bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 21
Revelation 21
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 22 →
1
Ba ansin a chonaic mé neamh úmua agus talamh úrnua; ó bhí deireadh leis an gcéad neamh agus leis an gcéad talamh, agus ní raibh aon fharraige ann ní ba mhó.
2
Agus chonaic mé an naomhchathair, an nua-Iarúsailéim, ag teacht anuas ó Dhia ó neamh, agus í cóirithe mar bhrídeog a mhaisítear le haghaidh a fir chéile;
3
agus chuala mé ardghlór ón ríchathaoir á rá, “Bíodh a fhios agaibh go bhfuil Dia ag dul a chónaí le daoine. Cónóidh sé leo, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia é féin leo;
4
agus triomóidh sé gach uile dheor dá súile, agus beidh deireadh leis an mbás, agus ní bheidh mairgneach ná caoi ná pian ann a thuilleadh, mar tá deireadh leis an seansaol a bhí ann go dtí seo.”
5
Agus dúirt an té a shuigh sa ríchathaoir, “Seo mé ag athchruthú na cruinne go léir as an nua.” Agus dúirt sé lena chois sin, “Scríobh é seo, ós fírinneach iontaofa na briathra iad.”
6
Agus dúirt sé liom, “Tá sé sin déanta! Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an tús agus an deireadh. Na daoine a bhfuil tart orthu, tabharfaidh mé uisce saor in aisce dóibh ó thobar fhíoruisce na beatha.
7
An té a bheireas an bua beidh an oidhreacht aige, agus beidh mé i mo Dhia aige agus beidh sé ina mhac agam.
8
Ach maidir leis na cladhairí meata agus na fealltóirí díchreidmheacha, agus na truailleáin shalacha, agus na dúnmharfóirí agus na drúiseoirí agus na hasarlaithe agus lucht adhartha na n-íola agus na bréagairí uile go léir, beidh a bpáirt siúd sa loch atá ar lasadh le tine agus le ruibhchlocha, agus is é sin an t-athbhás.”
9
Ba ansin a tháinig aingeal den mhórsheisear a raibh na seacht scála úd na seacht bplá deiridh acu, agus labhair sé liom mar seo, “Tar liom, go dtaispeána mé duit an Bhrídeog, banchéile an Uain.”
10
Agus thóg sé leis mé faoi anáil an Spioraid go sliabh mór ard, gur thaispeáin dom an naomh-chathair Iarúsailéim ag teacht anuas ó neamh ó Dhia,
11
agus glóir Dé aici; agus dealrú aisti mar lí na seoide ab uaisle, mar sheaspar a bhíodh ar aon ghile le criostal.
12
Bhí balla mór ard thairsti a raibh dhá gheata dhéag air, agus dhá aingeal déag ag na geataí, agus ainmneacha dhá threibh déag chlann Iosrael breactha ar na geataí;
13
trí gheata ar an taobh thoir, agus trí gheata ar an taobh thuaidh, agus trí gheata ar an taobh theas, agus trí gheata ar an taobh thiar.
14
Agus bhí dhá dhúshraith déag faoi bhalla na cathrach, agus ainmneacha dáréag aspal an Uain breactha orthu.
15
Bhí slat tomhais órga ag an té a bhí ag caint liom, leis an gcathair agus a geataí agus a ballaí a thomhas.
16
Tá an chathair leagtha amach ina cearnóg chothrom, arb ionann a fad agus a leithead; agus ghlac sé tomhas na cathrach lena shlat, dhá mhíle dhéag staid, is ionann a fad agus a leithead agus a airde.
17
Thomhais sé an balla lena chois sin, céad daichead is ceithre bhanlámh de réir an tomhais dhaonna, ó ba é sin an tomhas a bhí ag an aingeal.
18
Bhí an balla déanta de chlocha seaspair, agus ba de ghlan-ór ar aon ghile na gloine a bhí an chathair.
19
Bhí bunchlocha bhalla na cathrach maisithe leis an uile chineál seod; an chéad bhunchloch le seaspar, an dara ceann le saifír, an tríú le hagáit, an ceathrú le smaragaid,
20
an cúigiú le hoinisc, an séú le coirnéiliún, an seachtú le criosalít, an t-ochtú le beiril, an naoú le tópás, an deichiú le criosófrás, an t-aonú ceann déag le hiasaint, agus an dara ceann déag le haimitis.
21
Agus ba dhá phéarla dhéag iad an dá gheata dhéag, gach aon gheata as aon phéarla amháin, agus ba dʼór glan athleáite sráid na cathrach, agus é chomh soiléir le glome.
22
Ach ní fhaca mé teampall ar bith sa chathair, ós iad Tiarna Dia na gCumhacht agus an tUan a teampall.
23
Agus níl aon riachtanas ag an gcathair le soilsiú gréine ná gealaí, ós í glóir Dé a solas, agus ós é an tUan a lampa.
24
Agus beidh sí ina réalta eolais ag na ciníocha; agus tabharfaidh ríthe an talaimh a nglóir leo isteach inti,
25
agus ní dhúnfar a geataí sa lá—agus ní bheidh aon oíche ann;
26
agus beidh glóir agus onóir na gciníocha á n-iompar isteach inti.
27
Ach ní ligfear isteach aon ní neamhghlan, ná aon duine a chleachtas bréantas ná bréaga, ach an dream sin amháin a mbíonn a n-ainmneacha scríofa i leabhar bheatha an Uain.
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 22 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22