bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 16
Numbers 16
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 17 →
1
Annois Córath mhac Isar, mhic Cohath, mhic Lébhi, agus Dátan agus Abíram, mic Eliab, agus On, mhac Pelet, mhic Réuben, do ghlacadar chuca daóine:
2
Agus déirgheadar súas a lathair Mhaóise, maille re cuid airigh do chlannuibh Israel, dhá chéud agus cáogad prionsa don choimhthionól, óirdheirc annsa chomhchruinniughadh, dáoine aínmneamhla:
3
Agus do chruinnigheadar íad féin a ccionn a chéile a naghaidh Mháoise, agus a naghaidh Aáron, agus a dúbhradar riú, Is mór ghabhtháoise oruibh féin, ó thárla an chomhchruinniughadh uile náomhtha, gach aón díobh, agus an TIGHEARNA na measc: ar a nadhbharsin cred fá ccurtháoisi sibh féin súas ós cionn phobail an TIGHEARNA?
4
Agus a núair do chúalaidh Máoise sin, do thuit sé ar agháidh:
5
Agus do labhair sé re Córah agus ré na chuídeachduin uile, dhá rádh, A márach féin taisbeanfuidh an TIGHEARNA cía is leis, agus cia atá naomhtha; agus dó bhéara aír teachd láimh ris: an té sin féin do thogh sé is air do bhéara teachd a ngar dhó.
6
Déannidhsi so; Glacaidh sionsuidhe chugaibh, Córah, agus a chuideachda uile;
7
Agus cuiridh teinidh ionta, agus cuirfidh túis ionta a lathair an TIGHEARNA a márach: agus is amhluidh bhías gidh bé duine thoghas an TIGHEARNA, bíaidh sé naomhtha: gabhann sibh a niomarcuigh oruibh féin, a chlann Lébhí.
8
Agus a dubhairt Máoise re Córah, Guidhim sibh, éistigh a chlann Lebhí:
9
An saoilti gur ní gan éifeachd, mar do dhealuigh Día Israel sibhsi ó chomhchruinniughadh Israel, da bhur ttabhairt a ngar dhó féín do dhéanamh serbhíse thabernacuil an TIGHEARNA, agus seasamh a lathair an chomhchruinnigh do fhriotholamh dhóibh?
10
Agus thug sé thusa a bhfógus dó, agus do dhearbhráithre uile mic Lebhi maille riot; agus an bhfuiltí ag íarruigh na sagartachda mar an gcéadna?
11
Ar son na cúisesin thusa agus do chuideachda uile do chruinnígheabhair sibh féin a ccionn a chéile a naghuidh an TIGHEARNA: agus créd é Aáron, as a ndéantaoi ithiomrádh na aghaidh?
12
¶ Agus do chuir Máoise gairm ar Dhátan agus air Abíram, clann Eliab: noch a dúbhairt, Ní rachuimne súas:
13
An ní gan éaifeachd go ttúg tusa sinn as dúthaigh líonas do bhainne agus do mhil, dar marbhadh annsa bhfásach, acht muna ndéana tú prionnsa dhíot féin thríd amach ós ar ccionn?
14
Tuilléamh fós ní thug tú sinn go tír líonus do bhainne agus do mhil, agus ní mó thug tú oighreachd fearuinn nó fíneamhna dhúinn: an gcuirfe tú súile na ndáoine amach? ní rachuimne súas.
15
Agus do bhí Máoise rofheargach, agus a dúbhairt ris an TIGHEARNA, Ná tabhairsi meas ar a nofráil so: nícr bhean misi éanassal ámháin díobh, agus ní mó do ghortuigh mé áon aca.
16
Agus a dubhairt Maoise ré Córah, Bídhsi, agus do chuideachda uile a lathair an TIGHEARNA a márach, thusa, agus íadsan, agus Aáron:
17
Agus glacadh gach aon aguibh sionnsa, agus cuiridh túis ionta, agus tugadh gach áon aguibh a shionnsa féin a lathair an TIGHEARNA, dhá chéad agus caogad sionsa; thusa mar an gceadna, agus Aáron, gach áon aguibh a shionnsa.
18
Agus do ghlac gach fhear áca a shionnsa, agus do chuir teinidh ionta, agus do chúireadar túis aír, agus do sheasadar a ndorus thabernacuil an chomhchruinnigh maille re Máoise agus Aáron.
19
Agus do chruinnigh Córah an comhchruinniughadh úile na naghaidh go dorus thabernacuil an chomhchruinnigh: agus do foillsiughadh glóir an TIGHEARNA don chomhchruinniughadh uile.
20
Agus do labhair an TIGHEARNA re Máoise agus ré Háaron, dá rádh,
21
Dealuighidh sibh féin as lár an phobailsi, go sgriosfa mé íad a móiment.
22
Agus do thuiteadarsan ar a naghaidh, agus a dubhradar, A Dhé, Día spiorad gaca uile fhéola, an bpeacóchuídh áonduine amháin, agus an mbía tú feárgach ris an bpobal uile?
23
¶ Agus de labhair an TIGHEARNA ré Máoise, dhá rádh,
24
Labhair ris an gcomhchruinniughadh, dhá rádh, Eirgidh súas ó bheith a ttimchioll thabernacuil Chóradh, Dhátan, agus Abíram.
