bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 6
Revelation 6
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 7 →
1
Anois bhí mé ag amharc ar an Uan nuair a scaoil sé séala de na seacht séala, agus chuala mé beithíoch de na ceithre bheithíoch á rá i nglór mar a bheadh toirneach ann, “Tar amach!”
2
Agus chonaic mé, agus bʼshiúd chugainn an t-each geal bán, agus bogha i láimh a mharcaigh; agus bronnadh coróin air, agus chuaigh sé amach a bhriseadh catha agus é i ndán dó an bua a fháil i ngach gleo.
3
Nuair a scaoil sé an dara séala, chuala mé an dara beithíoch ag rá, “Tar amach!”
4
Agus tháinig each eile ruadhearg amach, agus ceadaíodh dá mharcach an tsíocháin a dhíbirt den talamh, agus na daoine a chur a imirt báis ar a chéile; agus bronnadh claíomh mór airsean.
5
Nuair a scaoil sé an tríú séala, chuala mé an tríú beithíoch ag rá, “Tar amach!” Agus chonaic mé agus bʼshiúd chugainn an t-each dubh dorcha, agus meá i láimh a mharcaigh,
6
agus chuala mé mar a bheadh foghar gutha dhaonna i mease na gceithre bheithíoch ag rá, “Déanar ar bhuiséal cruithneachta, agus déanar ar thrí bhuiséal eorna; ach bí gan aon éagóir a imirt ar an ola agus ar an bhfíon!”
7
Nuair a scaoil sé an ceathrú séala, chuala mé glór an ceathrú beithíoch ag rá, “Tar amach!”
8
Agus chonaic mé, agus bʼshiúd chugainn an t-each mílítheach bán, agus ba é an Bás ainm an mharcaigh, agus lean an Háidéas ar a shála; agus ligeadh leo cumhacht os cionn cheathrú cuid na cruinne, lena marú le béal claímh agus le gorta agus le plá agus le beithígh fhiáine tire is talaimh.
9
Nuair a scaoil sé an cúigiú séala, chonaic mé faoi bhun na haltóra anamacha na ndaoine úd a cuireadh chun báis ar son bhriathar Dé agus ar son na fianaise a thug siad;
10
agus scairt siad in ard a ngutha, “Cá fhad, a Thiarna agus a Ardcheannasaí atá naofa fírinneach, go dtí go ndéanfaidh tú breithiúnas agus go mbainfidh tú amach éiric ár bhfola ó lucht áitithe an talaimh?”
11
Bronnadh ansin róba geal ar gach duine acu, agus dúradh leo suaimhneas a dhéanamh seal beag eile, go dtí go mba lán a lion agus lion a mbráthar agus a gcomhsheirbhíseach a raibh sé i ndán dóibh a gcur chun báis ar an nós céanna leo.
12
Nuair a scaoil sé an séú séala, dʼamharc mé uaim, agus bʼshiúd crith talaimh mór ann; agus dʼéirigh an ghrian chomh dubh le saicéadach, agus an ghealach iomlán mar fhuil,
13
agus thit réaltaí na spéartha chun an talaimh mar thorthaí geimhridh a chuireas crann fige de nuair a chroitheas gaoth an-mhór é;
14
agus chuaigh an spéir as mar chorn páipéir a bheadh á thochardadh, agus ardaíodh gach sliabh agus gach oileán as a áit agus a ionad.
15
Ba ansin a chuaigh ríthe agus maithe móra agus daoine uile an talaimh idir shaoir agus dhaoir i bhfolach i gcuasa agus i gcarraigeacha na sléibhte,
16
agus ghlaoigh siad mar seo ar na cnoic agus ar na creaga, “Titigí anuas in ár mullach dár bhfolach ó ghnúis an té a shuíos sa ríchathaoir, agus ó fhíoch an Uain:
17
óir tháinig lá mór a bhfeirge orainn, agus cé hé sin a sheasós roimhe?”
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22