bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 18
Revelation 18
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 19 →
1
Chonaic mé ina dhiaidh sin aingeal eile ag teacht ó neamh, a raibh cumhacht mhór aige; agus chaith a ghlóirsean solas ar fud an domhain.
2
Agus scairt sé in ard a ghlóir, “Thit sí, thit sí, an Bhabalóin a bhí mór! Rinneadh áitreabh deamhan di, agus ionad a mbíonn gach sprid dá shalaí dá tháire, agus gach éan dá bhréine agus dá dhéistiní ag tarraingt air;
3
ise ar ól na ciníocha uile dianfhion a drúise, a raibh ríthe an domhain mar leannáin leapa aid, a ndearna ceannaithe an domhain a saibhreas as láidr-eacht a sáile.”
4
Ba ansin a chuala mé glór cile ó neamh a dúirt, “Tagaigí aisti amach, a phobail is liom, ar eagla a bheith ciontach ina peacaí ar eagla a bheith páirteach ina plánna;
5
ó carnadh a peacaí chomh hard leis an spéir agus ó chuimhnigh Dia ar a coirpeachta.
6
Tugaigí tomhas a láimhe féin di, íocfaidh sí faoi dhó as a míghníomhartha; tabhair dhá oiread le n-ól di sa chupán céanna a thairg-eadh sí.
7
Dá mhéid é a mórtas agus a mínáire, tugaigí a chothrom sin de bhuaireamh agus de bhrón di. Deir sí ina croí, ‘Táim i mo shuí i mo bhanríon, ní baintreach mé, ní bhlaisfidh mé an brón go deo,’
8
dá bhrí sin tiocfaidh a cuid tubaiste uirthi le chéile in aon lá amháin, plá, agus brón, agus gorta, agus tine á loscadh beo; mar is cumhachtach é an Tiarna Dia a thugas breithiúnas uirthi.”
9
Agus beidh na ríthe uile úd an domhain a bhi ina leannáin aici ag cleachtadh drúise léi, ag sileadh deor agus á caoineadh nuair a íheicfeas siad a toit is í á loscadh.
10
Seas-faidh siad i bhfad amach uaithi, le heagla roimh a ciapadh, agus déarfaidh siad, “Faraoir géar! a chathair mhór, a chathair chumhachtach na Babalóine! Tháinig do bhreithiúnas ort in alt na haon uaire.”
11
Agus bíonn ceannaithe an domhain ag sileadh deor á caoineadh, ó nach gceannaíonn aon duine a thuilleadh lasta a long uathu,
12
lastaí dʼór agus dʼairgead, seoda agus péarlai, mínlínéadach agus corcra agus síoda agus scarlóid, adhmad cumhartha agus gach cineál ball trioca as eabhair agus as adhmad is daoire, cré-umha agus iarann agus mannar,
13
cainéal agus spíosraí, túis agus miorr agus fíon agus ola, plúr agus cruithneacht agus eallach agus caoirigh agus capall agus carbaid agus moghaí agus cumhla, is é sin, anamacha daoine.
14
“Dʼimigh na torthaí uait ba mhian le do chroí, chaill tú na bianna blasta agus an mhórchúis a bhí agat, gan fáil agat orthu arís choíche!”
15
Agus beidh ceannaithe na n-earraí seo, a rinne a saibhreas uirthi, ag fanacht i bhfad amach uaithi, le heagla roimh a ciapadh,
16
agus iad ag caoi agus ag mairgneach mar seo in ard a gcinn, “Faraoir géar, an chathair mhór sin a cóiríodh i línéadach min, i gcorcra agus i scarlóid, a maisíodh le hór agus le seoda agus le péarlai!
17
Cuireadh an saibhreas seo uile ar ceal i rith aon uair an chloig.” Agus sheas gach máistir soithigh agus seoltóir agus maiméalach agus loingseoir i bhfad amach uaithi
18
nuair a chonaic siad a dóiteán agus scairt siad, “Cad í an chathair a bhí inchurtha leis an gcathair mhór?”
19
Agus chaith siad luaith i mullach a gcinn, ag caoi agus ag mairgneach agus ag screadach os ard, “Mo mhíle brón i an chathair mhór a ndeama a raibh loingeas i bhfarraige acu a maoin as a saibhreas-sa! Rinneadh a creach in aon uair an chloig.
20
Bíodh áthas oraibh, a neamha, faoinar tharla di, idir naoimh agus aspail agus fháithe, óir tá breithiúnas tugtha ag Dia uirthi in bhur leith!”
21
Ba ansin a thóg tréanaingeal cloch ba chosúil le cloch mhór mhuilinn gur chaith amach san fharraige í, agus ar seisean, “Is mar sin a chaithfear cathair mhór na Babalóine anuas le fuinneamh is le forneart, go dtí nach mbeidh a lorg le fail;
22
ní bheidh cruitireacht ná ceol ná fuaim fideoige ná trumpa le cluinstin ionat ní ba mhó; ní bheidh ceardaí ná saor le fáil ionat ní ba mhó; ní bheidh aon bhróntóireacht le cluinstin ionat ní ba mhó;
23
ní bheidh solas lampa ag soilsiú ionat ní ba mhó; ní bheidh glórtha na lánúineacha nuaphósta ionat ní ba mhó; óir bhí do cheannaithe ina bhfir mhóra an domhain, agus bhí draíocht curtha agat ar na ciníocha uile.”
24
Agus fuarthas ciontach í i bhfuil na bhfáithe agus na naomh, agus inar dúnmharaíodh ar an domhan.
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 19 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22