bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 3
Revelation 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 4 →
1
“Agus scríobh mar seo chuig aingeal na heaglaise atá i Sardis: ‘Briathra an té a bhfuil seacht sprid Dé agus na seacht réalta aige. “ ‘Is feasach dom dʼoibreacha; tá ainm ort go bhfuil tú beo, agus is marbh atá tú.
2
Dúisigh, agus neartaigh a bhfuil fágtha agus atá i mbéala báis, mar measaim nach slán iad dʼoibreacha i bhfianaise Dé.
3
Cuimhnigh mar sin ar ar taobhaíodh leat agus ar ar chuala tú; agus coinnigh buan é, agus déan aithreachas. Mura ndúisíonn tú, tiocfaidh mé mar a thiocfadh gadaí ort, gan fios uair mo theachta agat.
4
Tá beagán ainmneacha agat i Sardis go fóill, de dhaoine nár shalaigh a n-éadach; agus siúlfaidh siadsan faoi éadach geal bán, ós fiú iad.
5
An té a bheireas bua beidh éadach geal air, agus ní scriosfaidh mé a ainm amach as leabhar na beatha: agus admhóidh mé a ainm os comhair mʼAtharsa agus os comhair a aingeal siúd.
6
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena ndeir an Spiorad leis na heaglaisí.’
7
“Agus scríobh mar seo chuig aingeal na heaglaise atá i bhFiladelfia: ‘Is é a deir an té atá fírinneach fíornaofa, an té a bhfuil eochair Dháibhí aige, an té nach ndúnfar ar oscail sé, agus nach n-osclófar ar dhún sé.
8
“ ‘Is feasach dom dʼoibreacha: Féach, dʼfhág mé an doras ar oscailt romhat nach féidir le duine ar bith a dhúnadh; tá a fhios agam go bhfuil mo bhriathar coinnithe slán agat agus mʼainm gan séanadh agat in ainneoin laige do bhri.
9
Feicfidh tú a ndéanfaidh mé le lucht shionagóg Shátain a mhaíos gur Giúdaigh iad agus atá bréagach ó nach bhfuil siad amhlaidh—feiefidh túgogcuirfidh mé iallach orthu teacht a umhlú ag do chosa, agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.
10
Ó choinnigh tú slán mo bhriathar seo na foighne agus na fadfhulaingthe, coinneoidh mise slán thú ón uair úd na féachana atá le teacht ar an domhan uile, le lucht áitithe an domhain a fhéachaint.
11
Ní fada go dtioefaidh mé; coinnigh greim daingean docht ar a bhfuil agat, ar eagla go mbéarfadh duine eile ar do choróinse.
12
An té a bheireas bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé; ní imeoidh sé amach as go deo, agus scríobhfaidh mé air ainm mo Dhé, agus ainm chathair mo Dhé, ainm na hlarúsailéim úrnua seo a thioefas anuas as na flaithis ó mo Dhia-sa, agus scríobhfaidh mé air freisin mʼainm úrnua dílis féin.
13
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena ndeir an Spiorad leis na heaglaisí.’
14
“Agus scríobh mar seo leanas chuig aingeal na heaglaise atá i Laodicéa: ‘Briathra an Áiméan, an finné fírinneach fíordhílis, ar tríd a tosaíodh cruthú Dé.
15
“ ‘Is feasach dom dʼoibreacha: níl tú fuar ná te! Is mairg nach bhfuil tú fuar ná te.
16
Mar sin, ó nach bhfuil tú ach leamh-the, gan fuacht ná teas ionat, sceithfidh mé amach as mo bhéal thú.
17
Is é a deir tú, Tá saibhreas agus séan agam, agus níl easpa aon ní orm; agus gan fhios agat nach bhfuil ionat ach truán bocht, tamocht, dall.
18
Comhair-lím duit dá bhrí sin ór leáite a cheannach uaim, go mbeidh tú saibhir, agus éadach geal lena chur ort chun nach bhfeicfear náire do nochtachta, agus íocshláinte lena cur ar do shúile chun go mbeidh an t-amharc agat.
19
Is iad lucht mʼansachta a bhíos á gceartú agus á smachtú agam; bí díograiseach mar sin agus déan aithreachas.
20
Siúd mé i mo sheasamh ag cnagadh an dorais; má éisteann aon duine le mo ghlór agus má osclaíonn sé an doras romham, tiocfaidh mise isteach chuige ansin go gcaithfidh mé bia leis, agus go gcaithfidh sé bia liom i mo chuideachta.
21
An té a bheireas bua, gheobhaidh sé cead uaim le suí liom ar mo ríchathaoir, mar a rug mise bua agus mar a shuigh mé le taobh mʼAtharsa ar a richathaoirsean.
22
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena ndeir an Spiorad leis na heaglaisí.’ ”
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22