bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 9
Revelation 9
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 10 →
1
Agus shéid an cúigiú haingeal a thrumpa, agus chonaic mé réalta tite ó neamh go talamh, agus tugadh eochair thobar an duibheagáin dó;
2
agus dʼoscail sé tobar an duibheagáin; agus dʼéirigh toit as an tobar mar thoit foiméise móire, agus dhorchaigh an ghrian agus an t-aer ó thoit an tobair.
3
Tháinig ansin lócaistí amach as an toit ar an talamh, agus tugadh cumhacht dóibh mar an chumh-acht a bhíos ag scairpe an domhain;
4
agus bhí sé crosta orthu baint le féar ná fás glas ná le crainn an talaimh, ná dochar a dhéanamh don chine daonna, ach amháin na daoine sin nach bhfuil séala Dé ar chlár a n-éadan;
5
a chead acu a bpianadh i gcaitheamh cúig mhí, ach gan a marú, agus bhí a bpianta mar an phian a thagas ó scairp nuair a chuireann sí a ga i nduine.
6
Agus sna laethanta úd beidh iarraidh ag na daoine ar a mbás gan é le fáil acu; agus dúil mhór acu le bás, agus an bás ag teitheadh uathu.
7
Agus is amhlaidh a bhí na lócaistí agus cuma orthu mar eachra gléasta chun catha; a gcimi mar a bheadh corónacha óir orthu; a ngnúiseanna mar ghnúiseanna daoine,
8
a bhfolt mar fholt ban, agus a bhfiacla mar fhiacla leon;
9
bhí lanna mar lúirigh chruach orthu, agus bhí gliogar as a sciatháin mar shlua mór capall is carbad ina rith chun catha.
10
Bíonneireabaill mar scairpe acu agus gathanna iontu, agus is ina n-eireabaill a bhíos a gcumhacht acu le pian chúig mhí a chur ar dhuine.
11
Bíonn aingeal an duibheagáin mar rí orthu; Abaddon is ea a ainm san Eabhrais, agus tugtar Apollíón, an scriostóir, air i nGréigis.
12
Tá an chéad mhairg thart; ach seo dhá mhairg eile le teacht go fóill.
13
Shéid an séú haingeal a thrumpa ansin, agus chuala mé glór as ceithre adharc na haltóra órga a bhíos os comhair Dé,
14
ag rá leis an séú haingeal a raibh an trumpa aige, “Scaoil na ceithre haingeal atá ceangailte ag abhainn mhór na hEúfráite.”
15
Scaoileadh mar sin na ceithre haingeal a bhí réidh ullamh ag fanacht le cothrom na huaire agus an lae agus na míosa agus na bliana ina maródh siad trian an chine dhaonna.
16
Bhí an marcshlua deich mile faoi dheich mile faoi dhó ann; chuala mé á gcomhaireamh iad.
17
Agus is amhlaidh a chonaic mé na heich agus na marcaigh i mʼfhís; bhí lúirigh ar dhath tine agus saifíre agus ruibhe ar na marcaigh, agus bhí cinn na n-each mar chinn leon ann, agus tine agus toit agus ruibh as a gcraos.
18
Mharaigh na trí phlá seo trian an chine dhaonna, mar atá an tine agus an toit agus an ruibh a tháinig amach as a gcraois.
19
Mar bíonn cumhacht na n-each ina mbéil agus ina n-eireabaill; bíonn a n-eireabaill mar nathracha nimhe a bhfuil cinn orthu, agus is leosan a dhéanann siad an dochar.
20
Agus an méid de na daoine a fágadh, nár thug na plánna seo a mbás, ní dheama siad aithreachas i saothar a lámh agus níor stad siad dʼadhradh na ndeamhan agus na n-íola dʼór agus dʼairgead agus de chré-umha agus de chloch agus dʼadhmad, atá gan amharc ná éisteacht ná siúl;
21
agus ní dhearna siad aithreachas sa dúnmharú ná san asarlaíocht ná sa drúis ná sa ghadaíocht a bhí déanta acu!
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22