bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 22
Numbers 22
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 23 →
1
Agus do ghluaiseadar clann Israel ar a naghaidh, agus do chuíreadar fútha a réiteach Mhoab don táoibhsi do Iordan láimh ré Ierico.
2
¶ Agus do chonnairc Balac mhac Sippor a ndeárnadar clann Israel ris na Hamorítibh.
3
Agus do bhí Moab lán deagla na ndáoine, do chionn go rabhadar líonmhur: agus do bhí Moab buáidheartha do bhrígh chloinne Israel.
4
Agus a dubhairt Moab ré sinnsioruibh Midian, A nois lighfid an mhuinntirse súas a bhfuil ar timchioll uile, mar ligheas an damh féur na faithche. Agus dob é Balac mhac Sippor budh rígh ar na Moabíteach an tansin.
5
Do chuir sé teachda úadh uime sin chum Bálaam mhac Beor go Petor, noch atá láimh ré habhuinn dúthaigh chloinne a mhuinntire, dá ghairm, ag rádh, Féuch, tháinic pobal amach as a Négipt: féuch, do fholchadar aghaidh na talmhan, agus atáid na ccomhnuighe as mo choinne si:
6
Tárr a nois ar a nadhbharsin, íarruim mar athchuinge ort, malluigh na dáoinesi air mo shensa; óir atáid ro neartmhar agam: dob éidir go mbéuruinn buáidh le ccláoidhfemís íad, agus le ndíbeóruinn as an ttír íad: óir atá a fhios agum gidh bé bheinneochus tusa go bhfuil beannuighe, agus gidh bé mhailleochus tú go bhfuil malluighe.
7
Agus do imthigheadar sinnsir Mhoab agus sinnsir Mhídian maille re tioghlaicthibh na dráoidheachda ann a láimh; agus tangadar go Bálaam, agus do labhradar bríathra Bhálac ris.
8
Agus a dubhairt seision riú, Fanuigh annso a nochd, agus do bhéara misi focal chugaibh mar a deir an TIGHEARNA rium: agus do fhanadar prionnsuidhe Mhoab a bhfochair Bhálaam.
9
Agus tháinic Día chum Bálaam, agus a dubhairt, Cred íad na dáoinesi ad fhochair?
10
Agus a dubhairt Bálaam ré Día, Bálac mhac Sippor, rígh Moab, do chuir fios chugam, dhá rádh,
11
Féuch, tháinic pobal amach as a Négipt, noch fholchus aghaidh na talmhan: tárr annois, malluigh dhamh iad; dob éidir go béinn cumusach chum a ccláoidhte, agus go cuirfinn as an ttir íad.
12
Agus a dubhairt Día ré Bálaam, ní reacha tusa leó; ní mhailleocha tú an pobal: óir atáid beannuighe.
13
Agus do éirigh Bálaam súas ar maidin, agus a dubhairt ré prionnsuidhibh Bhálac, Eirgidh da bhur ndúthaidh féin: óir do dhíult an TIGHEARNA cead do thabhairt damhsa dul libh.
14
Agus do éirgheadar prionnsuidhe Mhoab súas, agus do chúadar chum Bálac, agus a dubhradar, Do dhíult Bálaam teachd linn.
15
¶ Agus do chuir Bálac a rís, níomó do phrionnsuidhibh, agus níos ónóruigh ná íadsan.
16
Agus tangadar go Bálaam, agus a dubhradar ris, Mar so a deir Balac mhac Sippor, Na toirmisgeadh éinní thú, íarruim dathchuinge ort, fá theachd chugam:
17
Oír cuirfe mé súas thú a nonóir romhóir, agus do dhéana mé gach éinní déarus tú rium: tárr ar a nadhbharsin, guidhim thú, malluigh dhamh na dáoinesi.
18
Agus do fhreagair Bálaam agus a dubhairt re searbhfhoghantuibh Bhálac, Da ttugadh Bálac dhamh lán a thighe dairgead agus dór, ni fhéaduimsi dul thar fhocal an TIGHEARNA mo Dhía, do dhéanamh níos lugha nó níos mé.
19
A nois uime sin, guidhim sibh, fanúidh a nochd annso, chor go mbía a fhios agam créd eile a déaras an TIGHEARNA riom.
20
Agus tháinic Día go Bálaam sa noidhche, agus a dubhairt ris, Má thigid na dáoine dod ghairm, éirgidh súas, agus imthigh leó; gidheadh an focál a déara misi riot, go madh é sin dhéanas tú.
21
Agus do éirigh Bálaam ar maidin, agus do chuir díalláoid air a assal, agus do chuáidh lé prionnsuidhibh Mhoab.
