bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 2
Revelation 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 3 →
1
“Scríobh chuig aingeal na heaglaise atá san Eiféis mar seo leanas: ‘Briathra an té a mbíonn na seacht réalta aige i ngreim a láimhe deise, an té a shiúlas i gceartlár na seacht gcrann solais órga.
2
“ ‘Is feasach dom dʼoibreacha, agus an saothar agus an fhoighne atá déanta agat, agus nach féidir leat lucht an oilc a fhulaingt, ach gur chuir tú féachaint ar an dream sin a bhíos ag tabhairt aspail orthu féin nuair nach aspail iad, agus go bhfuair tú ina mbréagairí iad;
3
agus tá a fhios agam go bhfuil tú foighneach ag seasamh an fhóid ar son mʼainmse, gan bheith do do chloí.
4
Ach tá de locht agam ort, gur chaill tú do chéadsearc.
5
Cuimhnigh mar sin cá huaidh ar thit tú, agus beir ar dʼaithreachas agus déan an saothar a bhíodh á dhéanamh ar dtús agat. Mura ndéanann, tiocfaidh mé chugat agus tógfaidh mé do chrann solais as a ionad, mura ndéanann tú aithreachas.
6
Ach tá an méid seo agat, go bhfuil fuath agat dʼoibreacha na Nicolaíteach, a bhfuil fuath agam dóibh freisin.
7
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena ndeir an Spiorad leis na heaglaisí. Tabharfaidh mé toradh chrann na beatha le n-ithe don té a bheireas an bua, toradh an chrainn a bhíos i bParthas Dé.’
8
“Agus scríobh mar seo leanas chuig aingeal na heaglaise atá i Smirna: ‘Briathra an té a bhí ann ar dtús agus a bheas ann ar deireadh, a bhí marbh agus a dʼéirigh beo.
9
“ ‘Is feasach dom do chrá agus do bhochtaineacht (ach gur tú atá saibhir) agus tá fios agam faoi chúlchaint an dreama sin a deir gur Giúdaigh iad, agus nach Giúdaigh iad ach sionagóg Shátain.
10
Ná bíodh eagla ort faoina bhfuil le fulaingt agat. Dearc ar an diabhal atá ar tí cuid agaibh a chaitheamh isteach i bpríosún, do bhur bhféachaint, agus beifear do bhur gcrá ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mise coróin na beatha duit.
11
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena ndeir an Spiorad leis na heaglaisí. An té a fhaigheas bua ní dochar dó an t-athbhás.’
12
“Agus scriobh mar seo leanas chuig an eaglais atá i bPergamón: ‘Is é a deir an té a bhfuil an claíomh géar défhaobhrach aige.
13
“ ‘Tá a fhios agam cá bhfuil tú i do chónaí, san áit a bhfuil a richathaoir ag Sátan; agus go gcoinníonn tú greim daingean docht ar mʼainm agus nár shéan tú do chreideamh ionamsa go fiú i laethanta Antipas mʼfhinné, a bhi dílis dom, a cuireadh chun báis in bhur mease, san áit a mbíonn a áras cónaithe ag Sátan.
14
Ach tá beagán i dʼéadan agam: ó tá cuid de lucht leanúna Shátain ansin agat, a mhúin do Bhalac conas a chuirfeadh sé ceap tuisle i mbealach chlann Iosrael, le moladh dóibh bia a iobraíodh dʼíola a ithe agus drúis a chleachtadh.
15
Tá daoine agat mar an gcéanna a chloíos le teagasc na Nicolaíteach.
16
Déan aithreachas mar sin; agus mura ndéanann, tioefaidh mé chugat roimh i bhfad go gcuirfidh mé cogadh orthu le claíomh bhriathar mo bhéil.
17
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena ndeir an Spiorad leis na heaglaisí. An té a bheireas bua, tabharfaidh mé cuid den mhanna folaithe dó, agus tabharfaidh mé an chloch gheal dó, a bhfuil ainm úmua scríofa agam uirthi nach fios dʼaon duine amach ón té a dtugtar an t-ainm sin air.’
18
“Agus scriobh mar seo chuig aingeal na heaglaise atá i dTíatíra: ‘Is é a deir Mac Dé, a bhfuil súile mar bhladhairí tine ina cheann, agus a bhfuil cosa faoi a bhfuil loinnir na fionndruine iontu.
19
“ ‘Is feasach dom dʼoibreacha, agus do ghrá agus dʼfhoighne agus do sheirbhís agus do dhochloiteacht, agus aithním gur fearr críoch dhéanach na n-oibreacha seo agat ná a dtús.
20
Ach tá sé de locht agam ort, go ligeann tú don bhean Iesabel úd, a bhíos ag maíomh gur banfháidh í, agus í ag mealladh mo sheirbhíseach, ag múineadh dóibh drúis a chleachtadh agus bia a íobraíodh dʼíola a ithe.
21
Thug mé am di le haithreachas a dhéanamh ina drúis.
22
Féach, caithfidh mé i gcróilí leapa í, agus caithfidh mé an dream a dhéanas adhaltranas léi i gcráiteacht mhór, mura mbíonn aithreachas orthu ina ngníomhartha;
23
agus imreoidh mé bás tobann ar a gclann. Agus aithneoidh na heaglaisí uile gur mé a scrúdaíos an intinn agus an croí, agus cúiteoidh mé le gach duine agaibh de réir mar a thuill bhur ngníomhartha.
24
Ach is é a deirim leis an gcuid eile agaibh i dTíatíra, nár ghlac leis an teagasc seo, agus nár bhlais doimhneachta Shátain, mar a mholtar sa nath sin acu, ní chuirfidh mé breis ualaí oraibh, deirim libh,
25
ach coinnígí greim docht ar a bhfuil agaibh, go dtí go dtiocfaidh mé chugaibh.
26
An té a bheireas bua agus a leanas de mʼoibreachasa go deireadh thiar thall, tabharfaidh mé cumhacht dó os cionn na gciníocha,
27
agus cuirfidh sé smacht orthu le slat iarainn, mar shoithigh chré a ndéantar smionagar díobh, ar an nós céanna liomsa a fuair an chumhacht ó mʼAthairse;
28
agus bronnfaidh mé réalta na maidine air.
29
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena ndeir an Spiorad leis na heaglaisí.’
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22