bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 8
Revelation 8
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 9 →
1
Nuair a bhris an tUan an seachtú séala, bhí ciúnas ann ar neamh a mhair tuairim is leathuair an chloig.
2
Chonaic mé ansin seacht dtrumpa á dtabhairt do na seacht n-aingeal a sheasas i láthair Dé.
3
Agus tháinig aingeal eile a sheas os coinne na haltóra agus túiseoir órga aige; agus tugadh mórán túise dó lena meascadh le humaithe na naomh ar an altóir órga os comhair na ríchathaoireach;
4
agus dʼéirigh an túis ina toit maraon le hurnaithe na naomh ó láimh an aingil os comhair Dé.
5
Rug an t-aingeal ar an túiseoir ansin gur lion de thine ón altóir é agus gur chaith uaidh ar an talamh é; agus bhí roisteacha toirni agus ardghlórtha, agus splancacha tine, agus crith talaimh ann.
6
Ba anois a thosaigh na seacht n-aingeal a raibh na seacht dtrumpa acu a dhéanamh réidh lena séideadh.
7
Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tháinig cith de chlocha sneachta agus de thine, measctha le fuil, a thit ar an talamh; agus loisceadh trian an talaimh agus trian na gcrann, agus loisceadh an glasra uile.
8
Shéid an dara haingeal a thrumpa, agus teilgeadh mar a bheadh sliabh mór trí thine san fharraige;
9
agus thiontaigh trian an tsáile ina fhuil, agus fuair trian na gcréatúr beo san fharraige bás, agus scriosadh trian an loingis.
10
Shéid an tríú haingeal a thrumpa, agus thit réalta mhór as an spéir, agus é ar dianlasadh mar thóirse, agus thit sí ar thrian na n-aibhneacha agus na dtoibreacha uisce.
11
An Domlas ab ainm don réaltasan. Agus thiontaigh trian na n-uiscí ina ndomlas, agus bʼiomaí sin duine ar thug na huisci sin a bhás, ó dʼéirigh siad chomh searbh sin.
12
Shéid an ceathrú haingeal a thrumpa, agus bualadh trian na gréine agus trian na gealai agus trian na réaltaí; gur múchadh trian dá solas siúd; ionas gur chaill an lá trian dá sholas, agus mar an gcéanna don oíche.
13
Dʼamharc mé ansin, agus chuala mé scairt ard ó iolar a bhí ag eitilt idir spéir agus talamh, “Mo thrí thrua iad na daoine a chónaíos ar an talamh, de bharr bhloisc na dtrumpaí eile a bhfuil na trí aingeal ar tí a séidte!”
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22