bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 18
Numbers 18
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 19 →
1
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Háaron, Iomchóra tusa agus do mhíc agus tigh hathar maille leachd éigceart na sanctóra: agus iomchóra tusa agus do mhíc maille leachd aindligheadh bhur sagartachda.
2
Agus dó dhearbhráithre mar an ccéadna do threibh Lébhi, treabh hathar, tabhairsi leachd íad, go niaghthar leachd íad, agus go ndéanuid fritheolamh dhuit: achd do dhéana tusa agus do chlann maille riot miniostráláchd as coinne thabernacuil na fiadhnuise.
3
Agus coimheadfuid síad do chúram, agus cúram an tabernacuil uile: achd amháin ní thiucfaid a ngar soitheach na sanctóra agus na haltóra, go nach néugaid síadsan, ná thusa, mar an gcéadna.
4
Agus ceangoltar leachd íad, águs coimheadfuid cúram thabernacuil an chomhchruinnigh, do dhéanamh serbhíse an tabernacuil uile: agus ní thiucfa coimhidhtheach bhar goire.
5
Agus coimhéadfuidhe cúram na sanctóra, agus cúram na haltóra: go nach biáidh feasda fearg ár bith ós cionn chloinne Israel.
6
¶ Agus misi, féuch, rug mé bhur ndearbhraithre na Lebhítígh ó bheith a measc chloinne Israel: dhuitsi tugadh íad mar thabhartas don TIGHEARNA, do dhéanamh serbhíse thabernacuil an chomhchruinnigh.
7
Ar á nadhbharsin coimhéudfa tusa agus do chlann maille riot oifig bhur sagartachda an gach éinni do naltóir, agus táobh a stigh don bhrat; agus do dhéantáoi serbhís: thug me bhur noifig shágartachda dháoibh mar sherbhís thiodhlaíchthe: agus an coimhidhtheach thiucfas a ngar cuirfighear chum báis é.
8
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA re Haaron, Féuch, thug mé dhuit mar an ccéadna cúram mofrála tógthá do nuile ní náomhtha chloinne Israel; dhuitsi thug mé íad do bhrígh a nungtha, agus dod mhacaíbh, re hordughadh síorruidhe.
9
Budh leachtsa so do na neíthibh ronáomhtha, do congmhadh on teinidh: gach uile ofráil is leósan, gach uile ofraíl bhídh is leósan, gach ofráil pheacaídh is leósan, agus gach ofráil aindlighidh is leósan, noch do bhéuruid dhamhsa, biáidh si ronáomhtha dhuitsi agus dod mhacaibh.
10
Annsa náít is ronáomhtha íosas tú sin; gach áon feardha íosas é: biáidh sé náomhtha dhuit.
11
Agus is leachtsa so; ofráil thógtha a dtiodhluicthe, maille re uile ofrála thonnta chloinne Israel: thug mé dhuitsi íad, agus dod mhacaibh agus dod ingheanuibh maille riot, lé statúid shíorruidhe: gach áon dá mbía glan ann do thigh íosuidh sé dhe.
12
A nuile chuid is fearr do nola agus a nuile chuid is fearr don nfíon, agus don chruithneachd, a gcéadthoradh sin noch ofráiltid don TIGHEARNA, thug mé íad sin duitsi.
13
Agus gidh bé is táosca bhías abuidh annsa dúthuigh, noch do bhéuruid chum an TIGHEARNA, budh leachtsa sin; gach áon dá mbia glan ann do thigh, íosuidh sé dhe.
14
A nuile thíodhlaicthe náomhtha an Israel budh leaschtsa íad.
15
A nuile ní fhosclas an bhrú annsa nuile fheóil, noch bheirid síad chum an TIGHEARNA, mus do dháoinibh nó do bheathachuibh, budh leachtsa íad: gidheadh céidghin an duine fuáisceola tú go deimhín, agus céidbhreith na mbeathach neamhghlan fuáisceola tú.
