bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 7
Numbers 7
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 8 →
1
Agus tárla an lá do chríochnuigh Máoise go hiomlan án tabernacuil do chur suas, agus gur ungaidh é, agus gur náomhuigh é, agus a raibh dionstrumentibh aige, araon a naltóir agus a huile shoithighe, agus gur ungaidh íad, agus gur naomhuidh íad;
2
Sí so ofráil do rinneadar prionnsuidhe Israel, cinn tighe a naithreadh, (noch do bhí na bprionnsuidhibh ar na treabhuibh, agus do bhí ós cionn an mheid do háirmheadh:)
3
Agus tugadar a nofráil a lathair an TIGHEARNA, sé carbuid fholuighthe, agus dhá dhamh dhéug; carbad do dhís do na prionsuidhibh, agus damh do gach éanduine: agus tugadar íad as coinne an tabernacuil.
4
Agus do labhair an TIGHEARNA re Máoise, dha rádh,
5
Glac uatha é, cor go mbeidís chum serbhíse thabernacuil an chomhchruinnighthe, do dhéanamh; agus do bhéara tú íad do na Lebhitibh, da gach éan duine do réir a sherbhíse.
6
Agus do ghlac Máoise na carbuid agus na doimh, agus tug do na Lebhítibh íad.
7
Tug sé dhá charbad agus ceithre doimh do mhacaibh Gerson, do réir a serbhíse:
8
Agus tug sé ceithre carbuid agus ochd ndoimh do mhacuibh Merári, do réir a serbhíse, fa láimh Itamar mhic Aáron an sagart.
9
Achd ní thug se éncheann do mhacaibh Chohat: do chionn gurob í serbhís na sanctóra do bhean ríu agus gurob air a nguaillibh do chaithfidís sin iomchar.
10
¶ Agus do rinneadar na prionnsuidhe ofrála a ttógbhala na haltóra san ló a raibh sí ar na hungadh, eadhon is ann do ofráladar na prionnsuidhe a nofráil a láthair na haltora.
11
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Máoise, Ofráilfid siad a nofráil, gach prionnsa dhíobh an a lá féin, ar son tógbhála na haltóra.
12
¶ Agus dob é Nason mhac Ammínadab do threibh Iúdah, do ofral a ofrail an chéad lá:
13
Agus sí dob ofráil dó éan bháisín a mháin airgid, iona raibh comhthrom chéud agus triochad secel, éan bhulla airgid iona raibh seachdmhodhad secel, do réir secel na sanctóra; íad araon lán do phlúr mhín cumuiscthe le hola mar ofráil bhídh:
14
Eán liach a mháin comhthrom dheich secel óir, lán do thúis:
15
Eán bhulog óg, éanreithe, éan úan don chéaid bhlíadhuin, chum iodhbartha loiscthe:
16
Ean mheannán do na gabhruibh ar son íodhbartha an pheacaidh:
17
Agus ar son ofrála iodhbartha na síodha, dhá dhamh, cúig reithe, cúig gabhair fhiriona, cúig uain don chéad bhliadhuin: is iád so bá hofráil do Nason mhac Amminadab.
18
¶ An dara lá do ofráil Netaniel mhac Suar, prionnsa Issachar:
19
Dó ofrail se ar son ofrála éan bháisin amháin airgid, a chomhthrom sin do budh céud agus tríochad secel, éan bhulla airgid do seachtmhoghad secel, do réir secel na sanctóra; íad araon lán do phlúr mhín cumuiscthe le hola mar ofráil bhídh:
20
Eán liach a mháin dór do dheich sécel, lán do thúis:
21
Eán bhulóg óg, éan reithe, éan úan don chéad bhliadhuin, mar íodhbuirt loiscthe:
22
Eán mheannán do na gabhruibh ar son ofrála peacaidh:
23
Agus mar iodhbuirt ofrála síodhchana, dá dhamh, cúig reithe, cúig gabhair fhirionna, cuig huáin don chéad bhliadhuin: is so bá hofráil do Netaniel mhac Suar.
24
¶ Ar an treas lá do iodhbuir Eliab mac Helon, priunnsa mhac Sebulun:
25
Do budh í a iodhbuirt éanbháisín dairgead, a chomhthrom sin céud agus triochad secel, éan bhulla airgid do seachdmhodhad secel, do réir shecel na sanctora; íad aráon lán do phlúr mhín cumuiscthe le hola mar ofráil bhídh.
26
Eán liach a mháin órdha do dheich secel, lán do thúis:
27
Eán bhulóg óg, éan reithe, éan lubhán don chéad bhlíadhuin, mar ofráil loiscthe:
28
Eán mheannán do na gabhruibh ar son ofrála peacaidh:
29
Agus ar son íodhbuirt ofrála siothchána, dhá dhamh, cúig reithe, cúig gabhuir fhirionna, cúig huáin don chéaid bhliadhuin: sí so bá hofráil do Eliab mhac Helon.
