bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 32
Numbers 32
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 31
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 33 →
1
Anois do bhí ro mhórán áirnéise ag cloinn Reuben agus ag cloinn Ghad: agus a nuáír do chonncadar fearann Iaser, agus fearann Gilead, féuch, go raibh a náit na háit áirnéisi;
2
Tangadar clann Ghad agus clann Réuben agus do labhradar re Maóise, agus re Heleásar an sagart, agus ré prionnsuidhibh an chomhchruinnigh, gá rádh,
3
Atarot, agus Dibon, agus Iaser, agus Nimrah, agus Hesbon, agus Elealeh, agus Sebam, agus Nebo, agus Beon,
4
Eadhon an tír do bhuáil an TIGHEARNA a lathair chomhchruinnigh Israel, is fearann áirnéise é, agus atá airnéis ag do sheirbhíseachaibh:
5
Ar a nadhbharsin, ar síad, má fúaramar grása ad radharc, tugthar an dúthaighsi dod sheirbhiseachuibh mar sheilbh, agus ná beirthear nonn tar Iordan sinn.
6
¶ Agus a dubhairt Maóíse re clannuibh Gad agus re clannuibh Reuben, An rachuidh bhur ndearbhráithre chum an chogaidh, agus an suidhfe sibhsi annso?
7
Agus cread fá mímheisníghthí clann Israel um dhul a nonn don tír noch thug an TIGHEARNA dhóibh?
8
Mar so do rinneadar bhur naithre, a nuáir do chuir misi ó Chades‐barnea dféachuin na tíre íad.
9
Oír a nuáir do chuadar súas go gleann Escol, agus do chonncadar an fearann, do mheirtnigheadar croidhe chloinne Israel, nach rachaidís don dúthaigh noch thug an TIGHEARNA dhóibh.
10
Agus do las fearg an TIGHEARNA a nuairsin féin, agus thug a mhionna, dhá rádh,
11
Go deimhin ní fhaicfidh éanduine da ttáinic amach as an Negipt, ó fhichthid blíadhan dáois agus ós a chionn, an dúthaigh do mhionna misi do Abraham, do Isaac, agus do Iácob; do chionn nar leanadar misi go hiomlán:
12
Achd Caleb mhac Iephunneh an Cenisíteach, agus Iosua mhac Nun: óir do leanadar go hiomlán án TIGHEARNA.
13
Agus do las fearg an TIGHEARNA a naghuidh Isráel, agus do chuir ar seachrán san bhfásach íad dhá fhichthid bhlíadhan, nó gur dioghláithrigheadh a nuile gheinealach, do rinne olc a lathair an TIGHEARNA.
14
Agus, féachuidh, atátháoise ar néirghe súas a náit bhar naithreadh, biseach dháoineadh péacadhmhuil, do mhéadughadh fós dibhfheirge an TIGHEARNA a naghaidh Israel.
15
Oír má fhilltíse úadha, fúigfidh sé íad gan amharus a rís annsa bhfásach, agus scriosfuidh sé na dáoinesi uile.
16
¶ Agus tangadar a ngar dhó, agus a dubhradar, Do dhéanam manracha annso dár náirnéis, agus caithreacha dár ndaoinibh beaga:
17
Achd rachfam féin réidh armtha roimhe chloinn Israel, nó go mbeiream dá náit íad: agus coimhneochuid ar náos óg annsna caithreachuibh daingne ar eagla áitreabhach na tíre.
18
Ní fhilleam dar ttighthibh, nó go sealbhuighid clann Israel gach áon a oighreachd féin.
19
Oír ní íarrfuimne oighreachd maille riú don táoibh úd do Iordan, nó thairis sin; do chionn gur thuit ar noighreachd chuguinn don táoibhsi do Iordan leith shoir.
