bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 31
Numbers 31
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 32 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, ghá rádh,
2
Dioghail clann Israel ar na Mídianchuíbh: na dhiáigh sin cruinneochthár chum do dháoine thú.
3
Agus do labhair Maóise ris an bpobal, dhá rádh, Gabhadh cuid aguibh airm chum an chogaidh, agus teídhid a naghuidh na Mídianach, agus dioghlaidis an TIGHEARNA ar na Mídianchuibh.
4
Míle as gach éintreibh, ar fadh treabh Israel uile, chuirfidhe chum an chogaidh.
5
Mar sin do tugadh amach as míltibh Israel, míle as gach éintreibh, dhá mhíle dhéug a narm chum coguidh.
6
Agus do chuir Maoise chum an chogaidh iad, míle as gach eintreibh, íadsan agus Phineas mhac Eleasar an sagart, chum an chogaidh, leis na hinnilibh naomhtha, agus na stocaibh fhuaimneach iona láimh.
7
Agus do chathuigheadar a naghaidh na Mídianach, mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise; agus do mharbhadar a bhfir uile.
8
Agus do marbhadar fós ríghthe na Mídianach, táobh amuigh don chuid eile dhíobh do marbhadh; Ebhi, agus Recem, agus Sur, agus Hur, agus Reba, cúig righthe Mídian: Balaam mar an ccéadna mhac Beor do mharbhadar leis an ccloidheamh é.
9
Agus do ghabhadar clann Israel mná na Mídianach uile na mbraighde, agus a leinibh, agus rugadar leó éadail a náirnéise uile, agus a ttréada uile, agus a máoin uile.
10
Agus do loisceadar a gcaithreacha uile, ionar áitreabhadar, agus a gcaisléin sgíamhacha uile le teinidh.
11
Agus rugadar leó na héadála uile, agus na creacha uile, idir dhuine agus ainmhidhe.
12
Agus tugadar na braighde, agus na creacha, agus na héadála, leó go Maóise, agus go Heleásar an sagart, agus go comhchruinniughadh chloinne Israel, go nuige an gcampa a maghuibh Mhoab, noch atá láimh ré Iordan a bhfogus do Ierico.
13
Agus do chuáidh Maóise, agus Eleásar an sagart, agus prionnsuidhe an chomhchruinnigh uile, amach do theagmháil riú táobh amuigh don fhoslungphort.
14
Agus do bhí Maóise feargach ré hoifigeachuibh an tsluáigh, ris na caiptínibh ós cionn mílteadh, agus ris na caiptínibh ós cionn chéud, noch tháinic ón chath.
15
Agus a dubhairt Maóise riú, Nar chumhduigheabhair na mná uile na mbeathaigh?
16
Féuch, tugadar so ar chloinn Israel, tré chomhairle Bhálaam, peacughadh a naghaidh an TIGHEARNA a gcúis Pheoir, agus do bhí pláigh a measc chomhchruinnigh an TIGHEARNA.
17
Uime sin a nois marbhuidh gach éanfhirionnach a measc na mbeag, agus marbhuidh gach éinbhean agá raibh fios fir re luighe leis.
18
Ach na leinibh ban uile, ag nach raibh fios fir re luighe ris, coimhéaduigh beó íad dháoibh féin.
19
Agus déanuidh comhnuighe táobh amuigh don champa seachd lá: gidh bé mharbh éainneach, agus gidh bé bhéan re corp marbh, glanuidh sibh féin agus bhur mbraighde ar an treas lá, agus ar an seachdmhadh lá.
20
Agus glanuidh bhur néaduighe eile, agus gach éainní dá ndeárnadh do chroicnibh, agus gach uile obair dfionnadh gabhar, agus gach éinní do rinneadh do chrann.
21
¶ Agus a dubhairt Eleasar an sagart ris an luchd coguidh, noch do chuaidh chum an chatha, Sé so órdughadh an dlighe, noch do fhúagair an TIGHEARNA do Mhaóise;
22
Amháin an tór, agus an tairgead, an prás agus an tíarann, an stán, agus an luáighe,
23
A nuile ní dá bhfuileonguidh an teinidh, do bhéartháoi air dul thríd an tteinidh, agus biáidh sé glan: gidheadh glanfuighear é lé huisge an dealuighe: agus a nuile ní nach bhfuileang an teinidh do bhéartháoi fá deara a dhul thríd a nuisce.
24
Agus nighfidhe bhur néaduighe ar an seachdmhadh lá, agus beithí glan, agus na dhiaigh sin tiocfuidhe don champa.
