bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 4
Numbers 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 5 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise agus ré Háaron, gha rádh,
2
Glacuidh uibhir mhac Chohat ó bheith a measc mhac Lébhí, do réir a inuinntear, tre thighe a naithreadh,
3
O thríochad bliadhan daois agus ós a chionn go nuige umurró caogod bliadhan daois, a nuile dhuine rachus annsa tslúagh, do dhéanamh saothair a ttabernacuil an chomhchruinnighthe.
4
Sí so serbhis bhias ag macaibh Chohat a ttabernacuil an chomhchruinnighthe, timchioll na neitheann ro náomhtha:
5
¶ Agus a nuair rachus an slúagh ar a naghuidh, tiucfa Aáron, agus a mhic, ugus leagfuid síos an brat foluighe, agus foileochuid aírc na fiaghnuisi leis:
6
Agus cuirfid úirthe do chroicnibh broc, agus leithneochuid táobh a muigh air éadach do ghorm uile, agus cuirfid a mhaididhe a steach ann.
7
Agus ar bhord an aráin thaisbéanta leathneochuid siad éadach do ghorm, agus cuirfid na míasa ar sin, agus na líacha, agus na scaluidhe, agus na foluigh a fhoileochus: agus biáidh an tarán síorruidhe air:
8
Agus leithneochuid siad éadach scarláoide orra, foileochuid siad sin lé folach do chroicnibh broc, agus cuirfid a mhaídidhe a steach ann.
9
Agus géabhuid chuca éadach do ghorm, agus foileochuid coinnleóir an tsoluis, agus a lampuidhe, agus a theannchuiridhe, agus a mhiása smóil, agus a uile shoithighe ola, lé ndéanuid siad friotholumh dhó:
10
Agus cuirfid siad é féin agus a shoithighe uile a stigh a bhfolach do chroicnibh broc, agus cuirfid siad air bharra é.
11
Agus ar a naltóir órdha leithneochuid siád éadach do ghorm, agus foileochuid é dfolach do chroicnibh broc, agus cuirfid na maididhe fáoi:
12
Agus geabhuid chuca uile ionstrumintigh an fhriothoilte, lé ndéanuid serbhís annsa tsanctóir, agus cuirfid iad a néadach do ghorm, agus foileochuid íad dfolach do chroicnibh broc, agus cuirfid ar bharra íad:
13
Agus béaruid leó an luaith ón altóir, agus leithneochuid éadach purpair air:
14
Agus cuirfid air a shoithighe uile, le ndéanuid friotholamh gacha táobh dhe, martá na tuisearedh, na hadhala, agus na sluaiste, agus na baisínigh, agus uile shoithighe na haltóra; agus leithneochuid siad air folach do chroicnibh broc, agus cuirfid a mhaididhe fáoi.
15
Agus a nuair chríochnochus Aáron agus a mhic folach na sanctóra, agus uile shoithighe na sanctora, mar bhias an campa ag gluasachd ar aghaídh; tar éis sin, tiocfuid mic Chohat dá iomchar: achd ni bheanfuid re héinní beannuighthe, deagla a mbásuighthe. Ag so úalach mhac Chohat a ttabernacuil an chomhchruinnighthé.
16
¶ Agus ré hoifig Eleásair mhic Aáron an sagart bheanus a nóla chum an tsoluis, agus an túis dheaghbholuidh, agus a nofráil laétheamhuil bhídh, agus a nola ungtha, agus feitheamh ós cionn an tabernacuil uile, agus gach uile neithe da bhfuil ann, annsa tsanctóir, agus iona shoighthighibh.
17
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise agus re Haáron, gá rádh,
18
Ná gearruidh a mach treabh mhuinnteara na Gcohatíteach ó bheith a measc na Lebhíteach:
19
Achd déanuidh mar so riú, chor go mairfid siad, agus nach bhfuighid bás, a nuair thiocfaid a ngar na neitheann ro naomhtha: rachuidh Aáron agus a mhic a steach, agus oírdeochuid gach éinneach dhíobh iona sherbhís féin agus iona ualach:
20
Achd ní rachuid siad a steach dféachuin anúair fhoileochtar na neithe naomhtha, deaglá go bhfuighedís bás.
21
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, dhá rádh,
22
Glac chugad mar an gcéadna uibhir mhac Gerson, líon tighthibh a naithreadh, do réir a muinntear;
23
O thríochad blíadhan daois agus ós a cionn go nuige caogad bliaghan dáois áireomhus tú iad; an mhéid theid a steach dheanadh na seirbhise, do dhéanamh na hoibre a ttabernacuil an chomhchruinnighthe.
24
Sí so serbhís mhuintire na Ngersoníteach, serbhís do dhéanamh, agus ualach diomchar:
25
Agus iomchoruid siad cúirtínigh an tabernacuil, águs tabernacuil an chomhchruinnighthe, a fholach, agus an folach, do chroicnibh broc bhías shúas aír, agus brat doruis thabernacuil an chomhchruinnighthe.