30
¶ An ceathramhadh lá do ofráil Elisur mhac Sedeur, prionnsa chloinne Reuben:
31
Agus do budh í a ofráil éan bháisín airgid comhthrom chéud agus thríochad secel, éanbhulla airgid do seachdmhogad secel, do réir secel na sanctóra; íad araon lán do phlúr fhínealta cumuiscthe lé hola, mar ofráil bhidh:
32
Eán liach amháin órdha do dheich secel, lán do thúis:
33
Eán bhulóg óg, éan reithe, éan úan don chéad bhliadhuin, chum na hiodhbartha loiscthe:
34
Eán mheannan do na gabhraibh ar son ofrála peacaidh:
35
Agus ar son íodhbuirt ofrála síodha, dhá dhamh, cúig reithe, cúig bpuic, cúig huain don chéidbhliadhuin: do budh í so ofráil Elisur mhac Sedeur.
36
¶ An cúigeadh lá Selumiel mac Surishaddai, prionnsa chloinne Simeon, sé do ofráil:
37
Sí budh ofráil dó éanbháisin amháin airgid, dob é a chomhthrom sin céud agus tríochad secel, éan bhulla airgid do sheachmhodhad secel, do réir secel na sanctora; íad araon lán do phlúr mhin cumaiscthe le hola mar ofraíl bhídh:
38
Ean liach órdha do dheich secel, lán do thúis:
39
Ean bhulóg óg, éan reithe, ean úan don chéad bhliadhuin, mar ofráil loiscthe:
40
Ean mheannán do na gabhraibh ar son ofrála peacaidh:
41
Agus ar son iodhbartha ofrala síodha, dá dhamh, cúig réithe, cúig puic, cúig huáin don chéad bhliadhuin: si so budh hofráil do Shelúmeil mhic Surishaddai.
42
¶ An seiseadh lá do rinne Elisaph mhac Deuel, prionnsa chloinne Gad, iodhbuirt:
43
Do budh í a ofráil éanbháisín airgid do chomhthrom céud agus triochad secel, bulla airgid do sheachdmhoghad secel, do réir secel na sanctora; íad araon lán do phlúr mhín chumaiscthe lé hola mar ofráil bhídh:
44
Eán líach amháin órdha do dheich secel, lán do thúis:
45
Eán bhulóg óg, ean reithe, éan úan don chéid bhliadhuin, chum ofrala loiscthe:
46
Eán mheannán do na gabhruibh ar son ofrála peacuidh:
47
Agus ar son íodhbartha ofrala síodha, dá dhamh, cúig reithe, cúig puic, cúig huáin don chead bhliadhuin: sí so budh ofráil do Eliasaph mhac Deuel.
48
¶ Agus do ofráil Elisama mhac Ammihud, prionnsa chloinne Ephraim, an seachdmhadh lá:
49
Do budh í a ofráil éanbháisín a mháin airgid, dar chomhthrom céad águs tríochad secel, éanbhulla airgid do seachdmhodhad secel, do réir secel na sanctóra; íad araon lán do phlúr mhín cumaiscthe lé hola mar ofráil bhídh:
50
Eán líach amháin órdha do dheich secel, lán do thúis:
51
Eán bhulóg óg, éan reithe, éan úan don chéad bhliádhuin, mar ofráil loiscthe.
52
Eán mheannán do na gabhruibh ar son ofrála peacaidh:
53
Agus ar son iodhbartha ofrala siothchána, dá dhamh, cúig reithe, cúig puic, cúig huáin don chéaid bhliadhuin: sí so budh ofráil do Elisama mhac Ammihud.
54
¶ Ar an ochdmhadh lá do ofráil Gamaliel mhac Pedasur, prionnsa chloinne Manasseh:
55
Do budh í a ofráil éanbháisín a mháin airgid do chomhthrom ceud agus triochad secel, ean bhulla áirgid do sheachdmhoghad secel do réir secel na sanctóra; íad araon lán do phlúr mhín chumuiscthe le hola mar ofrail bhídh:
56
Eán liach órdha do dheich secel lán do thúis:
57
Eán bhulóg óg, éan reithe, éan úan don chéid bhliadhuin, mar ofráil loiscthe:
58
Eán mheannán do na gabhraibh ar son ofrála peacaidh:
59
Agus ar son ofrála iodhbartha siothchána, dhá dhamh, cúig reithe, cúig puic, cúig húain don chéad bhliadhuin: do bí so ofráil Ghamaliel mhac Pedasur.