25
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, dhá rádh,
26
Glac suim na héadala do beanadh amach, idir dhuine agus bheathach, thusa, agus Eleásar an sagart, agus príomhaithreacha an chomhchruinnigh:
27
Agus roinn a néadail a ndá chuid; idir an mhuinntir do ghlac orra an cogadh, noch do chuáidh amach san chath, agus eidir an comhchruinniughadh uile:
28
Agus tóg áirdchíos don TIGHEARNA ón luchd coguidh do chuáidh amach chum an chatha: éananam as cúig chéad, do na dáoinibh, agus do na buáibh, agus do na hassalaibh, agus do na cáorchuibh:
29
Buáin dá leathsan é, agus tabhair do Eleásar an sagart é, mar ofráil thóg tha don TIGHEARNA.
30
Agus do leath chloinne Israel, buáinfe tú éanchuid ronna do cháogad, do na dáoinibh, do na buáibh, do na hassaluibh, agus do na tréaduibh, do na huile short áirnéisi, agus tabhair íad do na Lebhitibh, noch choimhéadas cúram thabernacuil an TIGHEARNA.
31
Agus do rinne Maóise agus Eleásar an sagart mar do aithin an TIGHEARNA do Maoise.
32
Agus a néadáil, fuighioll na creiche noch do ghlacadar an luchd cogaidh, do bhádar sé chéad míle agus seachdmhoghad míle agus cúig mhíle cáora,
33
Agus trí fichthid agus dhá mhíle dhéug bó,
34
Agus trí fichthid agus éan mhíle assal,
35
Agus tríochad agus dha mhile pearsa sa niomlán, do mhnáibh nar fhionn fear ríamh re luighe ris.
36
Agus an leath, do budh cuid ronna don mhuintir do chuáidh amach chum an chogaidh, do bhí a nuibhir trí chéad míle agus seachd míle déag ar fhichthid agus cúig chéad cáora:
37
Agus do bé áirdchíos an TIGHEARNA do na cáorchuibh sé chéad agus trí fichthid agus a cúig déug.
38
Agus do bhádar na ba tríochad agus sé mhíle; agus do bé áirdchíos an TIGHEARNA dhíobh sin trí fichthid agus a dó dhéug.
39
Agus do bhádar na hassail deich míle fhichthiod agus cúig chéad; agus do bé áirdchíos an TIGHEARNA dhíobh a háon agus trí fichthid.
40
Agus da bhádar na dáoine sé mhíle dhéag; agus dob é áirdchíos an TIGHEARNA dhíobh triochad agus dá phearsuinn.
41
Agus thug Maóise an táirdchíos úadh, noch do bé ofráil thógtha an TIGHEARNA, do Eleásar an sagart, mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaoise.
42
Agus do leith chloinne Israel, noch do rann Maóise ón luchd cogaidh,
43
(Annois an leath ráinic don chomhchruinniughadh do budh trí chead míle agus seachd míle agus cúig chéad cáora agus trochad míle,
44
Agus tríochad agus sé mhíle bó,
45
Agus triochad míle assal agus cúig chéad,
46
Agus sé mhíle dhéag pearsa;
47
Don leathso chloinne Israel, do thóg Maóisi éanchuid ronna do cháogad, idir dhuine agus bheathach, agus tug íad do na Lebhitibh, noch do choimhéid cúram thabernacuil an TIGHEARNA; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
48
¶ Agus na hoifigidh do bhí ós cionn mílteadh don tslúagh, caiptínigh mílteadh, agus caiptínigh céud, thangadar a bhfogus do Mhaóise:
49
Agus a dubhradar ré Maóise, Do ghabhadar do sherbhisigh uibhir na bhfear cogaidh noch ata fa ar láimh, agus ní theastann duine dhíobh.
50
Thugamar ar a nadhbharsin ófráil chum an TIGHEARNA, a bhfuáir gach áon aguinn, do shéaduibh óir, do shlabhruidhibh, agus do bhráisléaduibh, dfáinnidhibh, do chluáisshéaduibh, agus do thaiblibh, do dhéanamh síodha dar nanam a lathair an TIGHEARNA.
51
Agus do ghlac Maóise agus Eleásar an sagart an tór úatha, mar atá a nuile shéad oibrighthe.
52
Agus ór na hofrála uile do ofráladar súas don TIGHEARNA, ó chaiptínibh mílteadh, agus ó chaiptínibh céud, do budh sé mhíle dhéug agus seachd ccéad agus cáogad secel é.
53
Oír do ghlacadar luchd an chogaidh éadáil ar leith, gach éanduine aca dhó féin.
54
Agus do ghlac Maóise agus Eleásar an sagart an tór ó chaiptínibh na mílteadh agus na gcéad, agus tugadar é go tabernacuil an chomhchruinnigh, mar chuimhne do chloinn Israel a lathair an TIGHEARNA.
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 32 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36