bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Numbers 9
Numbers 9
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 10 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA re Máoise a bhfásach Sínai, annsa chéaidmhí don dara bliadhuin tar éis a tteachta amach as crích na Hégipte, dha rádh,
2
Cumhdaighdís clanna Israel mar an gcéadna an cháisg iona am iomchubhuidhe féin.
3
Annsa cceathramhadh la déag don mhíse, tráthnóna, cuimhdeochtháoi é iona am cinnte féin: do réir a uile ghnátha, agus do réir a uile chustuim, chuimhdeochtháoi é.
4
Agus do labhaír Máoise re cloinn Israel, an cháisg do choimhéad.
5
Agus do choimhéid síadsan an cháisg an ceathramhadh lá déug don cheaidmhí trathnóna a bhfásach Sínái: do réir a nuile neithe dar aithin an TIGHEARNA do Mháoise, is mar sin do rinneadar clann Israel.
6
¶ Agus do bhádar dáoine áirighe, do bhí truaillighe le corp dhuine mhairbh, go nar bhféidir leó an cháisg do chomhéud an lásin: agus tangadar a laithair Mhaóise agus a lathair Aaron an lásin féin.
7
Agus a dubhradar na dáoine sin ris, Atámuid neamhghlan ó chorp dhuine mhairbh: uimesin atamáoid gar gcongmhail air ar nais, nach bhféadmáoid ofráil díodhbuirt don TIGHEARNA na am cinnte féin a measc chloinne Israel?
8
Agus a dubhairt Máoise riú, Fanuidh bhur gcomhnuighe, agus cluinfe misi créud aithéonas an TIGHEARNA bhur ttaobh.
9
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA ré Máoise, ga rádh,
10
Labháir ré cloinn Israel, gá rádh, Má bhíonn éanduine aguibh no dá bhur sliochd neamhghlan ó chorp mharbh, no má bhíthi a tturus a bhfad úaibh, thairis sin cuimhdeochthaoi an cháisg don TIGHEARNA.
11
An ceathramhadh lá déag don dara mí trathnóna chuimhdeochtháoi é, íostaoi é maille ré harán gan láibhín agus re lubhionaibh searbha.
12
Ní fhúigfid síad éinní dhe go maidin, ni bhrisfid siad aonchnáimh dhe: do réir uíle órduighthe na Cásga cuimhdeochuid siad é.
13
Achd an duine bhias glan, agus nach bía ar turas, agus léicfeas thairis gan an cháisg do choimhéad, gearrfuighear an tanam céadna amach ó na mhuinntir: do chionn nach ttug sé leis ofráil an TIGHEARNA na ham cinnte féin, biaidh úalach á pheacuidh áir an bfear sin.
14
Agus ma thig coimhidhtheach ar cuairt bhar measc, agus ccuimhdeochuidh sé an cháisg don TIGHEARNA; do réir órduighthe na cásga, agus do réir a mhodha sin, do dhéana sé: éan ordúghadh amháin bhías aguibh araon don choimhídhtheach, agus don té bearthar san tír.
15
¶ Agus an la do tógbhadh suas an tabernacuil do fholuigh néull an tabernacuil, eadhon, páilliún na fiadhnuisi: agus trathnóna do bhí ar an ttabernacuil mar do bhiadh táimhseanadh tineadh, go maidin.
16
Is mar sin do bhi se a gcomhnuidhe: do fholchadh an néull é san ló, agus cosamhlachd teineadh sa noidhche.
17
Agus a nuáir do tógfuidh an néull súas ón tabernacuil, annsin do ghluaiseadh clann Israel: agus annsa nait a ccomhnuigheadh an néull, annsin do shuidheadh clann Israel a lóistíne.
18
Ar aithne an TIGHEARNA do ghluaiseadh clann Israel, agus ar aithne an TIGHEARNA do shuidhedís: an feadh do fhanfadh néull ar an ttabernacuil do chomhnuighedis annsna lóistínibh.
19
Agus a nuáir do fhanadh an néull a bhfad mórán do laéthibh ar an tabernacuil, annsin do choimhéadaidís clann Israel cúram an TIGHEARNA, agus ní aistrighedís.
20
Agus is mar sin do bhí a nuáir bhíodh an néull beagán do laéthibh air an tabernacuil; do réir aithne an TIGHEARNA do fhanaidís iona lóistínibh, agus do réir aithne an TIGHEARNA do ghluaisidís.
21
Agus is mar sin do bhí, a nuáir do fhanadh an néull ó thráthnóna go maidin, agus go ttógtháoi an néull súas ar maidin, annsín do ghluaisidís: mas do ló nó doidhche tógfuidh an néull súas, do ghluaisidís.
22
Nó da madh dhá lá é, nó mí, nó bliadhuin, do fhanfadh an néull ar an ttabernacuil, ag fuireach air, do chomhnuighedís clann Israel ann a lóistínibh, agus ní ghluaisidis: achd a nuáir a tógtháói súas é, do ghluaisedís.
23
Do réir aithne an TIGHEARNA do chomhnuighedís ioná lóistínibh, agus ar aithne an TIGHEARNA do ghluaisidis: do choimhéadaidis cúram an TIGHEARNA, ar aithne an TIGHEARNA le láimh Mhaóise.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36