60
¶ Ar an naomhadh lá do ofráil Abidan mac Gideoni, priunnsa chloinne Beniamin:
61
Do buah í a ofráil sin éanbháisín airgid, dar chomhthrom céud agus tríochad secel, éan bulla airgid do sheachdmhoghad secel, do réir secel na sanctóra; íad araon lán do phlúr mhín cumuiscthe lé hola ar son ofrála bídh:
62
Eán liach amháin órdha do dheich secel, lán do thúis:
63
Eán bhulóg óg, éan reithe, ean úan don chéid bhlíadhuin, mar ofráil loiscthe:
64
Aon meannán do na gabhraibh ar son ofrála peacaidh:
65
Agus ar son iodhbartha ofrála síothchana, dhá dhamh, cuig reithe, cúig buíc, cúig húain don chéaid bhliadhain: si so budh ofráil do Abidan mac Gideone.
66
¶ Ar an deachmhadh lá do ofráil Ahieser mhac Ammisaddai, prionnsa chloinne Dan:
67
Do budh í a ofráil éan bháisín amháin airgid, do chomhthrom céad agus tríochad secel, éan bhulla airgid do sheachdmhoghad secel, do réir secel na sanctóra; íad araon lán do phlúr mhín cumaisce lé hola mar ofráil bhídh:
68
Aon liach amháin órdha do dheich secel, lán do thúis:
69
Eán bhulóg óg, éan réithe, éan úan don chéaid bhliadhuin, mar ofráil loiscthe:
70
Eán mheannán do na gabhruibh mar ofráil pheacaidh:
71
Agus mar íodhbuirt ofrala síothchána, dhá dhamh, cúig reithe, cúig buic, cúig húain don chéaid bhlíadhuin: do bí so ofráil Ahieser mhic Ammisaddai.
72
¶ Ar an eanmhadh lá déug do ofráil Pagiel mhac Ocrain, prionnsa chloinne Aser:
73
Do budh í a ofráil éan bháisín amhain airgid, dar chomhthrom céad agus tríochad secel, éan bhulla airgid do seachdmhoghad secel, do réir secel na sanctóra; íad araon lán do phlúr mhín chumuiscthe le hola már ofráil bhídh:
74
Eán liach amhain órdha do dheich secel, lán do thúis:
75
Eán bhulóg óg, éan reithe, éan úan don chéid bhliadhuin, mar ofráil loiscthe:
76
Eán mheannán do na gabhruibh mar ofráil pheacaidh:
77
Agus mar íodhbairt ofrála síothchána, dhá dhamh, cúig reithe, cúig buic, cúig húain don cheaid bhliadhuin: do budh í so ofráil Phagiel mhic Ocrain.
78
¶ Ar an dara lá déug do ofráil Ahira mhac Enan, prionnsa chloinne Naphtali:
79
Do budh i a ofráil éanbháisín amháin airgid, dar chomhthrom céad agus tríochad secel, ean bhulla airgid do seachdmhoghad secel, do réir secel na sanctóra; iad araon lán do phlúr mhín cumaiscthe le hola, mar ofráil bhídh:
80
Aon liach amháin órdha do dheich secel, lán do thúis:
81
Eán bhulóg óg, éan reithe, éan úan don chéad bhliadhuin, mair ofráil bhídh:
82
Eán mheannán do na gabhruibh ar son ofrála peacaidh:
83
Agus ar son iodhbartha ofrála síothchana, dhá dhamh, cúig reithe, cúig buic, cúig húain don chéaid bhliadhuin: do budh í so ofraíl Ahira mhic Enan.
84
Dob íad so tabhartuis na haltora, ann sa lá ar hungadh í, ó phrionnsadhuibh Israel: dhá bháisin déug airgid, dá chupán déug airgid, dhá líach dhéag óir:
85
Gach éan bháisin airgid ag comhthromadh chéud secel agus tríochad, gach éan bhulla seachdmhoghad: do comhthromaigh na huile shoithighe airgid dhá mhíle agus ceithre chéud secel, do réir secel na sanctóra:
86
Na líacha airgid do bhádar a dó dhéug, lán do thúis, ag comhthromadh deich secel gach líach dhíobh, do réir secel na sanctóra: ór na líacha uile bá céad agus fichthe secel é.
87
Na daimh uile don ofráil loiscthe do bhádar dhá bhulóig dhéug, na reitheadh a dó dhéug, na húain don chéid bhliadhuin a dó dhéug, maille re na nofráil bhídh: agus meannáin na ngabhar ar son ofrála peacaidh a dó dhéug.
88
Agus na huile daimh chum íodhbartha na hofrála síothchána do bhádar a ceathair fithchiod do bhuloguibh, na reitheadha sé fichid, na buic sé fichid, na húain don chéaid bhliadhuin sé fichid. Dob íad so tabhartuis na haltóra, tár éis a beith ungtha.
89
¶ Agus a nuair do bhi Máoise ar ndul a steach a ttabernacuil an chomhchruinnighthe do labhairt rís, ann sin do chuala sé guth neach ag labhairt ris a mach as cathaoir na trócaire noch do bhí air airc na fiadhnuise, ó edir an da cherubhin: agus do labhair sé ris.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36