16
Agus an mhéid bhías ré a bhfúascladh ó mhí dáois fuáisceola tú íad, do réir do mheasta féin, ar airgiod chúig secel, do réir secel na sancthóra, noch is fithche gerah.
17
Achd céadláogh bó, nó céadúan cáorach, no céadmheannan gabhair, ní fhuáisceola tú; atáid sin náomhtha: croithfe tú a bhfuil ar a naltóir, agus loisgfe tú a méathas mar ofráil déanta lé teinidh, mar bholadh chumhra don TIGHEARNA.
18
Agus budh leachtsa a bhfeóil sin, amhuil is léachd an cliathán tonnach agus an slinnéun deas.
19
A nuile ofráil thógtha do neithibh naomhtha, noch ofráluid clann Israel don TIGHEARNA, thug mé dhuitsi, agus dod mhacaibh agus, dod ingheanuibh maille ríot, le statúid shíorruidhe: is cunnradh salainn é go bráth a lathair an TIGHEARNA dhuitsi agus dod shíol maille riot.
20
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Háaron, Ní bhiáidh oighreachd agad iona ndúthaighsion, ni mó bhías roinn ar bith agad na measg: is misi do chuidsi agus hoighreachd a measg chloinne Israel.
21
¶ Agus féuch, thug mé do chloinn Lébhi a nuile dheachmhadh a Nisrael mar oíghreachd arson a serbhise do níd, mar atá serbhís thabernacuil an chomhchruínnigh.
22
Ní mó thiucfaid clann Israel feasda a ngar thabernacuil an chomhchruinnigh, deagla go ndéanaídís peacaidh, agus go bhfuighedís bás.
23
Achd na Lebhítigh dhéanas serbhís thabernacuil an chomhchruinnigh, agus iomchóruid síad á ccionta: budh statúid shíorruidhe sin a measg bhar ngeinealach, nach bhfuighid oighreachd air bith a measc chloinne Israel.
24
Achd deachmhadha chloinne Israel, noch ofrálaid síad mar ofráil thógtha don TIGHEARNA, thug mé sin do na Lebhítibh mar oighreachd: ar a nadhbharsin a dubhairt mé ríu, Ní bhfuighid oighreachd ar bith a measg chloinne Israel.
25
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, gá rádh,
26
Labhair mar so ris na Lebhitibh, agus abair riú, A nuáir bheanfuidhe na deachmhadha do chloinn Israel noch thug misi dhíbh mar oighreachd úathasan, annsin ofráilfidh sibh ofráil thógtha dhe sin don TIGHEARNA, an deachmhadh cuid don deachmhuidh.
27
Agus a nofráil thógtha so aguibhsi, coimeorthar chugaibh í mar arbhar urláir an bhuáilte, agus iomláine shoithigh brúite an nfíona.
28
Mar so ofráilfe sibhse fós ofráil thógtha don TIGHEARNA da bhur nuile dheachmhuidh, noch ghlacfuidhe ó chloinn Israel; agus do bhéartháoi dhe sín ofráil thógtha an TIGHEARNA do Aáron an sagart.
29
Amach as bhur nuile thabhartus ofráilfe sibh a nuile ofráil thógtha an TIGHEARNA, da uile mhéathas sin, an chuid náomhtha dhe.
30
Uime sin déara tó ríú, A nuáir thóigfeas tú an chuid is fearr dhe sin úadh, ansinn coimheorthar do na Lebhítibh é mar bhíseach urláir an bhuáilte, agus mar bhíseach shoithigh bruíte an nfíona.
31
Agus íostáoi é ann gach áonbhall, sibh féin agus bhur dteaglach: óir sé lúach bhur serbhíse a ttabernacuil an chomhchruinnigh é.
32
Agus ní bhía peacadh ar bíth oruibh da bhrígh sin, a nuáir thóigfidh dhe an chuid is fearr dhe: ní mó thrúailleochtáoi neithe náomhtha chloinne Israel, deagla go néugfadh sibh.
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 19 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36