhéanas tú rium, guidhim thú, marbh mé, ar ball, agus ma fuáir mé muinnteardhus ad lathair; ná faicim mo thrúaighmhéile.
16
¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Cruinnigh chugamsa seachdmhochad fear do shinnsearuibh Israel, noch is aithne dhuit bheith na sinsir an phobail, agus na noifigidh ós a cionn; agus tabhair íad go tabernácuil an chomhchruinnighthe, go rabhaid na seasamh ad fhochairsi annsin.
17
Agus tiucfa misi a nuas agus labheóra me riot annsin: agus beanfa mé don spioraid atá ortsa, agus cuirfe mé orrasan é; agus iomchóruid siad úalach na ndáoine leachtsa, íonnus nach niomchoruidh tusa leachd féin é.
18
¶ Agus abairsi ris an bpobal, Beannuigidh sibh féin a ccoinne an láoi márach, agus íostáoi feóil: (óir do ghuileabhair a ccluasaibh an TIGHEARNA, da rádh, Cia bhéuras feoil dúinn ré na hithe? óir is maith do bhádhas aguinn sa Négipt): uime sin do bhéura an TIGHEARNA feóil dáoibh, agus íostáoi í.
19
Ní héanlá amháin íostaoi, no dhá lá, nó cúig lá, nó deich lá, nó fhithche lá;
20
Achd an feadh míosa iomláine, nó go ttí sé amach ar bhur srónphollairibh, agus go raibh glonnmhar aguibh: do chionn gur tharcuisnigh sibh an TIGHEARNA noch atá bhar measc, agus gur guileabhair dá lathair, gá rádh, Créad as a ttangamar amach as a Négipt?
21
Agus a dubhairt Maóise, An pobal, a bhfuilím na measc, atáid siad sé chéad míle coisighe; agus a dubhairt tusa, Do bhéura mé feóil dáoibh, ar feadh míosa ré na hithe.
22
An muirfighear na tréada agus na sealbhadha dhóibh, da sásadh? nó an ccruinneochthar íasc na fairge uile a bhfochair a chéile dhóibh, da sásadh?
23
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, A ndearnadh lámh an TIGHEARNA níos giorra? do chífe tú a nois an ttiocfa mfocalsa a gcrích dhuitsi nó nach ttiocfa.
24
¶ Agus do chúaidh Maóise amach, agus do innis don phobal briathra an TIGHEARNA, agus do chruinnigheádar a bhfochair a chéile an seachdmhoghad do shinnsearuibh an phobuil, agus do shuígheadar fá ccúairt timchioll an tabernacuil.
25
Agus táinic an TIGHEARNA a nuas a néull, agus do labhair ris, agus do thóg cuid don spioraid do bhí air, agus tug don tseachdmhodhad séanóir é: agus tárla, a nuáir do chomhnuidh an spiorad orrasan, go ndearnadar fáigheadoireachd, agus nár stadadar.
26
Achd do fhanadar días do na dáoinibh annsa champa, is é dob ainm do dhuine aca Eldad, agus ainm an fhir eíle Medad: agus do chomhnuidh an spiorad orra; agus do budh don luchd do bhí scríobhtha íad, achd ní dheachadar amach chum an tabernacuil: agus do rinneadar fáidheadóireachd san champa.
27
Agus do rith duine, agus do innis do Mhaóise, agus a dubhairt, Atá Eldad agus Medad ag fáidheadóireachd san champa.
28
Agus do fhreagair Iosua mhac Nun, serbhíseach Mhaóise ón áois óig, agus a dubhairt sé, A thighearna a Mhaóise, toirmisc íad.
29
Agus a dubhairt Maóise ris, An bhfuil tnúth ortsa ar mo shonsa? do bfearr liom go mbeidís pobal an TIGHEARNA uile na bhfáighibh, agus go ccuirfeadh an TIGHEARNA a spiorad orra.
30
Agus do chúaidh Maóise don champa, é féin agus sinnsir Israel.
31
¶ Agus do chúaidh gáoth amach ón TTIGHEARNA, agus tug gearraguirt ón bhfairge, agus léig síos láimh ris an ccampa íad, mar do bheith sé uidhe láoi don táoibhse, agus nidhe láoi don táoibh eile fá gcuairt timchioll an champa, agus timchioll dhá chubhád dáirde ar gnúis na talmhun.
32
Agus do sheasadar an pobal súas ar feadh an láoi sin, agus ar feadh na hoidhche, agus ar feadh an láoi ar na mhárach, agus do chruinnigheadar na gearraguirt: an té ís lugha do cruinnigh do chruinnigh sé deich homer: agus do leathnuigheadar íad fá gcuáirt timchioll an champa uile dhóibh féin.
33
Agus an feadh do bhí an nfeóil fós idir a bhfiaclaibh, agus fós roimhe na cognadh, do hadhnadh fearg an TIGHEARNA a naghuidh an phobuil, agus do bhuáil an TIGHEARNA an pobal lé pláigh romhóir.
34
Agus do ghoir sé Cibrot‐hataabhah dainm do náit: do chionn gurob annsin do adhlaiceadar an luchd air a raibh an tainmhían.
35
Agus do aistrigheadar an pobal ó Cibrot‐hataabhah go Haserot; agus do fhosadar ann Haserot.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36