20
¶ Agus a dubháirt Maóise riú, Má nithí an nísi, má thig sibh armtha roimhe an TIGHEARNA chum cogaidh,
21
Agus go rachtháoi uile armtha tar Iordan a lathair an TIGHEARNA, nó go ndíbrigh sé roimhe amach a naimhde ón fhiaghnuisi,
22
Agus go ccláoidhfighear an dúthaigh a lathair an TIGHEARNA: annsin fillfighe fá dheóigh, agus beithí neimhchiontach a lathair an TIGHEARNA, agus a lathair Israel; agus biáidh an fearannsa na sheilbh aguibhsi a lathair an TIGHEARNA.
23
Achd muna ndeárntháoi so, féachuidh, do phéacuigheabhair a naghaidh an TIGHEARNA: agus bíodh a dhearbh aguibh go bhfuighidh bhur bpéacuidh amach sibh.
24
Deanuidh caithreacha dá bhur ndáoinibh beaga, agus mánracha dá bhur gcáorchuibh; ach déanuidh an ní tháiníc amach as bhur mbéul.
25
Agus do labhradar clann Ghad agus clann Réuben ré Maóise, dhá rádh, Do dhéanuid do sherbhísigh mar do aithin mo thighearna.
26
Béid ar gclann bheag, agus ar mná, agus ar ttréáda, agus ar náirnéis uile, annsin a gcaithreachaibh Gilead:
27
Achd rachuid do sheirbhísigh thairis, gach éanduine armalta chum an chogaidh, do chathughadh roimhe an TTIGHEARNA, mar a deir mo thighearna.
28
Mar sin do aithin Maóise dhá ttaóibh do Eleásar an sagart, agus do Iosua mhac Nun, agus daithribh onóracha threabh chloinne Israel:
29
Agus a dubhairt Maóise riú, Má thiagaid clann Ghad agus clann Réuben libh tar Iordan, gach éanduine armtha chum catha, a lathair an TIGHEARNA, agus go ccloidhfighear an tír romhuibh; annsin do bheartháói tír Ghilead dhoibh mar sheilbh:
30
Ach muna ndeachaid síad libh a nunn armtha, do gheabhuid sealbh bhur measc a ttír Chanáain.
31
Agus do fhreagradar clann Ghad agus clann Réuben gá rádh, Mar a dubhairt an TIGHEARNA red sherbhíseachuibh, is mar sin do dhéanaimne.
32
Racham thairís anonn armtha roimhe an TTIGHEARNA go tír Chanaáin, chor go madh linn ar sealbh don táoibhsi do Iordan.
33
Agus thug Maóise dhóibh, eádhon do chloinn Ghad, agus do chloinn Réuben, agus do leath threibhe Mhanasseh mhic Ioseph, rioghachd Sihon rígh na Namoríteach, agus rioghachd Og righ Basan, an fearann gun a chaithreachaibh annsna foirimlibh, mar atáid caithreacha na tíre timchioll fá gcuáirt.
34
¶ Agus do rinneadar clanna Gad Dibon, agus Atarot, agus Aroer,
35
Agus Atrot, Sophan, agus Iaaser, agus Iogbehah,
36
Agus Betnimrah, agus Betaran, caithreacha chumhdaighe: agus mánracha, do cháorchuibh.
37
Agus do chuireadar clann Réuben súas Hesbon, agus Elialeh, agus Círiataim,
38
Agus Nebo, agus Baalmeon, (ar nathrughadh a nanmann,) agus Sibmat: agus tugadar anmanna oile air na caithreachaibh do rinneadar.
39
Agus do imigheadar clann Mhachír mhic Manasseh go Gilead, agus do shealbhuigheadar é, agus do chuireadar as seilbh an Tamoríteach do bhí ann.
40
Agus thug Maóise Gilead do Mhachir mhac Manasseh; agus do chomhnuigh sé ann.
41
Agus do chuáidh Iair mhac Manasseh agus do ghlac a mbailte beaga san, agus do ghoir Habhot‐Iáir dhíobh.
42
Agus do chuáidh Nobah agus do ghlac Cenat, agus a bhailte beaga, agus do ghoir Nobah dhe, do réir a anma féin.
← Chapter 31
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 33 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36