bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 1
Revelation 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 2 →
1
An Taispeáint a bhí ag Íosa Críost, a thug Dia dó, lena dtarlóidh in am gairid a nochtadh dá sheirbhí-sigh; agus ar fhoilsigh sé í, ag cur a aingil chuig a sheir-bhíseach Eoin,
2
a thug fianaise faoi bhriathar Dé agus faoi fhianaise íosa Críost, faoina bhfaca sé.
3
Is beannaithe an té a léifeas briathra na tairngreachta os ard, agus is beannaithe an dream a éistfeas leis, agus a chomhlíonas a bhfuil scríofa inti; ó tá an t-am i bhfogas.
4
Beannacht ó Eoin chuig na seacht n-eaglais atá san Áise: Go raibh an grásta agaibh agus an tsíocháin ón té atá ann agus a bhí ann agus atá le teacht, agus ó na seacht sprid atá os comhair a ríchathaoireach,
5
agus ó Íosa Críost, an finné fíordhilis, an phríomhghin as slua na marbh, a bhfuil ardcheannas aige ar ríthe an domhain. Moladh leis an té a bhfuil grá aige dúinn agus a dʼfhuascail sinn ónár bpeacaí lena chuid fola féin,
6
agus a rinne ríocht dínn, sagairt dá Dhia agus dá Athair, mórghlóir agus ardchumhacht leis go saol na saol. Áiméan.
7
Feicfear é ag teacht le néalta neimhe, agus feicfidh gach súil é, agus feicfidh an dream é a sháigh le sleá é; agus beidh treibheanna uile an talaimh ag mairgneach dá bharr. Go mba amhlaidh a bheadh. Áiméan.
8
“Is mise an tAlfa agus an tÓmega,” is é a deir Tiarna Dia na gcumhacht a bhí agus atá ann agus atá le teacht.
9
Mise Eoin, bhur mbráthair, atá comhpháirteach sa chrá agus sa ríocht agus sa dochloíteacht atá in Íosa. Agus bhí mé ar an oileán dá ngairtear Patmos mar mhaithe le briathar Dé agus le fianaise Íosa.
10
Bhí mé faoi anáil an Spioraid lá an Tiarna, agus chuala mé an glór mór mar thrumpa taobh thiar díom
11
agus é ag rá liom, “Scríobh a bhfeicfidh tú i leabhar, agus cuir é chuig na seacht n-eaglais, an Eiféis agus Smirna agus Pergamón agus Tíatíra agus Sardis agus Filadelfia agus Laodicéa.”
12
Ba ansin a thiontaigh mé thart le hamharc a fháil ar an nglór a bhí ag labhairt liom, agus nuair a thiontaigh mé thart chonaic mé seacht gcrann solais órga,
13
agus i gceartlár na gcrann solais mar a bheadh mac duine ann, faoi léine go troigh, agus crios óir air faoi bhéal a uchta;
14
agus ceann bán gruaige air ar aon ghile na holla gile agus ar aon ghile an tsneachta; a shúile mar bhladhairí tine,
15
a chosa agus loinnir mar loinnir fhionndruine athleáite iontu, agus bhí glór a chinn mar thorann na mórthonnta;
16
agus seacht réalta aige ina láimh dheas, agus claíomh géar défhaobhrach as a bhéal amach, agus a ghnúis mar an ghrian ina lán-neart.
17
Ní luaithe a chonaic mé é, ná thit mé mar a bheinn maol marbh ag a chosa. Ach leag sé a lámh dheas orm, ag rá, “Ná bíodh eagla ort, is mise an té a bhí ann ar dtús, agus an té a bheas ann ar deireadh,
18
agus an té is bithbheo; is mé a chuaigh a dʼéag agus seo mé i mo bheo, go saol na saol, agus eochracha an bháis agus an Háidéas agam.
19
Agus scríobh anois a bhfeiceann tú dá bhfuil ann anois agus dá bhfuil letarlú ina dhiaidh seo.
20
Maidir le rúndiamhair na seacht réalta seo a chonaic tú agam i mo láimh dheas, agus na seacht gcrann solais órga, is iad na seacht réalta aingil na seacht n-eaglais agus is iad na seacht gcrann solais na seacht n-eaglais iad féin.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22