26
Agus crochadh na cúirte, agus crochadh do dhorus geata na cúirte, nóch bhías láimh ris an tabernacuil agus ris a naltóir timchioll fa ccuairt, agus a ccorduidhe, agus a nuile instrumeint a serbhíse, águs gach uile ní da ndearnadh dhóibh: is mar sin do dhéanuid a bhfriotholamh.
27
Ar ordughadh Aáron agus a mhac bhías an uile sherbhis mhac na Ngersoníteach, iona núaluighibh, agus iona seirbhís uile: agus oirdeochuidh sibh dhóibh a gcúram a núaluighe uile.
28
Sí so serbhís mhuinntire mhac Gérson a ttabernacuil an chomhchruinnighthe: agus biaidh a gcúram fáoi láimh Itamar mac Aáron an sagart.
29
¶ Ar son mhac Mherári, comháirfe tú íad do réir a muinntear, tre thighe a naithreadh;
30
O thríochad bliadhan daois agus ós a chionn go nuige caogad bliadhan daóis airéomhas tú íad, gach uile dhuine da rachaidh chum serbhíse, do dhéanamh oibre thabernacuil an chomhchruinnighthe.
31
Agus sé so cúram a núalaigh, do réir an uile sherbhíse a ttabernacuil an chomhchruinnighthe; cláir an tabernacuil, agus a bharruidhe, agus a philéir, agus a shoicéid,
32
Agus piléir na cúirte timchioll fa gcuairt, agus a soicéid, agus a tairrngidhe, agus a gcórduidhe, maille re na nuile serbhís: agus áireamha sibh go hainmneamhuil ionstrúmentigh chúruim a núaluidh.
33
Si so serbhís mhuintire mhac Mherári, do réir a serbhíse uile, a ttabearnacuil an chomhchruinnighthe, fo láimh Itamar mhic Aáron an sagart.
34
¶ Agus do áir Maóise agus Aáron agus deaghdháoine an chomhchruinnighthe mac na Cohatitigh do réir a muinntear, agus do réir thighe a naithreadh,
35
O thríochad bliadhan dáois agus ós a chionn go nuige caogad bliadhan dáois, gach éinneach da dtéid san tserbhís, chum na hoibre a ttabernacuil an chomhchruinnighthe:
36
Agus an mhéid do háirmheadh dhíobh do réir a muinntear do bhádar dá mhíle seachd ccéud agus caogad.
37
Agus is íad so an mhéid do háirmheadh do mhuinntearuibh na Ccohatíteach, an mhéid dár bhféidir serbhís do dhéanamh a ttabernacuil an chomhchruinnighthe, noch do áir Máoise agus Aáron do réir aithne an TIGHEARNA lé láimh Mháoise.
38
Agus an mhéid do háirmheadh do mhacaibh Gerson, líon a muinntear, agus tre thighe a naithreadh.
39
O thríochad bliadhan dáois agus ós a chionn go nuige cáogad bliadhan dáois, a nuile dhuine da rachaidh annsa tserbhís, chum oibre thabernacuil an chomhchruinnighthe,
40
An mhéid do háirmheadh dhíobh, lion a muintire, tre thighthibh a naithreadh, do bhádar dhá mhíle sé chead agus tríochad.
41
Is íad so an mhéid do háirmheadh do mhuinntearuibh mhac Gerson, don uile dá ttáinic serbhís do dhéanamh a ttabernacuil an chomhchruinnighthe, noch do áir Máoise agus Aáron do réir aithne an TIGHEARNA.
42
¶ Agus an mhéid do háirmheadh do mhuintearuibh mhac Merári, ar feadh a muinnteare, tre thighuibh a naithreadh,
43
O thriochad bliadhan dáois agus ós a chionn go nuige caógad bliadhan dáois, anuile dhuine dá dtéid annsa tserbhís, chum oibre thabernacuil an chomhchruinnighthe,
44
An mhéid do háirmheadh dhíobh do réir a muinntire, do bhadár trí mhíle agus da chéud.
45
Is íad so an mhéid do háirmheadh do mhuinntír mhac Mherári, nóch do áir Máoise agus Aáron dó réir bhréithre an TIGHEARNA le láimh Mháoise.
46
An mhéid sin uile dár háirmheadh do na Lebhítibh, noch do áir Máoise agus Aáron agus maithe chloinne Israel, do réir a muintire, agus do réir thighe a naithreadh,
47
O thríochad bliadhan dáois agus ós a chionn go nuige caogad bliadhan dáois, gach éanduine da ttáinic dul do dhéanamh serbhíse miniostralachda, agus serbhíse a núaluidh a ttabernacuil an chomhchruinnighthe,
48
An mhéid do háirmheadh dhíobh, do bhádar ochd míle agus cúig chéud agus ceithre fichid.
49
Do réir aithne an TIGHEARNA do náirmheadh íad lé láimh Mháoise, gach éanduine do réir a sherbhíse, agus do réir a úaluigh: mar so do comháireadh íad leis, mar do aithin an TIGHEARNA do Mháoise.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36