25
Agus déirigh Máoise súas agus do chuaidh go Dátan agus go Habíram; agus do leanadur sinnsir Israel uile é.
26
Agus dó labhair sé ris an bpobal, gá rádh, Guídhim sibh, dealuighe sibh féin ó lóistínibh na ndrochdháoinese, agus ná buáinidh ré héanní is leó, deagla go muirfidhe sibh uile iona bpeacuibhsion.
27
Mar sin déirgheadar súas ó thabérnacuil Chórah, Dhátan, agus Abíram, ar gach éantáoibh: agus tháinic Dátan agus Abíram a mach, agus do sheasadar a ndorus a lóistin, agus a mná, agus a mic, agus a cclann bheag.
28
Agus a dubhairt Máoise, Leis so aitheontaoi gur chuir an TIGHEARNA misi do dhéanamh na noibreachso uile; óir ní dhéarna mé íad as minntinn féin.
29
Má gheibhid so bás coitcheann a nuile dhuine, nó más mar thicthear ar na huile dhaóinibh thiocfuighear orra; ann sín ní hé an TIGHEARNA do chuir misi úadh.
30
Ach má ní an TIGHEARNA ní núadh, agus go bhfoisceoluidh an talamh a bhéul, agus a slugadh súas, gun a nuile ní dhá mbeanann riú, agus go rachaíd síos beó annsa pholl; annsin tuigfidhe gur chuireadar an mhuinntirse fearg air an TTIGHEARNA.
31
¶ Agus tarla, mar do sguir sé do labhairt na mbríatharso uile, gur scoilt an talamh do bhí futha ó chéile.
32
Agus dfoscuil an talamh a bhéul, agus do shluig súas íad féin, agus a ttighthe, agus a nuile dhume dar bhean ré Córah, agus a máoin uile.
33
Iad féin, agus an mhéid do bhean riú, do chuadar beó síos annsa deirc, agus do dhruid an talamh orra: agus do éugadar as lár an chomhchruinnigh.
34
Agus do theitheadar na Hísraelitigh uile do bhí na ttimcioll fa gcuáirt roimh a néigheamh: óir a dubhradar, Deagla go sluighfiodh an talumh sinne mar an ccéadna.
35
Agus táinic teine a mach on TTIGHEARNA, agus do loisc an dá chéad agus an cáogad do ofráíl an túis.
36
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA re Máoise, dhá rádh,
37
Labhair lé Heleásar mhac Aáron an sagart, na sionnsuidhe do thógbháil súas as an loscadh, agus spréighse an teine ann súd; óir atáid náomhtha.
38
Sionnsuidhe na bpeacachso a naghaidh a nanmann féin, déantar plátuidhe leathna dhíobh mar fholach do naltóir: óir do ofráladar íad a lathair an TIGHEARNA, uime sin atáid náomhtha: agus béid na ccomhartha do chloinn Israel.
39
Agus do thóg Eleásar an sagart na sionnsuidhe práis, le ndeárnadar an luchd do loisceadh ofráil; agus do rineadh plátuidhe leathna dhíbh mar fholach do naltóir:
40
Chum a mbeith na ccuimhne do chloinn Israel, iondus nach dtiocfadh éanchóimhidheach, nach do shíol Aáron, dofráil túise a lathair an TIGHEARNA; chor nach mbiáidh sé mar Chórah, agus mar a chuideachduin: mar do ráidh an TIGHEARNA ris le láimh Mháoise.
41
¶ Achd ar na mhárach do rineadar comhchruinniughadh chloinne Israel uile ithiomrádh a naghaidh Mháoise agus Aáron, ga rádh, Do mharbhabhair muinntir an TIGHEARNA.
42
Agus tárla, a nuáir do chruinnigheadar an pobal uile a naghuidh Mhaóise agus a naghaidh Aáron, gur fhéuchadar leath ré tabernacuil an chomhchruinnigh; agus, féuch, do fholuigh an neull é, agus do thaisbéin glóir an TIGHEARNA.
43
Agus tháinic Maóise agus Aáron as coinne thabernacuil an comhchruinnigh.
44
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, dhá rádh,
45
Eírigh amach ás an gcuideachduin go mbásuighe misi íad a móiment. Agus do thuiteadarsan ar a naghaidh.
46
¶ Agus a dubhairt Máoise re Haáron, Glac sionnsa, agus cuir teinidh ann ón naltóir, agus cuir túis uirré, agus éirigh go lúath chum an chomhchruinnigh, agus déana lóirghníomh ar a son: óir do chuáidh dioghaltas amach ón DTIGHEARNA; do thionsguin an phláigh.
47
Agus do ghlac Aáron mar a dubhairt Maóise ris, agus do rith a lár an phobail; agus, feuch, do bhí an phláigh ar dtosughadh a measc án phobail: agus do chuir túis chuige, agus do rinne síth ar son an phobail.
48
Agusdo sheas sé eidir na beódhaibh agus na marbhuibh; agus do coisceadh an phláigh.
49
Annois an mhéid déug don phláigh do budh ceithre mhíle dhéug agus seachd gcéud, leath amuigh don mhuinntir déug fa chúis Chórah.
50
Agus do fhill Aáron chum Maóise go dorus thabernacuil an chomhchruinnigh: águs do coisceadh an phláigh.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 17 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36