22
¶ Agus do las fearg Dé do chionn gur imthigh sé: agus do sheas aingeal an TIGHEARNA annsa tslighe mar eascaruid na aghuidh. Annois do bhí seision ag marcuidheachd ar a assal, agus do bhádar a dhá sherbhíseach mar áon ris.
23
Agus do chonnairc an tassal aingeal an TIGHEARNA na sheasamh ar a tslighe, agus a chloidheamh nochduighe iona láimh: agus do ionntóigh an tassal as a tslighe amach, agus do chuáidh ar feadh an mhacaire: agus do bhuáil Bálaam an tassal, dá fhilleadh annsa tslighe.
24
Achd do sheas áingel an TIGHEARNA a slighe na bhfíneamhan, balla don táoibhsi, agus balla don táoibh oile.
25
Agus a nuáir do chonnairc an tassal aingel an TIGHEARNA, do thiomáin sí í féin a naghaidh an bhalla, agus do bruigheadh cos Bhálaam ris an mballa: agus do bhuáil sé a rís í.
26
Agus do chuáidh aingeal an TIGHEARNA ni is faide, agus do sheas a náit chumhainn, mar nach raibh áonbhall seachanta ar a láimh dheis nó ar a láimh chlí.
27
Agus a nuáir do chonnairc an tassal aingeal an TIGHEARNA, do thuit sí síos fáoi Bhálaam: agus do las fearg Bhálaam, agus do bhuáil sé an tassal le bata.
28
Agus dfoscuil an TIGHEARNA béul a nassail, agus a dubhairt sí re Bálaam, Cred do rinne misi riot, as ar bhuáil tú mé a nois trí huáire?
29
Agus a dubhairt Bálaam ris a nassal, Do chionn go ndeárna tú magadh orum: do bfearr liom go mbeith cloidheamh am láimh, óir do mhuirfinn a nois thú.
30
Agus a dubhairt an tassal re Bálaam, Nach misi hassal, ar a ndeárna tú marcuídheachd ó fuáir tú riamh mé gus a niugh? nar gnáthuigh mé so dhéanamh riot? agus a dubhairt seision, Níor gnáthuighis.
31
Annsin dfoscuil an TIGHEARNA súile Bhálaam, agus do chonnairc Bálaam aingeal an TIGHEARNA na sheasamh san tslighe, agus a chloidheamh tairngthe iona láimh: agus do chláon sé síos a cheann, agus do thuit sínte ar a aghuidh.
32
Agus a dubhairt aingeal an TIGHEARNA ris, Cred fár bhuáil tú hassal na trí huáiresi? féuch, do chuáidh misi amach dód thoirmiosc, do chionn go bhfuil do shlighe go crosanta am lathair:
33
Agus do chonnairc an tassal mé, agus do fhill úaim na trí huáirési: agus muna bhfilleadh sí uáim, go dearbhtha annois mar an ccéadna do mhuirfinn thusa, agus do sháorfuinn isi beó.
34
Agus a dubhairt Bálaam re haingeal an TIGHEARNA, Do pheacaidh mé; óir ní raibh a fhios agam gur sheas tusa annsa tslighe am aghuidh: nime sin annois, muna budh toil leachd é, fillfe misi ar mais a rís.
35
Agus a dubhairt aingeal an TIGHEARNA ré Bálaam, Imhthigh leis na dáoinibh: achd amháin an focal a déaras misi riot, sé sin a déaras tú. Mar sin do imthigh Bálaam le prionnsuidhibh Bhálac.
36
¶ Agus a nuáir do chúaluidh Bálac go ttáinig Bálaam, do chuáidh sé amach na choinne go chathair Mhoab, noch atá a tteóruinn Arnon, noch atá annsa nimiol as faide amach.
37
Agus a dubhairt Bálac re Bálaam, Nach ar chuir misi fios go dithchiollach chugadsa dod ghairm? cred fa nach ttáinic tú chugam? nach dearbhtha go ttig líomsa do chur súas a nonóir?
38
Agus a dubhairt Bálaam re Bálac, Féuch, tháinic mé chugad: an bhfuil cumhachda ar bith a nois agam éinní rádh? an focal chuirfios Día am bhéul, sé sin laibheórus mé.
39
Agus do chuáidh Bálaam le Bálac, agus tangadar go Círiat‐husot.
40
Agus do ofráil Bálac daimh agus cáoirigh, agus do chuir go Bálaam, agus chum na bprionnsadha do bhí na fhochair.
41
Agus tárla ar na mhárach, gur ghlac Bálac Bálaam, agus go rug súas é go háitibh árda Baal, ionnus go bhfaicfeadh sé as sin leithimiol an phobail.
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 23 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36